Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ardu-croi-a-bhi-ann-pairt-bheag-a-ghlacadh-sna-cluichi-spoirt-uisce-do-chach

Ardú croí a bhí ann páirt bheag a ghlacadh sna Cluichí Spóirt Uisce do Chách

| Maitiu O Coimin | ,

Chaith mé an deireadh seachtain seo caite i gcomhluadar cuid de na daoine is deise a casadh orm riamh. Ar bhruach Loch Deirgeirt i nDroim Inbhir i gcontae Thiobraid Árann a bhí mé Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus mé i m’oibrí deonach ag na Cluichí Spóirt Uisce do Chách (Watersports Inclusion Games). 

Eagraíodh na Cluichí Spóirt Uisce do Chách den chéad uair i nDún Laoghaire in 2017 agus reáchtáladh cluichí eile in 2018 i nGaillimh agus in 2019 i gCionn tSáile. Bhí cluichí Loch Deirgeirt le bheith ar siúl in 2020 ach chuir an phaindéim deireadh leis an bplean sin. Bhí fanacht dhá bhliain ar rannpháirtithe agus oibrithe deonacha na gcluichí, ach ar deireadh thiar thall tháinig muid uilig le chéile i gclubtheach Chumann Luamh Loch Deirgeirt. 

Faraor géar bhí foláireamh aimsire i bhfeidhm ar feadh an deireadh seachtaine agus ní raibh cuid de na rannpháirtithe a bhí le bheith linn i láthair agus níor fhéad cuid de na heagraíochtaí a bhí le himeachtaí a chur ar fáil é sin a dhéanamh. An ghaoth mhór a chuir isteach orainn den chuid is mó ach níorbh aon chúnamh í an bháisteach throm a thit anuas ar na hoibrithe deonacha ar an láthair campála. 

Seoltóireacht Éireann i gcomhar le heagraíocht spóirt uisce eile – dála Churachóireacht Éireann, Rámhaíocht Éireann, agus Clársheoltóireacht Srutha Éireann – a eagraíonn na cluichí agus a chuireann na teagascóirí spóirt uisce ar fáil. Bíonn eagraíochtaí eile páirteach ann freisin – leithéidí an Chumainn um Ghortú Dromlaigh agus Cara, eagraíocht a chabhraíonn le daoine a bhfuil míchumas intinne orthu. 

Tugtar deis do dhaoine atá faoi mhíchumas – idir fhisiciúil agus intinne – triail a bhaint as spóirt éagsúla uisce. Is teagascóir seoltóireachta, cadhcála, seaschéaslóireachta agus bád innill mé féin, agus bhí scipéirí luamh, lucht na mbád iomartha, agus daoine eile nach iad i láthair le cabhrú le gach duine páirt a ghlacadh sna spóirt – cuid acu den chéad uair riamh. 

Reáchtáladh seacht seisiún i gcaitheamh an dá lá, uair an chloig i ngach seisiún, agus chuir mé aithne ar dhaoine óga áille lena linn. Ar an gclár seaschéaslóireachta a bhí mé don chéad lá ag spraoi agus ag splaiseáil le daoine óga iontacha, agus ar an deasc cláraithe do na báid ardluais a chaith mé an dara lá – arís eile ag labhairt leis na rannpháirtithe áille. 

Bhí idir óg agus aosta i láthair, daoine a tháinig astu féin agus daoine a tháinig lena muintir nó lena gcairde. Bhí seantaithí ag cuid acu ar an bhfarraige trí chumainn nó chláracha eile – labhair mé le fear álainn as Ros Eo i mBaile Átha Cliath faoin turas seoltóireachta a thug sé chun na Fraince le Sailability cúpla bliain ó shin, agus bhí daoine eile ann nach raibh riamh san uisce gan chaint ar bhád.

Bhí duine ann a dúirt liom go bhfuil sí ina cónaí cois abhann agus go bhfeiceann sí na báid ag dul thar an teach gach lá ach gur ghlac sí leis i gcónaí ‘nach rud é sin domsa’. Ardú croí a bhí ann í a fheiceáil ag dul isteach sa Johnny T (bád a dearadh go speisialta do dhaoine atá i gcathaoir rothaí) agus ag dul a zúmáil timpeall an locha. 

Beidh na Cluichí Spóirt Uisce do Chách ar siúl i mbaile Loch Garman an samhradh seo chugainn agus beidh fáilte roimh gach duine atá faoi mhíchumas, is cuma cén sórt, páirt a ghlacadh ann. Bhí ceathrar cainteoirí Gaeilge ar a laghad ann i measc na n-oibrithe deonacha agus cuirfidh muide fáilte mhór roimh rannpháirtithe a dteastaíonn uathu Gaeilge a labhairt ar an uisce freisin.

Níos mó