Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ardu-croi-a-bhi-i-la-stairiuil-bhrod-inis-eoghain’

‘Ardú croí a bhí i lá stairiúil Bhród Inis Eoghain’

| sean o dubhchon | ,

Ba lá stairiúil é an 5 Meitheamh 2022 i nDún na nGall, nach ndéanfaidh go leor daoine dearmad go deo ar. Tá Mí an Bhróid faoi lán seoil agus, den chéad uair riamh, cuireadh féile bhróid ar siúl i dTír Chonaill. Bród Inis Eoghain a bhí ann, agus mórshiúl eagraithe i mBun Cranncha in oirthuaisceart an chontae. 

Ócáid eisceachtúil a bhí ann. Is i mbailte móra den chuid is mó a eagraítear imeachtaí mar seo. Tá seantaithí againn ar fhéilte ar nós Bhród Bhaile Átha Cliath, agus le bheith go hiomlán ionraic, ní rabhamar cinnte cén cineál slua nó cén cineál atmaisféir a bheadh ann ag Bród Inis Eoghain. 

Thaistil mé féin go Bród Inis Eoghain i gcuideachta slua galánta as an bhFál Carrach i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhíomar fiosrach ar bealaigh, mar go mbeidh an dara féile bhróid riamh sa chontae á heagrú ar an Fhál Charrach, i lár na míosa seo chugainn. Reáchtálfar Bród na Gaeltachta ón 18-23 Iúil, agus réimse leathan imeachtaí do gach aoisghrúpa ann. Is é Pól Penrose cathaoirleach an chomharghrúpa Bród na Gaeltachta agus tuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh féilte bróid a reáchtáil i nDún na nGall. 

“Roimhe seo, dá mbeifeá ag iarraidh dul agus Bród a cheiliúradh, bheadh ort imeacht leat amach as an chontae, go Doire nó Béal Feirste nó Baile Átha Cliath agus bhí siad ar shiúl ó áit dúchais s’acu féin, agus mar sin, sílim gur rud galánta é go mbeidh seo ar siúl. 

“Mar atá a fhios againn, imíonn cuid mhór muintir óga amach as an chontae agus daoine níos sine fosta, le poist a fháil agus le dul chun an choláiste, agus corruair, níl na hócáidí nó na féilte nó an Bród ann le teacht ar ais. Rud ar dóigh atá ann go bhfuil seo ag tarlú,” a dúirt sé.

Thug sé ardú croí dúinn ar dtús nuair a chonaiceamar líon na ndaoine a bhí i mBun Cranncha do Bhród Inis Eoghain, idir iad siúd a bhí ag glacadh páirt sa mhórshiúl agus iad siúd a tháinig le tacaíocht a léiriú ar thaobh na sráide. Deirtear go raibh breis an míle duine ar fad ansin don fhéile agus bhí atmaisféar fíorspeisialta ann. Bhí dearfacht ann ar an lá atá fíordheacair a mhíniú agus níos deacra fós a chruthú nó a phleanáil.  Bhí roinnt mhaith dínn a bhí ag freastal ar Bhród Inis Eoghain ag dréim le roinnt naimhdis, rud nár tharla, agus ba mhór an spreagadh agus an tacaíocht a bhí ann don phobal LADT+ i dTír Chonaill agus in iarthuaisceart na tíre i gcoitinne. 

I ndiaidh dúinn Comhionannas Pósta a bhaint amach sa reifreann a tharla in 2015, tá an-chuid daoine nach dtuigeann cé chomh tábhachtach is atá féilte ar nós Bhród Inis Eoghain agus Bród na Gaeltachta. Tá an-chuid fós le déanamh ó thaobh cearta agus comhionannas de don phobal LADT+. Thug na dúnmharuithe i Sligeach le déanaí, inar maraíodh beirt fhear – Aidan Moffitt agus Michael Snee – le fios dúinn go bhfuil eilimintí láidre inár sochaí atá go mór in éadan an chomhionannais. Tá ardú ag teacht ar ionsaithe agus an homafóibe le feiceáil go laethúil sa tír seo. 

Ach tá ról tábhachtach eile ag Bród. Tá géarghá le hardáin do dhaoine nó grúpaí pobail LADT+ iad féin a chur in iúl agus aithne a chur ar a chéile. Is cuma más faoin tuath nó i gcathair atá cónaí ort mar dhuine LADT+, bíonn sé deacair aithne a chur ar dhaoine eile ón phobal sin. Tá grúpaí tagtha le chéile i ngach cearn den tír agus réimse leathan de rudaí ar bun acu, agus bhí sé fíorghalánta na daoine agus na grúpaí sin a fheiceáil ag Bród Inis Eoghain an Domhnach seo caite. Grúpaí sóisialta den chuid is mó a bhí ann, agus roinnt mhaith coistí ó fhéilte Bróid i gcontaetha eile. 

Bhí comharghrúpa Bród na Gaeltachta i measc na ngrúpaí a bhí i láthair ag Bród Inis Eoghain, agus i gceann sé seachtaine, beidh Bród na Gaeltachta ar siúl ar an Fhál Charrach, i bparóiste Chloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill. Is comharghrúpa LADTA+ de chainteoirí Gaeilge agus Béarla iad Bród na Gaeltachta. Fuair Pól Penrose an spreagadh Bród na Gaeltachta a bhunú le linn na dianghlasála. 

“Le cúpla bliain anuas, ó tharla an phaindéim, cha raibh a dhath ag dul, agus shíl mé gur seo an t-am ceart le seo a dhéanamh. Anuraidh, mar chéad choiscéim, chuir muid suas cúpla brat i Siopa an Phobail ar na Crosbhealaí, agus thug sin an sórt spreagadh dom smaoineamh níos doimhne agus grúpa a tharraingt le chéile le cuidiú leis na himeachtaí uilig a chur le chéile,” a dúirt sé.

Beidh Bród na Gaeltachta ar siúl i bparóiste Chloich Cheann Fhaola i mbliana. Is ceantar é atá báite sa chultúr, idir chúrsaí ceoil, drámaíochta, litríochta, craoltóireachta agus eile, rud atá amhlaidh i gceantair Ghaeltachta eile ar fud na tíre. Cé go mbeidh Bród na Gaeltachta ar siúl ar an Fhál Carrach i mbliana, ceapann Pól go mbeadh sé go hiontach dá mbeadh Bród a cheiliúradh i gceantair eile Ghaeltachta amach anseo. 

“Tá súil agam go mbeidh go leor áiteanna eile ag teacht le chéile ar an bhliain seo chugainn,” a dúirt sé.

Beidh féile Bród na Gaeltachta uathúil ó Bhród Inis Eoghain agus go leor féilte Bróid eile, ós rud é go raibh Bród Inis Eoghain bunaithe thart ar mórshiúl amháin. Beidh seachtain iomlán d’imeachtaí cultúrtha ag tarlú mar chuid de Bhród na Gaeltachta. 

“Táimid ag iarraidh go mbeidh an pobal uilig páirteach agus caithfimid rudaí a chur ar siúl d’achan duine. Beidh drámaí, filíocht, ceol, ceardlanna i rith na seachtaine; ceardlanna ealaíne, filíochta agus scríbhneoireachta. Beidh go leor léachtaí againn i rith na seachtaine. Tá daoine suimiúla againn fá choinne na léachtaí agus daoine atá fiánta tábhachtach don phobal LADTA sa tír seo agus na Gaeltachta. Beidh siúlóid againn ar an Domhnach leis an Donegal Gay Walking Group le siúlóid a dhéanamh thart ar an cheantar, agus lón ina dhiaidh. Beidh an file Annemarie Ní Chuireáin ann. Beidh Mel Bradley ag déanamh seó s’aici. Agus ansin beidh mórshiúl againn ar an Satharn, an 23 Iúil,” a dúirt Pól. 

Fógrófar clár ama d’imeachtaí do Bhród na Gaeltachta go luath. Beidh Bród na Gaeltachta ar siúl ó 18-23 Iúil agus tá breis eolais ar fáil ag an suíomh idirlín http://brodnagaeltachta.ie/ agus ar leathanaigh Bhród na Gaeltachta ar Instagram @brodnagael, Twitter @BrodnaG agus Facebook @BRÓD na Gaeltachta. 

Níos mó