Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cinneadh-geallta-faoi-thoghchan-udaras-na-gaeltachta

Cinneadh geallta faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh an t-athbhreithniú ar an gcinneadh fáil réidh le toghchán Údarás na Gaeltachta curtha i gcrích roimh thús an gheimhridh.

Is go gairid ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 2023, a rachaidh tréimhse an Bhoird atá ann faoi láthair in éag.

Ag labhairt dó sa Dáil aréir, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh sé “tráthúil” go ndéanfaí an t-athbhreithniú anois i bhfianaise an méid athruithe atá tagtha ar chúraimí an Údaráis le deich mbliana anuas. Luaigh sé go sonrach cúram na pleanála teanga a bheith anois ar an eagraíocht.

“O tharla go mbeidh tréimhse an bhoird reatha caite in Eanáir 2023, ta sé tráthúil go ndéanfaí athbhreithniú den chineál atá beartaithe anois,” arsa Chambers.

“Tá an oiread sin athruithe tagtha ar chlár oibre na heagraíochta ó 2012 i leith, lena n-áirítear feidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhfuil a rath ag brath ar ionchur agus glór leanúnach a bheith ag an bpobal ón mbonn aníos.

“I dtaca leis seo, aithnítear go bhféadfadh cur chuige malartach a bheith tráthúil dá mbeadh próiseas ní ba daonlathaí agus cur chuige leasaithe i leith comhdhéanamh agus próiseas roghnúcháin-toghcháin an bhoird.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh críoch curtha ag a Roinn leis an bpróiseas comhairliúcháin poiblí faoi struchtúr Bhord an Údaráis agus ceist an toghcháin.

Bhí súil aige a dúirt sé go gceapfar gan “rómhoill” sainchomhairleoirí chun scagadh a dhéanamh ar na tuairimí a léirigh an pobal. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh a gcuid oibre déanta ag na comhairleoirí roimh thús an gheimhridh agus go ndéanfadh sé féin agus an tAire Catherine Martin cinneadh faoin athbhreithniú an uair sin.

Nuair nár léirigh aon dream spéis sa chéad phróiseas tairisceana a bhí ag Roinn na Gaeltachta, shocraigh an Roinn go ndéanfaidís féin an próiseas comhairliúcháin a reáchtáil agus go n-eagrófaí comórtas eile chun teacht ar chomhlacht neamhspleách chun anailís agus moltaí a dhéanamh ar thorthaí an phróisis sin.

Agus an cheist á plé aici leis an Aire Stáit sa Dáil aréir, dúirt an Teachta Dála Mairéad Farrell go raibh sé tábhachtach go dtabharfaí “soiléireacht” do mhuintir na Gaeltachta faoi cad atá i gceist a dhéanamh faoi cheist thoghchán an Údaráis.

“Más rud é go mbeidh toghcháin ann, is dócha go gcaithfear iad a bheith ann chomh luath agus gur féidir,” arsa Mairéad Farrell.

Tá Sinn Féin ar son an toghchán mar a bhíodh a thabhairt ar ais.  Deir Sinn Féin go bhfuil an cheist faoin toghchán a thabhairt ar ais “socraithe” mar go bhfuil muintir na Gaeltachta ar a son,

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

In agallamh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie anuraidh dúirt sé gurb é “a thuairim phearsanta” go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Bíodh is go bhfuil an t-athbhreithniú fós le déanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis, tá leid tugtha ag an Aire Stáit gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

Dúirt sé go mbeadh sé “réasúnta” iarracht a dhéanamh “ionadaíocht phobail a neartú ag leibhéal an Bhoird”.

Ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘socraithe’ mar sin atá ‘de dhíth’ ar an bpobal

Toghcháin éagsúla d’earnálacha áirithe i measc na moltaí a scrúdófar san athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Iarchathaoirligh ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tacú le hathbhunú toghcháin

Tuairimí an phobail le lorg go luath faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

Níos mó