Díríonn an t-alt seo ar na cúrsaí iarchéime le Gaeilge atá á bhfógairt ag na hinstitiúidí oideachais i gCúige Laighean. Leanann sé ar aghaidh ón alt Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Mumhan, a chuir tús leis an tsraith seo.
Tá súil againn go mbeidh an liosta seo úsáideach duit agus tú ag smaoineamh ag dul ar aghaidh le do thuras foghlama.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
MA Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge
bliain amháin (lánaimseartha) |
Dírithe ar scoláirí na teanga Ghaeilge agus a litríocht agus ar siúd atá ag oibriú leis an Ghaeilge. |
MA Nua-Ghaeilge
bliain amháin (lánaimseartha) |
Le linn an chúrsa seo déantar dianstaidéar ar an nGaeilge, idir theanga, chultúr agus litríocht. |
Tá tuilleadh eolais ar chúrsaí iarchéime ag Scoil na Gaeilge, agus níos mó faoi chúrsaí foghlama agus cruinnis teanga ag Gaeltacht UCD.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
MA Nua-Ghaeilge
bliain amháin (lánaimseartha) |
Cúrsa é seo dóibh siúd ar spéis leo eolas leitheadach domhain a chur ar theanga agus ar shaíocht na Gaeilge ar mhaithe le forbairt ghairmiúil agus forbairt phearsanta. |
An Dioplóma Iarchéime / M.A. san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar Líne)
dhá bhliain (páirtaimseartha) |
Dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. |
Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas
dhá bhliain (lánaimseartha) |
Dírithe ar mhúinteoireacht bunscoile, curtha ar fáil ag Roinn Frobel. |
Tá tuilleadh eolais ar na cúrsaí agus réimsí taighde eile ag Roinn na Nua-Ghaeilge. Is féidir teacht ar eolas faoi chúrsaí foghlama teanga, aistriúchán agus teagasc ag Lárionad na Gaeilge.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach
dhá bhliain (páirtaimseartha) |
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu. |
MA i Léann na Gaeilge
bliain amháin (lánaimseartha) |
Is cúrsa nuálach comhaimseartha é an MA i Léann na Gaeilge ina soláthraítear deis do mhic léinn sainscileanna acadúla a ghnóthú trí iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar theanga, ar chultúr, agus ar litríocht na Gaeilge |
MA i Staidéar an Aistriúcháin
bliain amháin (lánaimseartha) |
Cúrsa bliana a díríonn ar ardoiliúint theangeolaíoch agus theicniúil. |
Teagasc na Gaeilge i Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas
Breis eolais anseo dhá bhliain (lánaimseartha) |
Díríonn modúil Theagasc na Gaeilge ar oideolaíochtaí do theagasc na Gaeilge mar chéad (T1) agus mar dhara teanga (T2) sa bhunscoil. |
Tá tuilleadh ar na cúrsaí ag Scoil na Gaeilge nó Oifig na Gaeilge.
Tháinig Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheisceart a bhunú.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meán
(eolas breise le fáil ó Nemeton) bliain amháin (lánaimseartha & páirtaimseartha) |
Tá ár gCúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa inár rannóg is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. |
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunscoil)
dhá bhliain (lánaimseartha) |
Ullmhaíonn an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) céimithe le dul isteach i ngairm na múinteoireachta. |
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil (ar líne)
Bliain amháin (páirtaimseartha) |
Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo na rannpháirtithe a ullmhú do scrúduithe earcaíochta an AE ach ar ndóigh ní féidir le hÓstaí an Rí aon ráthaíocht a thabhairt go n–éireoidh leis na rannpháirtithe poist a bhaint amach leis an AE tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú. |
Ard–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge (ar líne)
Bliain amháin (páirtaimseartha) |
Cúrsa cuimsitheach sa Dlí agus sa Ghaeilge d’abhcóidí agus d’aturnaetha agus do dhaoine gairmiúla a oibríonn leis an dlí agus leis an nGaeilge. |
|
|
Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige | Achoimre Ghearr ón gColáiste |
Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán
15 mhí (páirtaimseartha) |
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa sa teanga. |