Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
ga-leis-an-mbean-an-ti-agus-leis-an-mbru-chun-dothain-loistin-a-chur-ar-fail-sa-ghaeltacht-–-taighde-nua

Gá leis an mbean an tí agus leis an mbrú chun dóthain lóistín a chur ar fáil sa Ghaeltacht – taighde nua

Tá “géarghá” lena aithint go mbeidh ról ag an mbean an tí agus ag an mbrú i soláthar lóistín do dhaltaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta amach anseo, a deirtear i dtaighde nua.

Deirtear sa taighde, a rinne an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó DCU do Choláistí Chorca Dhuibhne, go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le córas traidisiúnta na mban tí sa Ghaeltacht agus le córas an bhrú.

Ceann de na míbhuntáistí is mó a bhaineann le córas na mban tí ná a dheacra is a bhíonn sé le tamall mná tí agus fir tí a fháil chun scoláirí a choimeád, a deirtear.

Tá ganntanas mór ban tí i gCorca Dhuibhne agus i gceantair Ghaeltachta eile an samhradh seo agus rinneadh an taighde mar chuid d’iarratas atá á dhéanamh ag Coláistí Chorca Dhuibhne ar thacaíocht ó Roinn na Gaeltachta chun brú a thógáil le lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

“Tá amhras níos mó ná riamh faoi inmharthanacht Choláistí Chorca Dhuibhne mar gheall ar an nganntanas leapacha agus beidh impleachtaí ann do ghnólachtaí áitiúla agus do ghnéithe eile d’obair an Chomharchumainn,  an fhorbairt pobail agus an Phleanáil Teanga mar shampla,” a deirtear sa tuarascáil nua.

Léirítear imní sa taighde, áfach, go mb’fhéidir gurb é “réiteach” Roinn na Gaeltachta ar fhadhb lóistín Choláistí Chorca Dhuibhne ná “na scoláirí́ sin a chur i dtreo ceantair Ghaeltachta eile”.

Bheadh sé sin tubaisteach do cheantar Chorca Dhuibhne,” a deirtear. 

Deirtear sa taighde gur tháinig laghdú 27% ar líon na dteaghlach i gcóras na mban tí sa Ghaeltacht idir 2019-2022. De réir fhigiúirí CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge, faoi mhí an Mhárta bhí 142 teach agus 1,678 leaba níos lú i gcóras lóistín na mban tí i mbliana.

Tuairiscíodh i mí Bhealtaine na bliana seo go raibh sé choláiste samhraidh dúnta i mbliana agus a thuilleadh i mbaol mar gheall ar na fadhbanna móra atá ann i mbliana teacht ar mhná tí.

Luaitear cúiseanna éagsúla sa taighde leis an “titim thubaisteach” ar líon na mban tí, an phaindéim agus na cúrsaí a bheith curtha ar ceal le dhá bhliain anuas ina measc. 

Ar na cúiseanna eile, luaitear an táille a íoctar in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche. €10 an táille a bhí ann nuair a rinneadh an taighde ach ardaíodh é go dtí €11 ina dhiaidh sin.

Moltar i Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne go n-ardófaí an táille go dtí €12.50 in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche agus go mbeadh an táille ag teacht leis an ráta boilscithe feasta.

Ar na cúiseanna eile a luaitear leis an laghdú ar líon na mban tí tá “an iomarca freagrachtaí́ a bheith ag baint leis an obair sa lá atá inniu ann agus mná agus fir tí “ag feidhmiú́ in loco parentis”. 

Luaitear freisin scoláirí́ a bheith “ró-éilitheach” agus an t-ardú ar an gcostas a bhaineann le lóistín a chur ar fáil. Deirtear gur fadhb chomh maith í nach mbíonn aon ranníocaíochtaí pinsin ann. 

Moltar go leagfaí síos plean cúig bliana chun go bhfeicfeadh na mná tí an buntáiste a bhainfeadh leis na socruithe nua agus an táille a bheith ceangailte leis an ráta boilscithe.

Deirtear gur léir nach mbeidh “tobar sásúil” ban agus fear tí ar fáil i gCorca Dhuibhne amach anseo. 

“D’fhéadfadh go leor cúiseanna a bheith leis seo ach is cinnte go bhfuil baint ag baile mór turasóireachta an Daingin a bheith i gceartlár an cheantair. 

“Tugann sé seo roghanna eile fostaíochta do shealbhóirí i gceantar Chorca Dhuibhne nach bhfuil ar fáil, b’fhéidir, i gceantair Ghaeltachta eile.”

Deirtear gurbh fhiú €2 mhilliún in aghaidh na bliana na coláistí samhraidh do Choláistí Chorca Dhuibhne agus gurbh fhiú thart ar €7 milliún na cúrsaí do gheilleagar na leithinse.  

Deirtear gur tháinig laghdú 25%, ó €2 milliún go dtí €1.5 milliún, ar an dteacht isteach ó na coláistí i mbliana i gcomparáid le 2019.

Deirtear sa tuarascáil taighde nua chomh maith go mbaineann buntáistí agus míbhuntáistí leis an dá chur chuige ó taobh fhoghlaim na Gaeilge de agus nach gá gur fearr a d’fhoghlaimeodh an scoláire a bheadh ag fanacht le bean an tí an Ghaeilge ná an scoláire a bheadh ag fanacht i mbrú.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge