Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
kate-bush-–-an-ceannrodai-ceilte

Kate Bush – an ceannródaí ceilte

| sean o dubhchon | ,

Tá Kate Bush ina suí ag barr na gcairteacha anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i dtíortha eile ar fud an domhain lena amhrán cáiliúil ‘Running Up That Hill’. Rás fada ar fhána ghéar a bhí ann. Eisíodh ‘Running Up That Hill’ den chéad uair i mí Lúnasa 1985, an chéad singil ón albam Hounds Of Love, an cúigiú halbam a d’eisigh Kate Bush. 

Tá na milliúin daoine ar fud na cruinne tar éis aithne a chur ar an amhrán ‘Running Up That Hill’ agus ar Kate Bush í féin i ndiaidh don amhrán a bheith ar fhuaimrian i radharc tábhachtach sa tsraith theilifíse Stranger Things. Nós seanbhunaithe atá ann amhráin a úsáid le cur le scannáin, cláir theilifíse agus fógraí, agus ba mhinic a bhain na hamhráin seo rath agus séan amach i gcairteacha ceoil. 

Is feiniméan difriúil é scéal ‘Running Up That Hill’, agus tá Kate Bush i ndiaidh trí churiarracht a shárú lena móramhrán ó lár na n-ochtóidí. Tá an t-aistear is faide go barr na cairte riamh déanta ag ‘Running Up That Hill’. Bhain an rian a cheann scríbe amach 37 bliain i ndiaidh don amhrán a bheith eisithe den chéad uair. Ní hamháin sin, ach tá sé 44 bliain ó bhain Kate Bush barr na cairte a bhaint amach roimhe seo, nuair a chaith ‘Wuthering Heights’ seal ag uimhir a haon sa bhliain 1978. 

Spéisiúil go leor, is í Kate Bush an bhean is sine a bhain barr na cairte amach, agus í trí bliana agus trí scór le linn do ‘Running Up That Hill’ a bheith mar an t-amhrán is rathúla sa tír. Deirim gur rud spéisiúil é, mar gurb í an Kate Bush céanna a bhain barr na cairte amach le ‘Wuthering Heights’ i 1978. Ní raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois agus ba í Kate an chéad bhean a chum agus a chan amhrán a bhain barr na cairte amach. 

Tá na milliúin ag cur aithne ar Kate Bush don chéad uair, gan clú dá laghad ar eolas acu fúithi roimhe seo. Ach, sula raibh an domhan siúlta ag Madonna, Taylor Swift, Adele, Lady Gaga agus go leor amhránaithe is scríbhneoirí eile, d’athraigh Kate Bush an tírdhreach ceoil do na mná a bhí ag iarraidh a cuid ceoil féin a roinnt leis an domhan mór. 

Ba cheannródaí í Kate Bush i gcónaí. Táimse faoi dhraíocht aici ó bhí mé cúig bliana déag d’aois agus faighim tuiscint níos doimhne ar a cuid ceoil de réir má a théim in aois. Cheannaigh mé a céad albam The Kick Inside ar dhlúthdhiosca i Zhivago Records. Bhíomar ar thuras scoile i nGaillimh agus chaith mé an turas ar ais go Dún na nGall ag cur aithne ar a cuid amhráin eisceachtúla. Níor stop mé ag éisteacht léi ó shin.  

Ba é ceann de na rudaí a tharraing mo chuid airde ná na heilimintí Gaelacha ina cuid ceoil. Thacaigh ceoltóirí iomráiteacha na tíre seo ar nós Donal Lunny, Liam O’Flynn, John Sheahan, Seán Keane, Davy Spillane, Bill Whelan agus Kevin Burke le Kate a hoidhreacht Éireannach a léiriú ina cuid amhrán.  De réir mar a chuir mé i bhfad níos mó aithne ar a cuid ceoil, thuig mé gur amhránaí agus scríbhneoir eisceachtúil í. 

D’aithin David Gilmour, ball den bhanna iomráiteach Pink Floyd, a cumas eisceachtúil mar dhéagóir. Nuair a bhí sí sé bliana déag, thacaigh Gilmour léi demo a thaifead agus ní fada go raibh conradh taifeadta sínithe aici le EMI. Chaith Kate dhá bhliain ag scríobh, ag taifead, ag déanamh gigeanna i dtithe tábhairne beaga thart ar London, agus ag déanamh traenáil damhsa le Lindsey Kemp, ionas go mbeadh sí ullamh le bheith ina réalta phopcheoil. 

Bhí a céad albam críochnaithe ag deireadh 1977 agus saothar réabhlóideach a bhí ann. Ar The Kick Inside, scríobh agus chan Kate na hamhráin ar fad ina haonar, agus rinne sí go leor den tionlacan ceoil ar an albam. Is é Andrew Powell a bhí roghnaithe le léiriú a dhéanamh ar an gceirnín seo, ach ní raibh aon duine in ann a shéanadh gurb í Kate a bhí ag croílár an tsaothair seo. Sna seachtóidí, is fíorannamh a bhí an meas agus an cead tugtha do mhná a bheith i gceannas mar seo. Bhí Kate Bush ag briseadh talamh nua. 

Duine staidéarach a bhí inti ón tús, agus féith an ghnó go smior inti. Tháinig géarchéim chun cinn nuair a bhí Kate agus EMI ag iarraidh a céad singil a roghnú. Thaitin an t-amhrán rac ‘James and the Cold Gun’ go mór leis an gcomhlacht, ach bhí Kate go mór i bhfabhar ‘Wuthering Heights’. Sheas Kate an fód. Bhain ‘Wuthering Heights’ barr na cairte amach i Márta 1978 agus léirigh Kate gur fiú ór í. Tá sé de nós ag EMI le blianta ligean di agus gan bheith ina bhac uirthi. Is amhránaí agus scríbhneoir eisceachtúil í agus tuigeann siad sin go rímhaith. 

Go luath ina dhiaidh sin, bhunaigh Kate a comhlacht foilseacháin féin, Kate Bush Publishing, agus a foireann bainistíochta féin, Novercia, le bheith i gceannas ar gach gné dá ceard agus dá gairm bheatha. Tá srian coimeádta aici ar a saol agus a saothar ó shin. 

Nuair a rinne Kate a céad chamchuairt, lean sí uirthi leis an cheannródaíocht. Theastaigh uaithi a bheith in ann canadh agus damhsa ag an am céanna agus í ag déanamh The Tour Of Life, agus chruthaigh Kate agus a hinnealtóir fuaime Martin Fisher gléas cinn le cabhrú léi an sprioc seo a bhaint amach. Tá gléasanna cinn mar seo le feiceáil go forleathan i bpopcheol an lae inniu, buíochas le Kate Bush.

Is léir an tionchar a bhí ag The Tour Of Life ar cheoltóirí ar nós Madonna, Janet Jackson, Britney Spears agus Lady Gaga a tháinig ina diaidh. D’úsáid Kate damhsa, draíocht, mím, soilse agus go leor eilimintí eile le cur leis an gceol, ar bhealach nach ndearna popamhránaithe roimhe sin. 

Lean sí leis an nós seo agus í ag canadh ar an teilifís agus sna físeáin cheoil a chruthaigh sí dá amhráin. Ní raibh MTV ar an bhfód ag an am seo go fóill, ach thuig Kate cé chomh cumhachtach is a bhí físeáin lena cuid ceoil a scaipeadh. Bhí a cuid físeáin ceoil ar nós gearrscannáin, lán de scéalaíocht, drámaíocht agus cóiréagrafaíocht den scoth. Is dea-shamplaí iad ‘Breathing’, ‘Babooshka’, agus ‘Army Dreamers’ den chaighdeán fíorard a bhain Kate amach lena cuid saothar i luathbhlianta na bhfíseán ceoil. 

Níor thaitin camchuairteanna go mór le Kate agus ní dhearna sí ceolchoirm bheo arís go dtí 2014, nuair a rinne sí cónaitheacht sa Hammersmith Apollo i Londain dar teideal Before The Dawn. Dhírigh Kate ar an taifeadadh, seachas dul amach ar chamchuairteanna, agus d’éirigh a saothar níos eisceachtúla dá bharr. Lena tríú halbam Never For Ever, a eisíodh i 1980, bhí Kate i mbun léirithe den chéad uair, i gcuideachta Jon Kelly. 

Ba é Never For Ever an chéad albam, go hiomlán scríofa agus canta ag bean, a bhain barr na cairte amach sa Bhreatain. Ar Never For Ever, baineadh úsáid as uirlisí agus gléasanna nua ar nós an Fairlight CMI, sintéiseoirí agus meaisíní drumadóireachta. Chuaigh Kate sa seans, ach b’fhiú é. Is é Never For Ever an chéad albam atá go hiomlán scríofa agus canta ag bean a bhain barr na cairte amach. 

Bhí clú agus cáil ar Kate faoin am seo, ach bhí sí fós míshocair. Bhí dúshlán uaithi agus theastaigh uaithi a bheith go hiomlán i gceannas ar gach uile ghné den taifead. Fuair sé réidh leis na léiritheoirí agus chomhlíon sí na dualgais seo í féin. Ní raibh aon amhránaí nó cumadóir ar bhean iad chomh ceannródaíoch, ag tús na n-ochtóidí, agus a bhí Kate. Bhí sí i gcónaí ar thús cadhnaíochta. 

Ní raibh sé i gcónaí furasta do Kate, rud a bhí soiléir nuair a d’eisigh sí a cheathrú albam The Dreaming i 1982. I ndiaidh di breis agus bliain a chaitheamh ar an gceirnín, idir chumadóireacht, canadh, taifead agus léiriú, rinneadh cáineadh trom ar The Dreaming. Chuir an méid cruthaíochta, na téamaí agus liricí teibí agus an cheannródaíocht as don phreas ceoil. 

Níor thuig an pobal mór The Dreaming ar dtús agus dhíol sé thart ar 60,000 cóip, céatadán beag den mhéid a bhí a dhíol aici roimhe sin. Bhí mearbhall ar roinnt mhaith daoine agus iad ag iarraidh The Dreaming a thuiscint, agus bhí roinnt mhaith daoine a cheap go raibh sí craiceáilte. Ach ba chuma le Kate, agus choinnigh sí uirthi ag treabhadh chun tosaigh. 

An t-aon bhuairt a bhí uirthi faoin am seo ná go raibh sé fíorchostasach stiúideo a chur in áirithe le halbam a thaifeadadh. Mar sin, cheannaigh sí a trealamh féin agus bhunaigh sí stiúideo i scioból taobh thiar dá teach féin. D’fhan Kate i bhfolach ón phobal ar feadh dhá bhliain agus í ag scríobh, ag cruthú, ag smaoineamh agus ag triail. Nuair a tháinig sí ar ais i 1985, bhí a mórshaothar Hounds Of Lovecríochnaithe aici. 

Ní raibh albam cosúil le Hounds Of Love eisithe ag aon bhean, nó ag aon fhear, roimhe sin. Bhí dhá thaobh uilíocha ar Hounds Of Love; cúig phopamhrán ar thaobh amháin agus seacht n-amhrán idircheangailte dar teideal The Ninth Wave ar an taobh eile. Thug an preas céanna a stróic The Dreaming as a chéile ardmholadh do Hounds Of Love. Faoi dheireadh, thuig siad ar fad saothar Kate Bush. Is as an mórshaothar seo a thagann Running Up That Hill, agus is iontach an rud é go bhfuil glúin nua ag cur aithne ar Hounds Of Love anois. 

Ní cumadóir bisiúil í Kate Bush. Tógann sí a cuid ama. Ach nuair a thagann sí ar ais chugainn, cuireann sí an domhan faoi gheasa. Rinne sí seo lena n-albaim The Sensual World (1989) agus The Red Shoes(1993), sula ndeachaigh sí i bhfolach ar feadh tréimhse dhá bhliain déag. D’fhill sí i 2005 le Aerial, ceirnín dúbailte a thaispeáin dúinn go raibh sí níos uaillmhianaí agus níos tréithí ná mar a bhí sí riamh. Lean a cuid cruthaíochta ar aghaidh le dhá albam i 2011; Director’s Cut agus albam Nollag dar teideal 50 Words For Snow. Níl albam nua eisithe aici ó shin, ach dúinn ar fad a leanann Kate go dílis, tuigimid go dtagann sí aniar aduaidh orainn nuair is mian léi. 

Níl saol an cheoil go hiomlán cothrom do mhná agus tá neart oibre agus athruithe le déanamh go fóill. Nuair a bhreathnaímid siar ar an dul chun cinn atá déanta le caoga bliain anuas, tá bean amháin chun tosaigh. Bhris sí na rialacha ar fad. Rinne sí a rialacha féin. Is iomaí amhránaí agus cumadóir nach mbeadh san áit ina bhfuil siad gan íobairtí, cinntí agus nuálaíocht Kate Bush. Ba mhór an tionchar a bhí aici ar an chéad ghlúin eile agus anois tá an chéad ghlúin eile ag titim i ngrá lena cuid ceoil. 

Níos mó