Rianta na Míosa: Bealtaine
Tá sé ina shamhradh arís agus tá Ben Ó Faolain chugainn leis an gceol is fearr a eisíodh le cúpla seachtain anuas a thabharfaidh trí shéasúr na gréine muid. Tá 25 rian ar liosta na míosa seo agus ceol as Éirinn, Iamáice, An Bhrasaíl, an Mhaláiv, Sasana, an tSeapáin, Meiriceá, Mailí, an
Tuirc, agus an Ghabúin ann.
I measc na nÉireannach sin atá le cloisteáil ar an liosta tá IMLÉ, Just Mustard, agus Seacht Líne, banna atá lonnaithe i mBéal Feirste agus in London.
Tá rianta nua ann ó Post Punk Podge & The Technohippies as Luimneach, The Smile, Bob Vylan,
Ozan Tekin Brijian, Sylvan Strauss, J Rocc, Mr Mitch, System Olympia, Madalitso Band, U-ziq
agus Posthuman.
Tá ceol ann ó scoth na gcnuasach a eisíodh le déanaí ar lipéid mar Soul Jazz, Mr Bongo, Apron, agus Musica Macondo, chomh maith le ceol house idir nua agus atheisithe ó Moodymann, Session Victim, Daphni (Caribou) agus Lauren Flax.
Rinne Cat Boys agus Asuka Ando as an tSeapáin leagan nua de mhór-rian Crystal Waters ‘Gypsy Woman’ agus tá sé sin ar liosta na míosa chomh maith.
Ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá Idrissa Soumaoro
agus L’Orchestre Massako.
Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!