Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-suil-againn-go-mbeidh-corn-ui-riada-ann-la-eigin!’-–-cead-pleanala-faighte-d’ostan-80-seomra-ar-an-spideal

‘Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!’ – cead pleanála faighte d’óstán 80 seomra ar an Spidéal

Tugadh cead pleanála inniu d’fhorbairt óstán 81 seomra ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Is é an comhlacht Baile Éamoinn Teoranta (BET) a fuair an cead pleanála, cúig bliana tar éis dóibh an t-iarratas a dhéanamh ar dtús.

Beidh an t-óstán nua, Óstán an Chuain, á thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

Mar aon leis na seomraí codlata, tá sé i gceist go mbeadh seomra ócáidí mar chuid den ionad, chomh maith le háiseanna aclaíochta, folláine agus caitheamh aimsire.

Tógfar dhá theach cónaithe féinfhreastail a bhaineann leis an óstán, Ionad Nuálaíochta Gnó agus Bia agus sé theach cónaithe scoite.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead don fhorbairt sa bhliain 2018 ar an mbonn go raibh an córas fuíolluisce poiblí sa gceantar easnamhach agus nach bhféadfaí a leithéid d’fhorbairt a dhéanamh go mbeadh córas poiblí cóireála fuíolluisce tógtha san áit.

Bhí sé i gceist ag Baile Éamoinn Teoranta córas cóireála príobháideach a chur i bhfearas go dtí go mbeadh córas poiblí ar fáil.

Cealaíodh an cinneadh cead a dhiúltú don óstán san Ard-Chúirt i mí na Nollag 2020, nuair a dúirt an Breitheamh Anthony Barr go raibh rún aige an t-iarratas pleanála a chur ar ais chuig an mBord Pleanála chun go ndéanfaí an cás a athmheas agus a bhreithiúnas á chur san áireamh acu.

Tá tacaíocht faighte ag an bhforbairt ó Údarás na Gaeltachta agus dúradh go gcuirfidh sé le tionscal turasóireachta Ghaeltacht Chonamara. Táthar ag súil go mbeidh idir 80-100 duine fostaithe san óstán agus tá sé ráite na forbróirí go dtabharfar tús áite do dhaoine le Gaeilge.

Tá súil ag Rónán Bairéad, atá i mbun na forbartha, gur áis “thar a bheith tairbheach” a bheidh sa bhforbairt do mhuintir an Spidéil agus do phobal Ghaeltacht Chonamara. Dúirt sé gur deis a bheidh ann imeachtaí móra a mhealladh chun na háite – leithéid Chomórtas Peile na Gaeltachta, chomh maith le ceolchoirmeacha agus féilte amhail an tOireachtas.

“Tar éis cath pleanála agus dlí a mhair cúig bliana – diúltú pleanála, achomharc chuig An Bord Pleanála, athbhreithniú breithiúnach an Ard-Chúirt agus an dara hachomharc –  tá áthas orainn a dhearbhú go bhfuil cead pleanála tugtha ag An mBord Pleanála dár n-óstán, ionad fóillíochta, ionad nuálaíochta gnó agus forbairt chónaithe sa Spidéal,” a dúirt Rónán Bairéad.

“Creideann muid go bhfuil óstán agus áis fóillíochta ar ardchaighdeán tuillte ag pobal áitiúil Chois Fharraige agus an Spidéil, pobal a thacaigh linn don chuid is mó maidir leis an togra seo,” a dúirt Rónán Bairéad.

“Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!” a dúirt Siobhán Denvir Bairéad ón gcomhlacht Baile Éamoinn Teoranta agus í ag labhairt le Tuairisc.

“Táimid an-tiomanta de go gcuirfear an áis phobail seo ar fáil agus go dtógfar i gceart é. An mhian atá againn ná gurb í an Ghaeilge a bheidh mar theanga oibre an óstáin. Is deis iontach fostaíochta díreach agus indíreach a bheidh anseo don Ghaeltacht.”

Níos mó