Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
os-cionn-240-imeacht-ag-tradfest-bheal-feirste-an-deireadh-seachtaine-seo

Os cionn 240 imeacht ag TradFest Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo

| sean o dubhchon | ,

Cuirfear tús le Belfast TradFest i mBéal Feirste ar an Satharn 23 Iúil. Tá éagsúlacht iontach sna himeachtaí ar fad atá eagraithe mar chuid den fhéile, a bheidh ar siúl ón 23-29 Iúil. Beidh ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus rince le cloisteáil agus le feiceáil i ngach coirnéal de Bhéal Feirste. Tá os cionn 240 imeacht ar fad eagraithe mar chuid den fhéile agus beidh meascán de cheolchoirmeacha, ceardlanna, cainteanna, léachtaí, seisiúin, céilithe agus club na féile leis an phobal ar fad a mhealladh.   

Tá Dónal O’Connor i measc na ndaoine a bheidh i láthair ag Belfast TradFest, agus tá cúis mhaith aige a bheith ann. Tá clú agus cáil ar Dhónal dá shaothar mar cheoltóir, léiritheoir ceoil agus stiúrthóir teilifíse, agus tá ról lárnach aige mar stiúrthóir ealaíne Belfast TradFest. Tá an fhéile ar an bhfód ó bhí 2015 ann, agus mhínigh Dónal gur tosaíodh Belfast TradFest le deiseanna a chur ar fáil don phobal mór ceoil atá i mBéal Feirste.

“D’aithin muid go raibh páistí agus daoine fásta sa chathair seo ag foghlaim ceol traidisiúnta go rialta. Bhí lear mór dóibh nach raibh ag fáil an deis dul go dtí an chéad chéim eile. Sílim go n-aithníonn muid go gcuidíonn féilte cosúil le Scoil Samhraidh Willie Clancy agus na féilte eile a tharlaíonn i rith an tsamhraidh go mór le daoine atá ag foghlaim, a gcuid ceoil féin a ardú go dtí an chéad chéim eile. Is iontach an rud é go bhfuil siad ábalta am a chaitheamh leis na máistrí agus foghlaim uathu, agus foghlaim faoin gcultúr thart ar an gceol,” a dúirt sé le NÓS. 

Tá deis ag gach duine freastal ar Belfast TradFest, rud a bhí an-tábhachtach i gcónaí do Dhónal agus lucht eagraithe na féile. Tá an chathair lán de cheoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí, idir aosta agus óg. Ní bhíonn an seans ag gach duine freastal ar fhéilte ceoil agus scoileanna samhraidh de bharr costais, an áit ina mbíonn na himeachtaí a reáchtáil agus easpa suime nó tuiscint ar an gceol sa bhaile. Tosaíodh Belfast TradFest ionas go mbeadh deiseanna iontacha ar leac an dorais, ach ar ndóigh, beidh sluaite móra ó chian is ó chóngar ag freastal ar Belfast TradFest. 

Tá tábhacht mhór leis na ranganna agus ceardlanna a chuirfear ar siúl ón 25-29 Iúil in Ollscoil Uladh, ar Shráid Eabhrac i gcroílár na cathrach. Tá Belfast TradFest ag cruinniú le chéile máistrí as fud fad na tíre seo agus Albain, le héagsúlacht iontach ranganna a chur ar fáil. Tá áthas mór ar Dhónal faoin méid a bheidh ar siúl dóibh siúd gur mhaith leo freastal ar na máistir-ranganna.

“Tá múinteoirí den chéad scoth againn. Tá leithéidí Tommy Hayes ar an mbodhrán againn. Tá Harry Bradley, Tara Bingham agus Barry Kerr ar an fheadóg mhór. Ar an fhidil, beidh Méabh O’Hare as Béal Feirste, Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath, Ciarán Ó Maonaigh as Tír Chonaill, Jesse Smith as Meiriceá agus Bríd Harper as Tír Chonaill, atá ina cónaí i dTír Eoghain. Tá amhránaíocht againn le Muireann Nic Amhlaoibh agus Mary Dillon. Tá Mary Bergin againn ar an fheadóg stáin. Tá damhsóir ar an sean nóis againn le Edwina Guckian, agus tá sí ag déanamh scoth na hoibre i Liatroim.

“Tá cláirseoirí againn, rud atá an-speisialta sa chathair seo, má théann tú siar go 1792, nuair a bhí Féile Cruitirí Bhéal Feirste ar siúl. Tá áthas orainn go mbeidh Máire Ní Chathasaigh agus Síle Denvir ag teagasc ar an chruit. Tá Dave Munnelly ar an bhosca ceoil, Brian McGrath ar tionlacan pianó, Caitlín Nic Gabhann agus Lorraine Ní Bhriain ar an gconsairtín, Angelina Carberry ar an mbainseó, Mikie Smith ar na píoba agus lear mór eile,” a dúirt sé.

Féile uilíoch is ea Belfast TradFest, mar gheall ar an bhéim a chuirtear ar cheol trasphobail agus traschultúrtha. Beidh an traidisiún Gaelach, an traidisiún Ultaise agus an traidisiún Albanach á gceiliúradh, traidisiúin atá fíorthábhachtach i mBéal Feirste agus ar fud Chúige Uladh. Beidh Brìghde Chaimbeul i measc na gceoltóirí as Albain a bheidh i mbun ranganna, agus í ag déanamh máistir-rang ar na píobáin bheaga nó ‘smallpipes’. 

“Tá na smallpipes ag fás sa chathair seo. Bíonn seisiún rialta smallpipers ann, agus is uirlis álainn atá ann. Is dócha nach bhfuil mórán aithne ag muintir na tíre seo ar, ach tá sé ag fás. Tá Brìghde Chaimbeul ar dhuine de na píobairí is fearr ar an domhan. Is as an tOileán Scítheanach di agus tá an-áthas orainn go bhfuil sí ag teacht anonn,” a dúirt Dónal.

Tá sé ina sprioc mhór ag Belfast TradFest an pobal i mBéal Feirste a tharraingt le chéile. De bharr sin, mhínigh Dónal go bhfuil siad “ag dul amach i ngach cearn, cúinne agus ceathrú den chathair anseo i mBéal Feirste. Táimid san iarthar, san oirthear, sa tuaisceart agus sa deisceart. Táimid ag mealladh daoine in oirthear na cathrach go ceolchoirm atá a reáchtáil againn sa Strand Arts Centre dar teideal ‘With Fife and Drum’. Sin léiriú ar thraidisiún na hAlban agus na hÉireann, fríd an phíobaireacht, an drumadóireacht, an fífeadóireacht, an fheadóg agus an bodhrán.” 

Beidh Tommy Hayes, Ian Burrows, Andy McGregor, Harry Bradley, Gareth McLees agus Mary Bergin i measc na gceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa cheolchoirm speisialta sin. 

Beidh neart seisiúin cheoil ar siúl i lár na cathrach agus ceolchoirmeacha in áiteanna cosúil le Halla Uladh. Is ansin a bheidh an Sharon Shannon Big Band ag seinm mar phríomhoirfideach Belfast TradFest ar an Aoine 29 Iúil. Beidh Liam Ó Maonlaí ag tabhairt tacaíochta dóibh, le seit speisialta in aonar.

Tá cur chuige iontach ag Belfast TradFest, a fhreastalóinn ar gach duine sa phobal, agus bíonn imeachtaí nua a chur acu leis an fhéile gach bliain. I mbliana, reáchtálfar Club na Féile gach oíche ag a deich. Beidh Gino Lupari agus Gerry ‘Banjo’ O’Connor sa John Hewitt ar an Domhnach (24 Iúil), agus beidh Dylan Carlos, Dave Sheridan agus John McCartin sa lárionad céanna an oíche dár gcionn. Déanfaidh Edel Ní Churraoin, Catherine Ní Shúilleabháin agus Joy Dunlop seit sa John Hewitt ar an Mháirt (26 Iúil). Bogfaidh Club na Féile go dtí an American Bar ar an gCéadaoin, áit ina mbeidh an grúpa Briste le cloisteáil. Beidh Troda sa Deer’s Head ar an Déardaoin (28 Iúil), agus beidh an Damien Mullane Trio ansin an oíche dár gcionn. Déanfaidh DJ Ollie Mullooley ‘trad disco’ ar an dá oíche sin. 

Is féile pobail é Belfast TradFest agus cuirfear fearadh na fáilte roimh gach duine. Mar a deir Dónal, “Níl teorainn ar bith leis an cheol. Tá sin feicthe againn fud fad na cruinne, agus níor chor go mbeadh sé éagsúil anseo.” 

Beidh Belfast TradFest ar siúl ón 23-29 Iúil. Tá breis eolais faoi Belfast TradFest ar fáil ag an suíomh www.belfasttraditionalmusic.com agus is féidir ticéid do na ranganna agus na himeachtaí ar fad a fháil ansin. 

Níos mó