Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cursa-gaeilge-le-muineadh-i-ngearmainis-ag-gaelchultur

Cúrsa Gaeilge le múineadh i nGearmáinis ag Gaelchultúr

| Maitiu O Coimin | ,

Beidh deis ag cainteoirí dúchais Gearmáinise agus daoine eile ar spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim i nGearmáinis é sin a dhéanamh an mhí seo chugainn nuair a chuirfidh Gaelchultúr cúrsa nua teanga ar fáil. Is é seo an chéad uair do Ghaelchultúr ranganna ginearálta Gaeilge i dteanga eile nach í an Ghaeilge ná an Béarla í a chur ar fáil. 

Reáchtáil an coláiste Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ranga samplach níos túisce an mhí seo agus iad ag iarraidh an t-éileamh a bheadh ar a leithéid de chúrsa a mheas. Dúirt Sharon Howe, Feidhmeannach Oibríochtaí Ghaelchultúir, le NÓS go raibh an oiread sin spéise sa chúrsa gurbh éigean dhá rang shamplacha a reáchtáil sa deireadh. 

“D’éirigh linn rang samplach nó ‘Schnupperstunde’ mar a thug muid as Gearmáinis air, a chur ar fáil le déanaí agus d’éirigh go hiontach leis. Bhí orainn dhá ranga a chur ar siúl ag an am céanna toisc go raibh an méid sin daoine cláraithe. Tá aiseolas iontach faighte againn fá dtaobh de [na ranganna samplacha] agus bheartaigh muid ina dhiaidh sin an cúrsa iomlán a chur ar fáil as Gearmáinis an fómhar seo,” a dúirt sí. 

Ar an 12 Meán Fómhair a chuirfear tús leis an gcúrsa deich seachtaine Gaeilge a mhúinfear i nGearmáinis. Tá duaiseanna buaite ag Gaelchultúr as feabhas a gcuid cúrsaí, a mhúintí i mBéarla agus i nGaeilge go dtí seo, agus deir lucht an choláiste go mbeidh an caighdeán céanna ann i gcás na gcúrsaí a mhúinfear i nGearmáinis. 

“Tá dearcadh domhanda ag Gaelchultúr i leith na Gaeilge agus tá muid go láidir den tuairim go bhfuil luach nach beag ag baint le foghlaim na Gaeilge. Creidimid gur cheart go mbeadh an deis ag lucht idirnáisiúnta í a fhoghlaim agus go bhfuil éileamh agus spéis amuigh ansin dá leithéid. Agus na ranganna Gaeilge as Gearmáinis seo á dtairiscint againn, tá muid ag tógáil ar an méid atá ar siúl againn leis na ranganna eile ar chuir muid tús leo i Meiriceá agus i gCeanada.

“Rith an smaoineamh linn mar go bhfuil beirt ar an fhoireann a rinne staidéar ar an Ghearmáinis in UCD – mé féin agus Niamh Ní Chadhla, an príomhoifigeach feidhmiúcháin., Chaith muid beirt seal inár gcónaí sa Ghearmáin, mé féin in Braunschweig agus ansin Freiburg im Breisgau agus Niamh in Würzburg.

“Bhraitheamar go bhfuil ceangal láidir idir an dá thír cheana féin agus thuigeamar ónár dtaithí féin go bhfuil an-spéis ag muintir na Gearmáine sa chultúr Gaelach, ach bhí iontas orainn faoi na daoine ann a bhí ag iarraidh cúpla focal nó fiú amháin an teanga féin a fhoghlaim,” a dúirt Sharon le NÓS. 

Dúirt sí go bhfuil “bua na dteangacha ag lear mór” cainteoirí dúchais Gearmáinise agus go bhfuil an Béarla go líofa ag “an chuid is mó” acu. 

“Cé go bhfuil Béarla líofa acu ní hionann é sin is a rá go bhfuil siad ar a suaimhneas nó ábalta teanga iasachta a fhoghlaim frí an darna teanga. Tá cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis ar aon nós agus ba thrua gan an deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim fríd a máthairtheanga nuair atá cosúlachtaí ann,” a dúirt sí. 

Is iad Kate Fennell agus Hugh O’Reilly FitzGerald a bheidh ag múineadh na ranganna Gaeilge i nGearmáinis ar Zoom le Gaelchultúr. Is as Maínis i gConamara ó dhúchas í Kate agus chaith sí seal ina cónaí in Berlin. Corcaíoch é Hugh atá ina chónaí in Köln anois. Tá ocht dteanga ag an mbeirt mhúinteoirí, idir an bheirt acu. 

“Bhí cuma ar an scéal gur dúshlán scáfar a bhí i gceist ar dtús ach tá painéal múinteoirí iontach againn cheana féin. Scaip muid an scéal go bhfuil cúrsa Gaeilge auf Deutsch ar intinn againn agus go mbeidh múinteoirí de dhíth. Níorbh fhada go riabh muid socraithe ansin. Daoine breá ábalta atá iontu beirt agus tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil múinteoirí macasamhail Kate agus Hugh againn,” a dúirt Sharon le NÓS. 

Cé gurb é seo an t-aon rang Gaeilge a mhúinfear trí theanga nach í an Ghaeilge ná an Béarla í, ní hin le rá nach mbeidh ranganna i dteangacha eile ar fáil ó Ghaelchultúr sna blianta amach romhainn. 

“An sprioc atá ag Gaelchultúr ná an Ghaeilge a chur ar fáil don mhéid daoine is a thig linn. Má fheiceann muid go bhfuil go leor spéise ann ag foghlaimeoirí a labhraíonn teanga eile mar mháthairtheanga, thiocfadh leat a bheith cinnte go mbeidh sé ar intinn againn ár ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a chur ar fáil dóibh ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile,” a dúirt Sharon. 

Beidh an cúrsa Gaeilge auf Deutsch ag tosú ar an 12 Meán Fómhair agus beidh sé ar siúl ar feadh deich seachtaine. Beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 20.00 (19.00 agus 21.00 am na Gearmáine) agus is féidir clárú ar shuíomh idirlín Ghaelchultúir anois. 

Níos mó