Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘bainfidh-ulaidh-ait-amach-sa-bhabhta-ceannais’-–-suil-chun-cinn-ar-an-urc

‘Bainfidh Ulaidh áit amach sa bhabhta ceannais’ – súil chun cinn ar an URC

| jeff neville | ,

Tá séasúr nua an URC at tí tosú an deireadh seachtaine seo agus beidh gach aon chúige ag iarraidh cur leis an dul chun cinn a rinne siad anuraidh. 

Laighin

Chríochnaigh Laighin ag barr na sraithe anuraidh ach chaill siad an cluiche leathcheannais in aghaidh na Bulls. Ag tús an chomórtais anuraidh, bhí daoine ag ceapadh go mbuafadh Laighin, ach níor éirigh leo agus beidh siad ag iarraidh caoi a chur ar an gcuriarracht sin i mbliana. 

Tosóidh siad an séasúr seo thar lear san Iodáil, ag tabhairt aghaidh ar Zebre. Is dóigh gur tús maith a bheidh ann dóibh (níor bhuaigh Zebre ach cluiche amháin anuraidh) agus beidh seans acu imreoirí nua a thabhairt isteach san fhoireann agus taithí a fháil ar an struchtúr imeartha sa chosaint agus san ionsaí. Ní raibh ach cluiche amháin ag Laighin agus iad ag obair i dtreo an tséasúir seo agus, cé nach ndúirt siad aon rud faoi, is dóigh nach raibh ach aon chluiche amháin acu mar gheall ar na céilithe comhraic a bheidh acu ar an Satharn. 

Ach beidh Laighin ag iarradh an cluiche seo a úsáid chun tús láidir a chur lena séasúr agus triail a bhaint as aon athrú a rinne siad dá stíl imeartha.

Connachta

Beidh dúshlán ollmhór os comhair Chonnacht ar an deireadh seachtaine nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Ulaidh i Staid Kingspan Dé Sathairn.

Ní raibh séasúr iontach ag na Connachtaigh anuraidh; bhuaigh siad naoi gcluiche as ocht gcluiche déag agus chríochnaigh siad lasmuigh den chéad ocht bhfoireann. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh siad ag imirt i gcomórtas Chorn na Seaimpíní i mbliana agus go gcaillfidh siad amach ar an airgead a théann leis an gcomórtas sin. 

Ach tá go leor imreoirí nua tar éis teacht isteach agus tá Andy Friend fós ag tógáil na foirne. Níor éirigh leis frapa eile a shíniú ag deireadh an shéasúir ach, seachas an síniú sin, beidh sé sásta leis an ngnó a rinne sé i rith an tsamhraidh. 

I ndiaidh Uladh, beidh ar Chonnachta taisteal chuig an Afraic Theas chun aghaidh a thabhairt ar na Bulls agus na Stormers, an dhá fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais an URC anuraidh. Tús iontach deacair é sin do Chonnachta agus, nuair atá Mumha ag teacht i ndiaidh na dtrí chluiche sin, beidh lucht leanúna an chúige ag súil go n-éireoidh leo roinnt pointí a thuilleamh sa tréimhse sin.

Ulaidh

Rinne Ulaidh go leor gnó maith i rith dheireadh an tséasúir anuraidh nuair a choinnigh siad go leor dá n-imreoirí. Thosaigh siad ag tógáil rud éigin thar a bheith speisialta arú-anuraidh agus lean siad á thógáil anuraidh. Theip orthu sa bhabhta leathcheannais den URC anuraidh nuair a bhuaigh na Stormers leis an gcic dheireanach, ach beidh siad ag iarradh an chéad chéim eile a thógáil i mbliana.

Tá stíl imeartha thar a bheith corraitheach acu agus tá leathchúlaí clibirte amuigh nua tar éis teacht isteach freisin. B’fhéidir nach dtosóidh Jake Flannery gach aon chluiche, ach tógfaidh sé roinnt strus ó Burns. Bhí Ulaidh spléach ar Burns anuraidh. Cé nár scóráil sé ach ceithre phointe, is éascaitheoir é don ionsaí agus ritheann gach rud trí Burns. 

Bua ollmhór amháin atá ag Ulaidh ná is cuma cé nach bhfuil ar fáil dóibh seachtain i ndiaidh seachtaine. De gnáth, déanann na himreoirí atá acu an jab agus leanann siad ar aghaidh chuig an gcéad chluiche eile gan mórán strus. Má féidir leo leanacht ar aghaidh mar sin i mbliana, ceapaim féin go dtabharfaidh siad an chéad chéim eile agus babhta ceannais a shroicheadh. 

Mumha

Bhí drochshéasúr ag an Mumhain anuraidh agus ceapaim go ndearfadh aon duine dá lucht leanúna é sin. Shroich siad an babhta ceathrúcheannais den URC agus cuireadh taispeántas den scoth os ár gcomhair nuair a d’imir siad san Aviva in aghaidh Toulouse, ach is é bun agus barr an scéil ná gur chaill siad sna cluichí móra arís agus chaill siad in aghaidh foireann Laighean a bhí an-lag. 

Is í Mumha an t-aon chúige a bhfuil foireann bainistíochta beagnach iomlán nua acu tar éis teacht isteach agus beidh iadsan ag iarradh a stampa féin a chur ar an bhfoireann. Ní hamháin sin, ach tá brú ar an bhfoireann corn de shórt éigin a bhuachan go luath. Tá na himreoirí acu, tá an bainistíocht acu, agus anois teastaíonn rath uathu. 

Tosóidh siad a séasúr in aghaidh Cardiff agus ansin Dragons. Beidh an dá chluiche sin as baile, sula bhfilleann siad abhaile chun aghaidh a thabhairt ar Zebre. Beidh cluiche dúshlánach le n-imirt in Caerdydd agus i Newport ach beidh siad ag súil le cúig phointe a fháil sa bhaile in aghaidh Zebre. Beidh Mumha sásta le dhá bhua ón trí chluiche, le pointe bónais nó dhó san áireamh. 

Níos mó