Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tri-rud-shuntasacha-o-bhabhta-a-do-den-urc

Trí rud shuntasacha ó bhabhta a dó den URC

| jeff neville | ,

Tá an dara bhabhta den UCR imeartha agus tá cúpla rud foghlamtha againn.

Stíl ionsaithe Uladh

D’imir Ulaidh in aghaidh na Scarlets ag am lóin Dé Sathairn agus sárchluiche a bhí ann. Cé go raibh tús maith ag Ulaidh sa chluiche, níor stop na Scarlets ag imirt agus lean siad orthu ag cur brú ar na hUltaigh. Ach bhí stíl ionsaithe Uladh iontach. Bhí na tosaithe sách láidir ag iompar na liathróide agus bhí luas na gclistí an-tapa. Chruthaigh na tosaithe ardán iontach do na cúlaithe.

Ach beidh stíl ionsaithe Uladh faoi bhrú in aghaidh Laighean mar gheall ar an stíl cosanta atá ag na Laighnigh. 

Féach ar aon sraith cosanta a bhí ag Laighin go dtí seo agus feicfidh tú ar a laghad tri imreoir déag (uaireanta ceithre nó cúig imreoir déag) ar a gcosa ag fanacht ar an gcéad ghreamú eile. Bíonn Laighin sásta a bheith foighneach agus ag dul ag seilg sa chosaint. Is í an fhoighne atá ag Laighin sa chosaint an bua is mó atá acu. Ní théann cosantóir isteach sa chliseadh mura bhfuil siad cinnte go bhfuil seans acu seilbh na peile a bhuachan. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn mórán spáis ann don ionsaí. 

Scóráil na Scarlets roinnt úd ag an deireadh seachtaine freisin agus, cé go mbíonn Laighin foighneach sa chosaint, tarraingíonn siad chucu stíl ionsaithe sách sciobtha. Beidh ar Ulaidh aire a thabhairt nuair a chailleann siad an tseilbh.

Tógfaidh sé tamall don Mhumhain

Chaill Mumha an dara chluiche i ndiaidh a chéile ag an deireadh seachtaine agus, cé go dtógfaidh sé tamall ar Mhumhain dul i dtaithí leis an stíl imeartha nua, ní dóigh liom go raibh aon duine, mé féin san áireamh, ag siúl go gcaillfidh siad in aghaidh na Dragons, gan trácht a dhéanamh ar an gcaoi nár scóráil siad sa dara leath den chluiche. 

Tá lucht leanúna na Mumhan foighneach; tuigeann siad go bhfuil foireann bainistíochta nua tar éis teacht isteach agus nach dtarlaíonn rudaí thar oíche. Ag an am céanna, mura bhfuil tú ag scóráil pointe ar bith i rith leath iomlán, tiocfaidh cáineadh. 

Bhí Mumha ródheas scaití. Is cuimhin liom cliseadh amháin, tháinig cosantóir de chuid na Dragons isteach ag cur moill ar an liathróid. In áit an cosantóir sin a ghlanadh amach as an gcliseadh, bhrúigh imreoirí na Mumhan é. Pointe eile a sheasann amach dom ná nuair a scóráil Rio Dyer a úd. Rith sé tríd Peter O’Mahony agus Malakei Fekitoa. Níl féidir glacadh leis sin.

Tógfaidh sé tamall ar Mhumhain dul i dtaithí ar córais ionsaithe agus cosanta nua, cinnte. Ach tá rudaí ann nár cheart tarlú agus muid ag fanacht. 

Cárta dearg Aki

Nílim chun iompar Aki i ndiaidh dó cárta dearg a cháineadh. Ní gá. Ach ba mhaith liom labhairt faoin gcárta, nó an gníomh, é féin.

Tháinig Aki isteach i gcliseadh ag iarradh Senalta a ghlanadh amach. Bhí Senalta ina sheasamh cromtha ar an liathróid agus bhí Aki ródhéanach agus é ag iarraidh Senalta a ghlanadh amach. Bíonn tagairtí i gcónaí faoi ‘cogadh gualainne’.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil ort do ghuaillí a chur thar an liathróid roimh an duine eile. Má éiríonn leat, tá an cogadh sin buaite agat, agus tá tú i seasamh i bhfad níos láidre ná an duine eile.

Chaill Aki an cogadh sin agus, mar thoradh, ní raibh bealach dleathach ann dó Senalta a fháil ón liathróid. Sa ghlanadh amach, thit Aki óna chosa (cic éirice) ach rinne sé teagmháil láidir le ceann Senalta (cárta dearg). Céard eile arbh fhéidir leis déanamh? Má chailleann tú an cogadh gualainne, chaill tú an ruc. Tá sé chomh simplí sin. Ní féidir leat ceann imreora a bhualadh. Tá an dlí sin sa spórt le fada an lá anois. Agus ní féidir argóint faoin gcárta má bhuailtear. 

Níos mó