Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘caithfidh-fisiciulacht-an-rugbai-titim-laistigh-de-dhlithe-an-spoirt’

‘Caithfidh fisiciúlacht an rugbaí titim laistigh de dhlíthe an spóirt’

| jeff neville | ,

I rith cluiche Laighean san RDS an deireadh seachtaine seo caite, gortaíodh Ryan Baird go dona nuair a thit sé ar an talamh agus tháinig imreoir eile anuas ar a cheann. Bhí an réiteoir sásta gur timpiste a bhí ann agus, cé go raibh captaen na foirne, Johnny Sexton, ag impí air breathnú ar an eachtra arís, ní raibh an réiteoir sásta é a dhéanamh.

Má bhreathnaíonn tú ar an eachtra, feicfidh tú gur rith Baird agus Chamberlain i dtreo na liathróide agus, ag an am céanna, rith Fassi trasna na páirce i dtreo na liathróide freisin. Léim Baird agus Chamberlain (rug Chamberlain ar an liathróid) ach níor léim Fassi. Lean Fassi ar aghaidh ag rith agus thóg sé cosa Baird uaidh agus é san aer. B’in cúis le gortú Baird.

Mar a luaigh mé, dúirt an réiteoir ag an am gur timpiste a bhí ann, go raibh gach aon duine páirteach in iomaíocht don liathróid. Ach ní raibh. Nílim ag rá gur calaois mhailíseach a bhí ann, ach calaois a bhí ann cinnte. Cén cinneadh a bheadh ann dá bhéarfadh Baird ar an liathróid? Greamú san aer, b’fhéidir? An t-aon difríocht idir an dá chinneadh sin ná an liathróid; thóg Fassi cosa Baird uaidh. Tá sé chomh simplí sin. 

Tá freagracht ar an réiteoir anseo. Tá dualgas air déanamh cinnte go bhfuil tosaíocht ag sábháilteacht na n-imreoirí. Níor tharla sé anseo. Bhí na céadta imreoirí óga ag an gcluiche agus na mílte eile ag féachaint air sa bhaile. An teachtaireacht a seoladh amach chucu ná gur coimhlint dhleathach a bhí ann, cé gur fhág Baird an pháirc ar shínteán. 

Is spórt fisiciúil é rugbaí agus nílim ag rá nach ceart dó a bheith. Is í an fhisiciúlacht ceann de na buanna is mó atá aige mar spórt. Ach caithfidh an fhisiciúlacht sin titim laistigh de dlíthe an spóirt. Ní féidir greamú a dhéanamh ar imreoir san aer agus, má tá imreoir san aer, tá dualgas déanamh cinnte go bhfuil an t-imreoir sin sábháilte. Níor tharla sé anseo.

Dúradh go leor faoi Johnny Sexton freisin agus an bealach cainte a bhí aige i dtreo an réiteora díreach i ndiaidh na heachtra seo. Dúradh go raibh sé míbhéasach agus feargach ina chuid cainte ach cén fáth nach mbeadh sé? Gortaíodh duine dá chomhimreoirí go dona in eachtra nár cheart tarlú agus ní raibh an réiteoir sásta féachaint air. 

Caithfidh Sexton na ceisteanna seo a chur agus, nuair a dúirt duine dá chéilithe comhraic leis a chlab a dhúnadh, níor éist sé. Bhí argóint ann, ceann a thosaigh Sexton b’fhéidir, ach ní fhaca a imreoirí tada ach a gcaptaen ag seasamh an fhóid ar a son. Is é Sexton ceannaire na foirne. An mbeadh tú sásta duine nach seasann an fód duit a leanúint? Ní dóigh liom é. Mar a luaigh mé, is spórt fisiciúil é rugbaí. Ní féidir céim siar a thógáil. 

Tá súil agam nach bhfeicfimid eachtra ag tarlú an deireadh seachtaine seo ar nós an cheann a tharla Baird ach, má tharlaíonn ceann, tá súil agam go ndéileálfar leis i mbealach níos fearr.

Níos mó