Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-feidir-gearan-faoi-bhua-na-tallann-na-n-imreoiri-a-roghnaigh-andy-farrell’

‘Ní féidir gearán faoi bhua ná tallann na n-imreoirí a roghnaigh Andy Farrell’

| jeff neville | ,

D’ainmnigh Andy Farrell a fhoireann is déanaí ar an gCéadaoin agus, cé nach féidir gearán faoi bhua ná tallann na n-imreoirí a roghnaigh sé, tá díospóireacht ann faoi roinnt imreoirí.

Feictear Ciaran Frawley mar leathchúlaí clibirte amuigh agus é ag imirt i ngeansaí glas ach mar imreoir lár páirce nuair a chaitheann sé geansaí gorm. Is léir faoin am seo go bhfeiceann Farrell Joey Carbery agus Ciaran Frawley mar ionadaí do Johnny Sexton é, ach níl mórán oibre déanta ag Frawley ansin. Céard a cheapann leithéidí Healy, na deartháireacha Byrne, no Carty faoi seo, meas tú, agus iad ag bailiú ama san ionad sin le blianta? Nílim i gcoinne an roghnúcháin; nílim ach ag rá gur comhrá suimiúil atá ann.

Cé go bhfuil Éire ag brath ar Johnny Sexton, agus ná bíodh aon cheist ann faoi sin, tá sí ag brath ar Chian Healy mar ionadaí freisin. Tosóidh Andrew Porter an cluiche in aghaidh na hAfraice Theas agus bheadh ionadh an domhain orm mura mbíonn Healy ar an mbinse ag uimhir 17. Ainmníodh Jerry Loughman freisin, ach má tá gach aon duine slán agus iad ag druidim i dtreo an chluiche, ní bheidh áit aige sa 23 sin. 

I mo thuairimse, mura mbeadh Bundee Aki ar fionraí faoi láthair bheadh sé ainmnithe in éineacht le Ringrose agus Henshaw ach thug fionraíocht Aki deis do McCloskey. Tá an deis sin tuillte aige. Tá sé ag imirt thar barr le roinnt blianta anois agus tá an cumas agus na buanna aige jab iontach maith a dhéanamh má thagann an deis. Tosóidh Henshaw agus Ringrose an cluiche mór (an Afraic Theas) ach tá súil agam go bhfeicfimid McCloskey ag tosú ar a laghad cluiche amháin, agus ní an cluiche Éire ‘A’.

Ní féidir gearán faoi na himreoirí eile. Ainmníodh Robert Baloucoune, fear atá spleodrach ar an bpáirc. Tá Jacob Stockdale ainmnithe freisin, fear atá thar a bheith compordach ag an leibhéal sin, gan trácht a dhéanamh ar Mike Lowry, Jimmy O’Brien, Hugo Keenan, Calvin Nash, nó Mack Hansen. Imreoidh Keenan agus Hansen in aghaidh na hAfraice Theas, is dóigh, go háirithe le gortú James Lowe. Ach cé a bheidh in éineacht leo? 

Labhair mé cheana féin faoi na leathchúlaithe clibirte amuigh agus na himreoirí lár páirce, agus tá an scéal céanna ann maidir leis na leathchúlaithe clibirte istigh. Bhí Murray, Gibson-Park, agus Casey i gcónaí chun a bheith roghnaithe. Bíonn John Cooney i gcónaí dírithe air féin agus na rudaí a bhfuil smacht aige air, ach caithfidh sé a bheith ag ceistiú céard a chaithfidh sé a dhéanamh chun a bheith roghnaithe; i mo thuairim, is ceann de na leathchúlaithe clibirte istigh is fearr in Éirinn é le fada. 

D’fhéadfá na himreoirí a thabharfaidh aghaidh ar an Afraic Theas a roghnú anois, nó ar a laghad an chuid is mó acu. Tosóidh Keenan agus Hansen, chomh maith le Henshaw agus Ringrose. Má tá sé aclaí, tosóidh Gibson Park, agus tosóidh Sexton freisin, gan dabht ar bith. Sin seisear as seachtar sna cúlaithe, le spás ar chliathán amháin.

Tosóidh Sheehan in éineacht le Porter agus Furlong. Taobh thiar dóibh, tosóidh James Ryan le Tadhg Beirne in aice leis; tugann Beirne rud éigin don fhoireann nach dtugann aon imreoir dara sraithe eile. Tá ceist ann faoin líne chúil, áfach. Tá Doris ag teacht ar ais ó chomhtholgadh. Is maith le Farrell Baird. Tá Coombes dochreidte cumhachtach agus bíonn Timoney agus Prendergast ag taispeáint a mbuanna i ngach aon chluiche. Ach ní féidir van der Flier a fhágáil ar lár, agus imríonn Conan go leor cluichí faoi Farrell freisin. Beidh sé suimiúil breathnú ar céard a tharlóidh eatarthu.

Níos mó