Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-constaic-ollmhor-os-comhair-na-mumhan-an-deireadh-seachtaine-seo’

‘Tá constaic ollmhór os comhair na Mumhan an deireadh seachtaine seo’

| jeff neville | ,

Beidh na ceithre chúige ag imirt an deireadh seachtaine seo den chéad uair le coicís agus beidh sé iontach suimiúil a fheiceáil céard a tharlóidh gan na himreoirí idirnáisiúnta. 

Beidh Mumha agus Ulaidh ag imirt in aghaidh a chéile amárach i Luimneach. Tá constaic ollmhór os comhair na Mumhan mar gheall go bhfuil liosta gortaithe dochreidte acu. Níl fáil ar RG Snyman, Jack Daly, Alex Kendellen, Paddy Kelly , Keith Earls, Andrew Conway, Fineen Wycherley, Antoine Frisch, Stephen Archer, Jack O’Sullivan, Liam Coombes, Tom Ahern, nó Jean Kleyn, agus ní bheidh na himreoirí idirnáisiúnta (Casey, Carbery, Murray, Nash, Beirne, Coombes, Loughman, O’Mahony) ar fáil ach an oiread. An mbeidh foireann acu le dul ar an bpáirc, fiú?

Ar an taobh eile de, tá Ulaidh ag teach go Luimneach tar éis turas go dtí an Afraic Theas, turas inar éirigh beagnach gach duine a thaistil ann tinn le Escherichia coli nó an víreas nóma. Tógann sé sin go leor fuinnimh uait agus cailltear go leor meáchain freisin. B’fhéidir go mbeidh foireann níos láidre acu ar pháipéar ach an mbeidh an fuinneamh acu fanacht iomaíoch? Cluiche iontach fisiciúil a bheidh ann (go háirithe má leanann Mumha ar aghaidh leis an bhfisiciúlacht chéanna a bhí acu in aghaidh Laighean) agus sin an dúshlán a bheidh os a gcomhair amárach.

Beidh Laighin ag taisteal chuig an mBreatain Bheag chun aghaidh a thabhairt ar na Scarlets. Níl ach bua amháin ag na Scarlets go dtí seo (in aghaidh Zebre) agus cé go bhfuil foireann láidir ainmnithe acu, ní bheidh Laighin róbhuartha. Tá idir óg agus aosta ainmnithe ag Cullen d’fhoireann Laighean, agus Rhys Ruddock ainmnithe mar chaptaen na foirne. 

Tá deis ollmhór ag Ross Byrne ag uimhir a deich gan Johnny Sexton san fhoireann (ba chuma dá mbeadh Frawley ar fáil mar ní phiocfadh Cullen é ag uimhir a deich ar aon nós) a stampa féin a chur ar an gcluiche agus é féin a chur in intinn Andy Farrell mar rogha idirnáisiúnta. 

Beidh Connachta ag taistil chuig an mBreatain Bheag freisin chun imirt in aghaidh na Ospreys agus, tar éis dhá bhua sna trí chluiche dheireanacha beidh siad ag taistil le go leor muiníne. Ní chailleann Connachta an méid céanna imreoirí don fhoireann náisiúnta (níor chaill siad ach Mack Hansen, Finlay Bealham, Dave Heffernan, agus Cian Prendergast) agus mar sin beidh na comhpháirtíochtaí céanna fós acu. Agus níos tábhachtaí arís, beidh Jack Carty ar fáil dóibh. 

Ar an iomlán, is é Jack Carty an t-imreoir is tábhachtaí do Chonnachta. Nuair a imríonn sé, oibríonn an struchtúr ionsaithe an-mhaith. Nuair nach bhfuil fáil air, bíonn meath suntasach ar chaighdeán ionsaithe Chonnacht. Ní thuigim cén chaoi nach bhfuil suim ag Farrell in Carty agus ní thuigim an chaoi a roghnaítear imreoirí eile thairis don fhoireann náisiúnta. Ach nach bhfuil sé iontach don chúige go bhfuil fáil air seachtain i ndiaidh seachtaine?

Ar an iomlán, ceapaim go mbeidh an bua ag Mumhain, Laighin, agus Connachta ag an deireadh seachtaine agus táim ag súil taispeántais mhóra a fheiceáil ó gach aon chúige (Ulaidh san áireamh).

Níos mó