Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
40-bliain-o-bhi-amhran-gaeilge-ar-top-of-the-pops…

40 bliain ó bhí amhrán Gaeilge ar Top of the Pops…

| sean o dubhchon | ,

19:30. Déardaoin 11 Samhain 1982. Na milliúin daoine ag ullmhú le suí síos agus breathnú ar Top of the Pops, an clár ceoil suaitheanta a bhíodh á chraoladh go seachtainiúil ar BBC 1 sa Bhreatain. Bhí dhá phríomhsprioc ag Top of the Pops: comhaireamh síos a dhéanamh ar Rogha 30 na Cairte agus blaiseadh a thabhairt de na hamhráin is mó a bhí ag dul i bhfeidhm ar an bpobal i rith na seachtaine roimh ré. 

Ba eagrán stairiúil é an ceann a craoladh ar an 11 Samhain 1982. Cinnte, bhí bannaí agus amhránaithe ar nós Dionne Warwick, A Flock of Seagulls agus Donna Summer, le hamhráin a bhí ag teacht le stíl na n-ochtóidí. Ach i dtreo dheireadh an chláir, tháinig banna amach ar an ardán le hamhrán ceannródaíoch draíochtach a chanadh, le focail nár thuig an chuid is mó de lucht féachana Top of the Pops

Sa bhliain 1975, foilsíodh an t-úrscéal Harry’s Game le Gerald Seymour, agus nuair a beartaíodh an leabhar a chóiriú don teilifís seacht mbliana níos déanaí, chuaigh an scríbhneoir sa tóir ar rian le bheith mar cheol aitheantais na sraithe nua. Bhí aithne aige ar shaothar Chlannad, banna ceoil as Tír Chonaill a bhí aitheanta in Éirinn, agus a bhí ag déanamh dul chun cinn sa Ghearmáin agus san Eilvéis ag an am. Ní raibh sé i bhfad ó eisíodh an fadcheirnín Fuaim agus bhí dúil mhór ag Gerald Seymour san amhrán ‘Mhórag ‘s na Horo Gheallaidh’, canta go hálainn i nGaeilge na hAlban. 

Bhí cineál faitíos ar Chlannad faoin rian seo a úsáid mar cheol aitheantais don tsraith Harry’s Game, scéinséir bunaithe ar na Trioblóidí. Shíl siad go mbeadh amhrán Gaeilge i bhfad níos oiriúnaí, agus chuaigh siad i mbun cumadóireachta láithreach bonn. 

Is ón seanfhocal Chonnacht ‘Imeoidh a dtiocfaidh s’ a dtáinig ariamh’ a tháinig go leor den inspioráid do liricí an amhráin, agus bhí an phortaireacht thraidisiúnta go mór ina thionchar ar an gcurfá ‘fol lol the doh fol the day, fol the doh fol the day’. Níor ghlac sé i bhfad ar an mbanna an rian a chumadh agus a thaifead, agus seoladh an t-amhrán chuig léiritheoirí Harry’s Game, sular thug Clannad aghaidh ar an Eoraip le camchuairt a dhéanamh. 

Ba iad an lipéad ceoil RCA a d’eisigh ‘Theme From Harry’s Game’ mar shingil. Ní raibh aon siúl leis an rath a bhain an rian amach, ná an lorg a d’fhágfadh sé. 

Bhí an t-ádh liom labhairt le Moya Brennan – príomhamhránaí Clannad – cúpla bliain ó shin faoin méid a bhain sí féin agus an banna amach le breis agus caoga bliain anuas, agus bhí cuimhní cinn sona aici faoin aistear a rinne Clannad le ‘Theme From Harry’s Game’. 

Ag deireadh na seachtóidí, bhí an banna ag déanamh camchuairteanna thart ar mheánscoileanna na tíre, a fhad is a bhí siad ag obair ar thograí eile. Nuair a tugadh cuireadh dóibh theacht chun na Gearmáine le roinnt ceolchoirmeacha a dhéanamh, ghlac siad leis. Mhínigh Moya go ndeachaigh “sé síos go maith nuair a rinne muid an chéad chamchuairt le tríocha cathair. Nuair a rinne muid an cheolchoirm dheireanach sa Philharmonic Hall i mBeirlín, tugadh ‘standing ovation’ dúinn. Chuaigh muid isteach go dtí an seomra glas agus d’amharc muid ar a chéile agus dúirt muid ansin gur chóir dúinn dul proifisiúnta.”

Ba sa Ghearmáin a bhí siad nuair a fuair siad an scéala go raibh Top of the Pops sa tóir orthu. I ndiaidh do ‘Theme From Harry’s Game’ dul isteach i gcairteacha na Breataine ag uimhir 46, léim sé go huimhir 11 an tseachtain dár gcionn. 

“B’éigean dúinn dhá choirm cheoil a chur siar le Top of the Pops a dhéanamh. Anois, caithfidh tú smaoineamh, bhí muidne i sean-Transit van. Bhí drochaimsir ann agus bhí an t-oighear taobh istigh den veain, in áit ar an taobh amuigh. Nuair a shroich muid Londain, tháinig limo fánár gcoinne. San am sin, in 1982, bhí sin saoithiúil. Bhí muidne ag léim amach ‘s isteach sa limo ag tógáil pictiúir. Cuireadh isteach in óstán galánta muid. Bhí iontas an domhain orainn, go háirithe agus muid ag ceol amhrán i nGaeilge,” a dúirt Moya. Ó shin ar aghaidh ní raibh aon stop leo. 

Ní hé teanga an amhráin amháin a sheas amach. Chuaigh an fhuaim agus an stíl ar leith atá ag Clannad go mór i bhfeidhm ar an phobal. An tseachtain dár gcion, d’éirigh le ‘Theme From Harry’s Game’ uimhir 5 a bhaint amach, i ndiaidh dóibh casadh ar Top of the Pops

Bronnadh duais Ivor Novello ar Clannad don amhrán, agus tá a fhios ag an saol mór cén chríoch a bhí ar an scéal ina dhiaidh sin. Níorbh fhada gur iarradh ar Clannad fuaimrian iomlán a chumadh do Robin of Sherwood, sraith de chuid an BBC, agus saothar a bhuaigh BAFTA dóibh. Rath agus aitheantas domhanda a bhain albam i ndiaidh albaim amach sna blianta ina dhiaidh sin, agus is iomaí gradam agus duais a bhuaigh siad, Grammy agus Gradam Billboard ina measc. 

Sa bhliain 2020, rinne Clannad ceiliúradh ar leathchéad bliain in earnáil an cheoil. Ba iad Clannad an t-aon bhanna a chan i nGaeilge ar Top of the Pops riamh, agus cuimhneofar ar ‘Theme From Harry’s Game’ mar cheann de na hamhráin is tábhachtaí riamh ón tír seo. 

Níos mó