Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘go-spreaga-an-eigse-seo-an-dream-og-coismeigeanna-joe-steve-a-leanacht’

‘Go spreaga an Éigse seo an dream óg coisméigeanna Joe Steve a leanacht’

| Maitiu O Coimin | ,

Dúirt Páid Ó Neachtain, mac an scríbhneora mhóir Joe Steve Uí Neachtain, go raibh súil aige go spreagfadh an éigse a reáchtáladh in ómós a athar an deireadh seachtaine seo caite an chéad ghlúin eile le tabhairt faoi na healaíona béil agus faoin litríocht. 

Seoladh an chéad ‘Éigse Joe Steve’ oíche Dé hAoine i Seanscoil Sailearna in Indreabhán. Bhásaigh an scríbhneoir agus file mór le rá i mí Eanáir na bliana 2020, cúpla seachtain sular bhuail an chéad ráig den víreas corónach an tír i gceart. Rinneadh cúpla iarracht fear na Cré Duibhe a chomóradh i gcaitheamh an ama ó shin ach chuir na srianta in aghaidh an víris isteach ar na hiarrachtaí sin. 

Tháinig pobal Chois Fharraige le chéile faoi dheireadh in ionaid éagsúla ar fud an cheantair i gcaitheamh an deireadh seachtaine leis an gceardaí focal a chomóradh agus a cheiliúradh. 

Agus é ag labhairt ag seoladh na hÉigse sa tSeanscoil Dé hAoine, dúirt Páid Ó Neachtain go raibh súil aige go spreagfadh an Éigse an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí, aisteoirí, agus gníomhaithe pobail i gCois Fharraige coisméigeanna a athar a leanacht. Bhí cáil mhór ar Joe Steve mar scríbhneoir próis, filíochta, agus drámaí, chomh maith le hagallaimh bheirte agus lúibíní. Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, eagarthóir de chuid Chló Iar-Chonnacht, oíche Dé hAoine nár casadh air riamh scríbhneoir a raibh máistreacht aige ar chuile réimse den litríocht mar a bhí ag Joe Steve. 

Ghlac go leor de ghlúin óg an cheantair, garchlann Joe Steve féin ina measc, páirt sna himeachtaí comórtha a bhí ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Oíche Dé hAoine bhí ceol ann ó na hamhránaithe óga a chuir an togra ‘Fad Saoil’ le chéile in éineacht le Johnny Óg Connolly tamall de bhlianta ó shin agus d’inis gariníon Joe Steve, Saoirse, an scéal ‘An Táilliúir Glic’ dá raibh cruinnithe sa tSeanscoil.

Bhí Cumann Aisteoirí Chois Fharraige páirteach sa léiriú Seó Beo Joe a bhí ar siúl arú-aréir agus aréir, agus a bheidh ar siúl arís anocht sa tSeanscoil. Díoladh iomlán na dticéad do na trí sheó. Anuas ar an léiriú stáitse seo, bhí ‘preabléirithe’ ar bun i Siopa Uí Dhomhnaill ar an Spidéal, agus i Scéal Eile agus an Pota in Indreabhán. Tháinig aisteoirí óga agus aosta isteach gan rabhadh i lár na n-ionad seo agus rinne sceitsí, lúibíní, agus agallaimh bheirte do na custaiméirí.

Seoladh an leabhar deireanach ó pheann Joe Steve, Oiread Áiméan, ag an ócáid sa tSeanscoil oíche Dé hAoine freisin.  

Níos mó