Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
gradam-‘leabhar-gaeilge-na-bliana’-bronnta-ar-‘el’-le-thaddeus-o-buachalla

Gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ bronnta ar ‘EL’ le Thaddeus Ó Buachalla

| Maitiu O Coimin | ,

Is ar an leabhar EL leis an údar Thaddeus Ó Buachalla a bronnadh an gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim Leabhar an Phoist aréir. Is Corcaíoch é Thaddeus a bhain PhD amach i litríocht na Gaeilge in 2015 agus a bhí ina léachtóir le Gaeilge sa Pholainn. 

Foilsíodh leabhar taighde dá chuid in 2019, Clocháin sa Scoilt, ach is é EL a chéad úrscéal. Bronnadh duais ar an saothar i gComórtais Liteartha an Oireachtais. Téann an scéal anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú haois déag agus cruthaíonn “líon damhán alla d’fhírinní stairiúla a fhitear le chéile chun saol eile a chruthú”. 

https://twitter.com/ForasnaGaeilge/status/1595558450842443777/photo/1

Dúirt Thaddeus le NÓS gur údar mór bróid dó ab ea an t-ainmniúchán agus nach raibh súil aige an gradam féin a fháil ag an ócáid a reáchtáladh in Ionad an Tionóil i mBaile Átha Cliath aréir. 

“Bhí scríbhneoirí iontacha ann, ní raibh súil agam gur ormsa a bhronnfaí an gradam. Bhí mé an-bhródúil a bheith ar an ngearrliosta agus ansin bhí ríméad orm nuair a bhuaigh mé. Tá an-mheas agam ar na scríbhneoirí eile agus bhí an-chraic againn ag an mbord aréir. 

“Is é EL mo chéad úrscéal. Chuir mé leabhar eile amach cúpla bliain ó shin, ba é sin mo thráchtas dochtúireachta, chuir mé leis agus d’fhoilsigh mé é, ach seo é an chéad úrscéal a scríobh mé,” a dúirt sé. 

Mhínigh sé gur leabhar “leabhar fantaisíochta scríofa ar ábhar na fírinne” é EL agus gur theastaigh uaidh “na hathruithe atá tagtha ar an saol” le blianta beaga anuas a phlé. 

“Leabhar fantaisíochta scríofa ar ábhar na fírinne atá ann. Tá an méid sin teoiricí comhcheilge ar siúl ar fud an domhain, go háirithe leis an idirlíon, tá fírinní á scaipeadh agus ag troid le fírinní eile. Tá an saol athraithe agus theastaigh uaim é sin a phlé. Chruthaigh mé an scéal fantaisíochta seo a bhí beagán áiféiseach. Rinne mé go leor taighde stairiúil, nuair a chuireann tú fíricí stairiúla le chéile is féidir fírinne ar bith a chruthú. 

“Tá dhá shraith sa scéal seo, sraith stairiúil agus sraith chomhaimseartha, agus an dá shraith ag dul anonn is anall oibríonn siad le chéile le céard is fírinne ann a phlé,” a dúirt sé. 

Sa litríocht nua-aoiseach a bhain Thaddeus a PhD amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2015, agus dúirt sé le NÓS go bhfuil litríocht na Gaeilge “níos nuálaí” ná litríocht an Bhéarla. 

“Bhí sí níos nuálaí riamh. Bhí Pádraig Ó Conaire nuálach ina chuid scríbhneoireachta agus bhí Máirtín Ó Cadhain nuálach in a chuid scríbhneoireachta. Tá tréithe iar-nuaaoiseachais le feiceáil i saothar Alan Titley, Eoghain Uí Thuairisg agus scríbhneoirí eile, agus is ábhar suimiúil é an t-iar-nuaaoiseachas sa Ghaeilge,” a dúirt sé. 

Ceithre leabhar eile a bhí san iomaíocht don ghradam Gaeilge i mbliana – Súil an Daill le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac), An Dara Rogha le Celia de Fréine (LeabhairComhar), Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid) agus Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid). Is iad LoveLeabharGaeilge a dhéanann urraíocht ar an ngradam.

Níos mó