Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-fiu-d’imreoiri-bogadh-o-fhoireann-go-foireann-o-am-go-cheile’

‘Is fiú d’imreoirí bogadh ó fhoireann go foireann ó am go chéile’

| jeff neville | ,

Bhí mé ag léamh ailt ag an deireadh seachtaine faoi Scott Penny agus labhair sé faoin uaillmhian atá aige fanacht ag imirt le Laighin agus, diaidh ar ndiaidh, áit a fháil ar fhoireann na hÉireann. 

Mura bhfuil aithne agat ar Scott Penny, is imreoir iontach é. Tá sé sciliúil, fisiciúil, agus tá bua scórála aige. Tá sé ag imirt le Laighin ó 2018 agus shínigh sé conradh nua leo anuraidh. Ainmníodh é mar ‘Guinness Pro14 Next-Gen Star of the Season’ in 2021. Ach an rud faoi Penny ná nach bhfuil nóiméad rugbaí Eorpaigh imeartha go dtí seo don chúige. 

Ainmníodh Josh van der Flier mar ‘Imreoir Fir na Bliana’ seachtain ó shin. Eisean a bhí mar príomhscórálaí úd na hÉireann i mbliana freisin. Agus eisean atá ag imirt san áit chéanna le Penny d’fhoireann Laighean. Mar a luaigh mé cheana, imreoir iontach atá in Penny. Ach an mbeidh sé in ann an lámh in uachtar a fháil thar van der Flier agus é suite leis an lucht féachana ag féachaint ar van der Flier ag imirt i gcluichí móra Laighean?

Ní dóigh liom go raibh Cian Prendergast sásta nuair a dúradh leis nach raibh sé ag teastáil in Acadamh Laighean. Ach fuair sé glaoch gutháin agus d’imigh sé go Connachta. Tá rugbaí Eorpach imeartha aige anois, chomh maith le rugbaí idirnáisiúnta, dhá rud nach bhfuil ag Penny. Ní raibh éileamh ar Tadhg Beirne ach an oiread roinnt blianta ó shin: ainmníodh é i bhfoireann domhanda na bliana seachtain ó shin. 

Má tá tú ag iarradh rugbaí idirnáisiúnta a imirt, caithfidh tú a bheith ag imirt ag an leibhéal is airde go minic. Bhuel, don chuid is mó den am ar aon nós. Tógadh Harry Byrne go Nua Shéalainn sa Samhradh le fíorbheagán taithí aige ag an leibhéal sin, fiú an leibhéal Eorpach. Ní imríonn Ciaran Frawley ag leathchúlaí clibirte amuigh do Laighean ach ansin a roghnaíodh é d’Éirinn ‘A’. Ní imríonn Ryan Baird rómhinic ach an oiread ach bíonn sé páirteach i gcampaí na hÉireann. 

Agus ní oibríonn an bogadh go minic ach oiread. I mo thuairim, níor oibrigh sé amach do Jordi Murphy nuair a bhog sé go hUlaidh. Níor oibrigh sé do Jack McGrath ach an oiread, cé go raibh sé gortaithe ar feadh tamaill. Ach ní raibh an doimhneacht atá ag Ulaidh faoi láthair ag am an bhogtha. Ach d’oibrigh sé amach do Prendergast agus Beirne. D’oibrigh sé do Nick Timoney atá ina imreoir lárnach d’Ulaidh. D’oibrigh sé do Robbie Henshaw, cé nach raibh air bogadh chun áit san fhoireann náisiúnta a bhaint amach. An pointe ná, cé nach n-oibríonn sé amach an t-am uilig, tá seans fós ann. 

Caithfidh imreoirí a bheith ag imirt ag an leibhéal club is airde chun dul chun cinn a dhéanamh. Caithfidh foireann bainistíochta na hÉireann na himreoirí seo a fheiceáil faoi bhrú agus mothaítear an brú sin sna cluichí móra. Cloistear daoine ag rá gur ceart imreoirí óga, gan mórán taithí idirnáisiúnta, a imirt i gcluichí móra ach is é an bua agus an bua amháin an rud is tábhachtaí ag an leibhéal proifisiúnta; níl siad chun imreoirí nua a chaitheamh isteach mar gheall go bhfuil an pobal ag iarradh iad a fheiceáil ar an bpáirc. 

Má tá imreoir ag iarradh fanacht san áit ina bhfuil sé nó sí, ní féidir rá leo go bhfuil siad mícheart. Ach má tá siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, agus mura bhfuil mórán dul chun cinn déanta acu i roinnt blianta anuas, b’fhéidir go dtabharfaidh timpeallacht nua spreagadh nua dóibh. 

Níos mó