Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
scrudu-ardleibheil-sa-ghaeilge-deanta-ag-nios-lu-na-leath-de-dhaltai-a-rinne-an-tsraith-shoisearach-i-mbliana

Scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge déanta ag níos lú ná leath de dhaltaí a rinne an tSraith Shóisearach i mbliana

| Tuairisc.ie | ,

Thug níos daltaí faoi scrúdú ardleibhéil Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana ná mar a thug aon bhliain eile le beagnach deich mbliana anuas.

De réir thorthaí na Sraithe Sóisearaí 2022, a foilsíodh inné, thug 32,139 dalta faoi scrúduithe ardleibhéil sa Ghaeilge i mbliana, idir daltaí i scoileanna T1 agus T2. B’shin 48% den 67,130 dalta ar fad a fuair torthaí inné.

Tá imní léirithe ag múinteoirí Gaeilge agus gníomhaithe teanga go dtiocfaidh laghduithe eile sna blianta romhainn ar líon na ndaltaí a roghnóidh an Ghaeilge ardleibhéíl don tSraith Shóisearach agus don Ardteist.

2013 an bhliain dheireanach gur thug céatadán níos isle de dhaltaí faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach, nó an Teastas Sóisearach mar a bhí.  47% a bhí i gceist in 2013, 27,360 as an 58,798 dalta a rinne scrúduithe na bliana sin.

Níor reáchtáladh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime ach in 2019 thug 51% de na daltaí faoi scrúdú ardleibhéil Gaeilge.

2022 an chéad uair ó 2016 go ndearna níos lú ná duine as gach beirt a rinne an a rinne na scrúduithe seo an Ghaeilge ardleibhéil.

Deir Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, gur “ábhar mór imní” don eagraíocht é go bhfuil titim i líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí.

“Gan aon amhras beidh impleachtaí móra aige seo ar líon na ndaltaí a leanann leis an nGaeilge ag leibhéal na hArdteiste amach anseo, agus is in olcas a rachaidh cúrsaí má leanann rudaí ar aghaidh mar atá siad faoi láthair.”

Tugadh rabhadh faoin tionchar a bheadh ag na hathruithe a rinneadh ar an siollabas Gaeilge don tSraith Shóisearach ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Bhí Ó Coinn i láthair ag an gcruinniú sin i dTeach Laighean agus deir sé nach aon iontas an laghdú atá tagtha ar líon na ndaltaí a dhéanann an Ghaeilge ag an ardleibhéal. Deir sé go bhfuil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ag labhairt amach faoin imní orthu faoin gcúrsa nua Gaeilge do scoileanna T2, scoileanna Béarla an stáit.

“Creidimid gur cheart athruithe suntasacha a dhéanamh ar na sonraíochtaí, ar an measúnú agus ar na scrúduithe leis na fadhbanna seo uile a chur ina cheart,” arsa Ó Coinn.

I measc na moltaí atá curtha chun cinn ag An Gréasán, deirtear gur chóir an scrúdú cainte riachtanach a thabhairt ar ais, scrúdú a mbeadh ar a laghad 40% de na marcanna ag dul leis. Deir siad gur chóir líon na dtéacsanna litríochta atá le staidéar a laghdú go mór agus athruithe a dhéanamh ar na torthaí foghlama.

“Ba cheart go gcothódh córas na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil san fhíorshaol.

“Tá súil againn go n-éistfear le saineolas na múinteoirí atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dár ndaltaí agus dár dteanga agus go gcuirfear tús leis na hathruithe seo gan mhoill,” a deir Ó Coinn.

Is i mbliana a chuaigh daltaí a thug faoi na scrúduithe nua T1 agus T2 don Ghaeilge den chéad uair.

2,599 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 136 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

54,272 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa nua Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2.

29,540 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 24,732 a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

Ag an ardleibhéal is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 3.6 % de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100. I gcás an scrúduithe T2, 2.6% a bhí i gceist.

Sa scrúdú ardleibhéil T1 fuair 23% an dara grád is airde, idir 75-90, i gcomparáid le 20.6% sa scrúdú T2.

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh inné ní dhearna 10,123 dalta aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana. B’ionann sin agus 15% de na daltaí a rinne scrúduithe na bliana seo, ardú ó 13% in 2019.

881 dalta nach ndearna aon scrúdú Béarla, 1.3% de na daltaí a rinne na scrúduithe.

Níos mó