Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘caithfidh-muinin-a-bheith-agat-sa-phroiseas-agus-tu-ag-imirt-spoirt’

‘Caithfidh muinín a bheith agat sa phróiseas agus tú ag imirt spóirt’

| jeff neville | ,

Ní mór duit muinín a bheith agat agus tú ag imirt spóirt. Ní mór duit creidiúint i do chumas féin agus creidiúint go bhfuil tú ag déanamh an ruda chirt, fiú má tá ag teip ort. 

Caithfidh muinín a bheith agat sa phróiseas. Feictear é go minic nuair a bhíonn drochthús ag foireann éigean i gcluiche nó i séasúr fiú. Deireann na himreoirí agus an lucht bainistíochta go bhfuil siad ag leanúint an phróisis agus go leanfaidh siad ar aghaidh leis an bplean. 

Chonaiceamar dhá thoradh an deireadh seachtaine seo caite a léiríonn an smaoineamh sin. Chuaigh Dún Éideann chun cinn in aghaidh na Mumhan agus, ag breathnú ar an gcéad leath amháin, déarfá nach raibh seans ag an Mumhain an cluiche a bhuachan. Ach lean siad leis an bpróiseas, scóráil siad 31 phointe gan freagra, agus bhuaigh siad an cluiche. Sheol mé teachtaireacht chuig imreoir amháin a d’imir sa chluiche sin, agus d’fhreagair sé le focal amháin: “building”. Is léir go bhfuil muinín aige, agus acu, sa phróiseas. 

Tharla an rud céanna an oíche dár gcionn i gcluiche eile. Chuaigh Ulaidh chun cinn in aghaidh Laighean agus, tar éis na chéad leithe, bhíothas ag smaoineamh go mbeadh an bua acu ag deireadh an chluiche. Chaill Laighin Cian Healy tar éis fiche nóiméad mar gheall ar chárta dearg agus bhí siad ag streachailt le luas an chluiche. 

Bhí Ulaidh 3-22 chun cinn ag pointe amháin. Ach bhí muinín ag Laighin ina bpróiseas féin. Bhí muinín acu sa struchtúr imeartha, idir chosaint agus an ionsaí. Lean siad ar aghaidh ag déanamh iarrachta a struchtúr imeartha a imirt agus d’oibrigh sé. Ag lán ama, bhuaigh Laighin 38-29. 

Chonaiceamar dhá fhoireann ag leanúint ar aghaidh lena bpróiseas agus ag fáil an lámh in uachtar mar thoradh ach tá sé an-deacair an próiseas a leanúint nuair nach bhfuil cluichí á bhuachan agat. Chonaiceamar é sin freisin le cúpla lá anuas i gcás Wayne Pivac, a bhí i gceannas ar fhoireann náisiúnta na Breataine Bige, ag cailliúint a phoist mar phríomhchóitseálaí na foirne. Bhí stíl imeartha iontach ag na Scarlets faoi stiúir Pivac, ach ní raibh sé in ann an stíl imeartha chéanna a chur i bhfeidhm leis an mBreatain Bheag. 

Faraor, an rud faoi rugbaí ag an leibhéal sin ná, don chuid is mó de, má dhéanann tú botúin caillfidh tú an cluiche. Agus rinneadh an iomarca botún faoi stíl imeartha Pivac. Le déanaí, chaill siad in aghaidh na hIodáile agus níos déanaí arís in aghaidh na Seoirsia. Bhí seans ann go raibh rudaí chun athrú in aghaidh na hAstráile nuair a chuaigh siad 34-13 chun tosaigh le fiche nóiméad fágtha sa chluiche, ach chaill siad an cluiche sin freisin. Faoi stiúr Pivac, níor bhuaigh an Bhreatain Bheag ach 13 cluiche as 34.

Bhí an WRU sásta an post sin a thabhairt to Warren Gatland, fear a bhí i gceannas sular tháinig Pivac isteach. Rinne Gatland go leor rudaí maithe sular fhág sé agus, mar thoradh ar an méid sin, tá muinín ag an bpobal ann. Ar an bpointe boise, tá lucht leanúna na Breataine Bige i bhfad níos sásta. Sin an éifeacht atá ag muinín, cé nach bhfuil Gatland i gceannas arís ach ar feadh cúpla lá. Beidh sé i gceannas na foirne go dtí an chéad chorn domhanda eile (ar a laghad) agus táim cinnte go ndéanfaidh sé go leor athruithe idir anois agus an comórtas sin. Agus beidh muinín ag na himreoirí sna hathruithe sin. 

Chonaiceamar an rud céanna thall i Sasana, nuair a scaoileadh le Eddie Jones ar an Máirt. Ní raibh séasúr thar mholadh beirte ag Sasana agus, leis an bhfoireann ag tabhairt aghaidh chuig an gcorn domhanda i gceann naoi mí, ceapadh gur ceart bainisteoir eile a thabhairt isteach chun iad a stiúradh, díreach ar nós céard a tharla sa Bhreatain Bheag Dé Luan. Ní thuigim cén fáth go ndéanfaidís rud mar sin anois agus ní anuraidh.

B’fhéidir go bhfuil sé seo aisteach a rá, ach níl mórán brú ag teacht ón bpobal ar an mbeirt seo anois (Gatland agus pé duine a thagann isteach in áit Jones). Cinnte, beidh brú orthu na rudaí cearta a chur i bhfeidhm agus beidh siadsan (agus na himreoirí) ag iarraidh an choirn dhomhanda a bhuachan. Ach níl ach naoi mí acu go dtí go dtosaíonn an corn domhanda.

Níl ach thart ar naoi gcluiche acu chun triail a bhaint as rudaí nua agus struchtúir nua a chur i bhfeidhm. Bhí i bhfad níos mó ama ag gach aon phríomhchóitseálaí eile. Ach tháinig Erasmus isteach mar phríomhchóitseálaí na hAfraice Theas thart ar bhliain go leith roimh an gcorn domhanda deireanach agus bhuaigh siad. Tharla an rud céanna le Wayne Smith leis na Black Ferns. An dtarlóidh rud mar sin arís an bhliain seo chugainn? Is maith an scéalaí an aimsir. 

Níos mó