Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ceannaigh-sa-ghaeltacht!-moltai-bronntanas-as-corca-dhuibhne

Ceannaigh sa Ghaeltacht! Moltaí Bronntanas as Corca Dhuibhne

| Slaine Ni Chathallain | ,

Cheapas go rabhas rite amach as bronntanais Nollag ó Chorca Dhuibhne nó go gcuireas caipín na samhlaíochta orm arís. Chuas ag bóithreoireacht timpeall na dúthaí agus féach go dtána ar mhórán féiríní beaga a bheadh oiriúnach dos na haon sórt duine, agus na haon sórt cuntas bainc! 

An mbraitheann aoinne eile go bhfuil an Nollaig tagtha saghas aniar aduaidh orthu i mbliana? Braithimse pé scéal é agus gan aon siopadóireacht déanta fós, agus chun an fhírinne a rá, leisce scaoileadh faoi. Pé scéal é, má thánn tusa leis, pioctha ag an leisce, ní gá duit an tolg a fhágaint, mar tá bronntanais roghnaithe agam i mbliana duit, a léitheoir, is féidir a cheannach ó shiopaí Chorca Dhuibhne trína suíomhanna idirlín. Seo linn!

Seaicéad lomra ón gcomhlucht nuabhunaithe Outwest ar €58

Is fé stiúir Shane Finn agus Rebecca Hoban atá an comhlacht nuabhunaithe seo, ar Shráid an Doirín sa Daingean. Tá éadaí acu do dhaoine a bhíonn ag dreapadh agus ag spaisteoireacht lasmuigh. Tá geansaithe, caipíní, barraíocha agus seaicéid lomra acu mar aon le féiríní eile ar a suíomh . Tá ceann uaine acu agam féin agus tá sé breá cluthair, caithfidh mé a rá. Nach deas a bheadh ceann acu agus béile mór na Nollag á chur dó nó di ag Mam nó Daid tráthnóna Lae Nollag nó Lá an Dreoilín? Is fearr ná san an lascaine 10% atá tugtha ag Shane agus Rebecca dúinn do léitheoirí nós. Cuir “NOS10” sa bhosca agus tú ag íoc agus beidh agat!

Dearbhán d’Ionad Folláine Chorca Dhuibhne

Tar éis bús agus griothal na Nollag ar fad, is breá le daoine a scíth a ligint. Canathaobh ná ceannófá dearbhán dos na folcthaí feamainne dod’ dheirfúr agus a páirtí, nó dod’ thuismitheoirí, agus beid ábalta a scíth a ligint i bhfolcadh an duine, in aon tseomra amháin. 

Táim cinnte gur bhreá leo leithscéal éigin chun cuairt a thabhairt ar Chorca Dhuibhne in 2023. Piocann iascairí Bhaile na nGall in Iarthar Duibhneach feamainneach freiseáilte gach aon lá dos na folcthaí seo agus súnn an cholainn isteach an súlach ar fad a thagann amach as an bhfeamainneach le linn do bheith san uisce te. Caithfidh tú críochnú le snámh breá ina ndiaidh ar Thráigh an Chléirigh, trasna an chosáin, chun na póireanna a dhúnadh! Gan dabht, tá i bhfad níos mó ná san le fáil san Ionad Folláine. Is anseo atá an t-eolas.

Sampla de bheoir Ghrúdlann Chiarraí Thiar

Táthar ag plé le deoch i dTábhairne Bhruic ar an Riasc ós na 1890idí agus le ladhar blianta anuas táthar ag táirgeadh beorach. Is lena gcuid uisce féin a dheineann siad an deoch, deoch atá ainmnithe go cliste i ndiaidh áiteanna i gCorca Dhuibhne, ar nós Cúl Dorcha, Carraig Dhubh (Pórtar) agus Béal Bán. Is féidir beart do dheich gcinn de bhuidéil leanna a fháil anseo, agus mórán earraí eile leis. Blaise de Chorca Dhuibhne ar €38 dóibhsean atá i bhfad i gcéin an Nollaig seo, b’fhéidir?

Ola don gcolainn

Ní ligeann The Coach House síos sinn aon bhliain. Díoladh na haon choinneal La Bougie a bhí ag Gráinne Kavanagh an chéad bhliain a dheineamar liosta bronntanas ó Chorca Dhuibhne! Táim ag súil gur sibhse a cheannaigh a bhformhór! Pé scéal é, i mbliana, tá sí lán go barra d’fhéiríní atá déanta in Éirinn. Molann Gráinne féin go mór an ola seo. Cuireann braoinín beag don ola seo ar chaol do láimhe ar do shuaimhneas ar an bpointe tú, agus cabhraíonn sé leat socrú síos, a deirtear. €29.95 atá air agus is féidir é a chur go dtí aon áit ar fud an domhain. Thaitneodh seo le duine a bhíonn i mbun machnaimh, duine atá ag fulaingt nó duine a bhíonn ag síor-imeacht. 

 Sócamaistí ón Siopa Beag Cáise

An bhfuil aon ní níos fearr ar domhan ná suí siar, faire ar scannán agus a bheith ag piocadh leat ar bhlúirí cáise agus ag ól bolgam fíona? Bronntanas ana-dheas é seo ó Shiopa Beag Cáise an Daingin. Tá buidéal fíona (geal nó dearg), roghanna difriúla cáise (ceithre rogha ar fad) a fhaigheann Mark Murphy, úinéir an tsiopa ó dhéantúsóirí áitiúla cáise, agus craicir sa chiseán seo, ar €58.

Seodra nua-aimseartha Só Bhrian de Staic

Tá na píosaí seodra traidisiúnta ar chruth na gcloch Oghaim agus a dheineann an seodóir Brian de Staic aitheanta ar fud an domhain faoin dtráth seo, go háirithe slabhraí na gcloch oghaim. Cad faoi rud éigin difriúil uaidh, áfach, déanta sa Daingean? Tá slabhra aoibhinn ar fáil, ar féidir leat céadlitir ainm an té a bhfuil tú á thabhairt dó a fháil greanta air. €50 atá ar seo, nó €45 gan aon litir. Tá ualach eile roghanna ar an suíomh idirlín leis.

Mugaí ó Shinéad Lough   

Tá siopa beag aoibhinn ag an potadóir Sinéad Lough i mBaile an Fheirtéaraigh agus í ag plé leis an gceird seo le 15 bliana anois. Deineann sí mugaí aoibhne a bheadh oiriúnach don gcaifé espresso as cré agus pictiúir aoibhne d’fhaoileáin agus na tonnta orthu. Bheadh ceithre cinn acu seo go hálainn d’éinne ar breá lena gcroí caifé. Is féidir babhla siúcra agus crúiscín a cheannach leo, leis an ndearadh céanna. Tá mórán píosaí eile ar nós babhlaí agus mugaí móra ar a suíomh leis. 

Beart leabhar ó Thús Maith

Cad a líonfaidh stoca na Nollag? An beart leabhar seo ón eagraíocht Tús Maith. Tá cúig cinn de leabhair anois sa tsraith Orla Uan. Leabhair iad seo a bhogfadh croí éinne, pé acu óg nó aosta. Ná bí ag caint ar dhea-Ghaolainn. Eibhlín Uí Iarlaithe an t-údar, iar-mhúinteoir scoile, scríbhneoir agallaimh beirte, file agus saoi ar Ghaolainn Chorca Dhuibhne. Bheadh an beart seo, ar chostas €45 go haoibhinn ón suíomh nó ceann éigin, cluiche cuimhne Chorca Dhuibhne! €10 atá san. Tá mórán roghanna eile ar an suíomh idirlín a shásódh fear nó bean nó páiste! 

Sea, sin iad mo roghanna i mbliana. Tá an Nollaig anuas orainn, mar sin tá sé thar am dul ag ceannach!

“Luífidh mac Dé, ins an tig seo anocht.”

Níos mó