Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘fanaim-sa-leaba-chomh-mall-agus-is-feidir-ionas-go-ndeanfaidh-beile-amhain-sa-la-sinn’

‘Fanaim sa leaba chomh mall agus is féidir ionas go ndéanfaidh béile amháin sa lá sinn’

| Poilin Ni Chiarain | ,

‘Fanaim sa leaba chomh mall agus is féidir ionas go ndéanfaidh béile amháin sa lá sinn.’ B’fhéidir dá bharr sin go mbeidís in ann umar ola le haghaidh teasa a cheannach an tseachtain seo chugainn, a dúirt an bhean a ghlaoigh ar an raidió. Labhair bean eile faoina comhrá lena mac is í ag míniú dó go mb’fhéidir go mbeadh Daidí na Nollag ar an ngannchuid an Nollaig seo. D’inis fear cársánach faoin tionchar a bhí ag fuacht ar a shláinte.

Liosta le háireamh na daoine a ndéanfadh an £600 de dheontas difríocht ollmhór ina saol. Cheap go leor go mbeadh £400, ar a laghad, faighte acu an mhí seo caite agus chuir siad san áireamh é ina mbuiséad. Go deimhin is iomaí duine a fuair iasacht ag ceapadh gur ghearr go dtiocfadh an t-airgead ón státchiste chun é a aisíoc.

Deir eagraíochtaí carthanachta nach bhfuil sna cuntais a cluineadh go poiblí ach an chuid is lú den scéal faoi chruatan agus anró na sluaite. Ní daoine dífhostaithe amháin atá ag iarraidh cabhrach an babhta seo. Chomh maith le hoibrithe páirtaimseartha, daoine ar phá an-íseal, áirítear go bhfuil altraí agus múinteoirí scoile ag brath ar chabhair amanta.

Tuairiscíonn na bancanna bia go léir méadú 25% nó níos mó ar éileamh ar bheartanna do dhaoine fásta agus páistí. Tá 45 banc bia ag iontaobhas Trussell a dúirt dhá mhí ó shin go raibh méadú de thrian ar an líon daoine a bhí ag tarraingt orthu. Tá suas le dosaen bancanna bia eile á rith ag cumainn bheaga áitiúla agus cúpla carthanacht sheanbhunaithe.

Tá imeachtaí speisialta á rith ag cumainn pheile, iomána, siúlóidí is eile chun airgead a bhailiú do na carthanachtaí agus é soiléir go dtuigeann gach aicme cé chomh forleathan is atá an cruatan. Bhronn an dornálaí Michael Conlan £5,000 ar bhanc bia in iarthar Bhéal Feirste atá ag cur dearbháin le haghaidh bréagán ar fáil chomh maith le bia ionas nach mbeidh aon pháiste gan Nollaig.

Agus fós féin beidh daoine ar an bhfaraor géar. Is mór idir éacht na n-oibrithe deonacha lena lucht tacaíochta agus siléig na bpolaiteoirí. Leathbhliain ó shin gheall Seansailéir an Státchiste (Rishi Sunak) £200 chun cuidiú le daoine i ngach ceard den Ríocht Aontaithe an méadú mór ar chostas fuinnimh a sheasamh. Ba ghearr gur léir nár leor sin agus méadaíodh an tsuim go £400. Tá dhá ghála den deontas faighte ag teaghlaigh sa Bhreatain Mhór, gan pingin ná leathphingin faighte abhus.

Ní hionann an córas soláthair fuinnimh i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór agus is teas ola atá ag móramh abhus murab ionann agus thall. Dá bhrí sin bhí socruithe leithleacha riachtanach agus ceadaíodh £200 punt sa bhreis, £600 ar fad. Bheadh na múrtha fáilte roimhe – ach níl aon amharc air.

Dá mbeadh Feidhmeannas i Stormont chuirfí an ciste i sparán Thuaisceart Éireann agus bheifí in ann scéim logánta a dhearadh go sciobtha – nó níos sciobtha ná mar atá déanta go fóill ar aon nós. I bhfianaise bhaghcat an DUP ní raibh Stormont in ann déileáil le scéim nua ar bith d’uireasa céad agus leaschéad-aire ó mhí Feabhra seo caite. Is faoin Roinn Fuinnimh in Whitehall i gcomhar leis an Státchiste a bhí sé an t-airgead a chur ar fáil do phobal an Tuaiscirt.

Le linn na guagachta i measc na dTóraithe is scuainí de dhaoine éagsúla sna príomhoifigí stáit, bhí airí sealadacha Stormont ag rá go raibh tine á coinneáil acu faoi fheidhmeannaigh i Londain; saothar in aisce is cosúil. Mhaígh Gordon Lyons, an DUP, go raibh barántas ag a pháirtí ó Liz Truss go bhfaigheadh muintir an Tuaiscirt an t-airgead in aon íocaíocht amháin i mí na Samhna.

Bhí dul amu ar an DUP is léir nó deir an dream atá i gcumhacht anois nach mbeidh na comhlachtaí soláthair fuinnimh abhus faoi réir chun déileáil leis an deontas go dtí an bhliain nua. Gheobhaimid an t-airgead ‘roimh dheireadh an gheimhridh’ dar leis an ráiteas is deireanaí, mí Eanáir nó Feabhra. Nó Márta seans, beidh an fuireach fada, fuar is baolach.

Tá rialtas Rishi Sunak ag cur milleán ar an DUP faoin moill, mar atá Sinn Féin, Alliance, UUP, SDLP agus Pobal seachas Brabús. Níl an DUP ag géilleadh don mbrú, iadsan ag cur cleasaíochta i leith na dTóraithe. Gan dabht tá rialtas Sunak mífhoighneach leis an DUP ach é ag cinneadh ar an Státrúnaí Chris Heaton-Harris a áiteamh ar Jeffrey Donaldson agus a pháirtí éirí as an mbaghcat ar Stormont.

Ina ionad sin tá an DUP ar an ionsaí ag liostáil na mbotún – nó na gclaonbheart – a rinne Whitehall i dtaca leis an deontas agus ag fáil locht ar na páirtithe a bhí in Stormont go dtí tús na míosa seo caite.

Iomarbhá in áit gnímh, cén mhaith é sin do dhaoine atá bocht dearóil?

Níos mó