Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
suiomh-nuachta-i-ngaeilge-‘shimpli’-seolta-ag-extra

Suíomh nuachta i nGaeilge ‘shimplí’ seolta ag Extra

| Maitiu O Coimin | ,

Tá suíomh nua nuachta Gaeilge ar an saol anois agus suíomh Gaeilge seolta ag DMG Media, ar leo Extra.ie. Seoladh ExtraG.ie an tseachtain seo caite agus tá ailt nuachta, siamsaíochta, agus spóirt á bhfoilsiú ar an ardán nua ó shin. 

Is foilseacháin de chuid DMG Media iad Daily Mail, The Mail on Sunday, Ireland on Sunday, New Scientist, Irish Daily Mail, Evoke, agus foilseacháin eile nach iad. 

Is iad Garett Murphy, príomheagarthóir Extra.ie, Joe Breathnach atá i mbun an tsuímh nua. Tá a chlár féin ag Joe Breathnach, Blas na Cathrach, ar Raidió na Life i mBaile Atha Cliath agus tá taithí na mblianta aige mar eagarthóir le DMG Media. Tá roinnt alt scríofa aige do Tuairisc.ie i gcaitheamh na mblianta freisin. 

“An rud atá i gceist le ExtraG.ie ná an nuacht is déanaí a bheith ar fáil i nGaeilge shimplí. Tá Tuairisc.ie an-mhaith, ach is suíomh le haghaidh Gaeilgeoirí a bhfuil Gaeilge an-mhaith acu é sin, agus níl RTÉ ag cur mórán amach i nGaeilge ar chor ar bith. 

“Rinne é máistreacht le déanaí ar shuíomhanna nuachta Gaeilge, agus bhí mé ag obair ar feadh blianta leis an Irish Daily Mail. Labhair mé le Paul Henderson, príomhfheidhmeannach DMG Media, le haghaidh an tráchtais agus dúirt sé féin go mbeadh suim ag an gcomhlacht rud mar sin a fhorbairt,” a dúirt Joe Breathnach le NÓS. 

Dúirt sé gur dírithe ar “dhaoine óga nach cainteoirí líofa iad” ná nach bhfuil “cónaí orthu sa Ghaeltacht” atá ExtraG.ie agus go mbeidh réimse leathan scéalta ann i nGaeilge atá éasca a thuiscint. 

“Tá teacht againn ar na scéalta, na pictiúir, agus na físeáin a bhíonn ar Extra.ie. Tosaíonn muid ag a sé a chlog ar maidin agus téann sé nó seacht scéal amach, agus bíonn sé nó seacht scéal eile ann sa tráthnóna. Cuireann muid amach i nGaeilge shimplí iad agus cúpla focal Béarla idir lúibíní do dhaoine nach dtuigfeadh gach focal. Tá sé dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge scoile acu i ndáiríre,” a dúirt Joe.

Is aistriúcháin ar na hailt Bhéarla atá ar fáil ar Extra.ie atá i bhformhór mhór na n-alt Gaeilge ar ExtraG.ie, agus scéalta ann faoi chúrsaí reatha chomh maith le hailt faoi shaol na siamsaíochta agus chúrsaí spóirt. 

Dúirt Joe go gcabhraíonn a thaithí mar fho-eagarthóir ar nuachtán táblóideach go mór leis an gcur i láthair simplí agus éasca a thuiscint agus gur bhraith sé go raibh “géarghá” lena leithéid i nGaeilge. 

“Bhí mé ar cuairt ar mo mhac atá ina chónaí sa Chatalóin le déanaí agus chonaic mé an méid rudaí atá ann don Chatalóinis sa tír sin. Níl againn in Éirinn ach stáisiúin phobail agus Raidió na Gaeltachta, atá ina stáisiún réigiúnach. Níl aon chomhlacht tráchtála náisiúnta ann a chuireann ábhar ar fáil i nGaeilge. Nuair a bhí mé ag caint le Paul Henderson faoi seo don tráchtas, rith sé liom go mbeadh sé iontach dá mbeadh na meáin in Éirinn ag déanamh brabúis i nGaeilge.

“Dúirt Paul liom gur luaigh na gníomhairí fógraíochta go mbeadh deiseanna ann go luath fógraí Gaeilge a dhíol agus go mbeadh spéis ag DMG an deis sin a thapú. Is dóigh liomsa go bhfuil sé iontach go bhfuil rudaí ag dul sa treo sin anois agus go bhfuil comhlachtaí príobháideacha móra ag cur spéis sa Ghaeilge,” a dúirt Joe le NÓS.  

Níos mó