Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘t’was-the-night-before-christmas’-foilsithe-i-ngaeilge

‘T’was The Night Before Christmas’ foilsithe i nGaeilge

| Maitiu O Coimin | ,

Tá leagan Gaeilge den dán cáiliúil ‘A Visit From Saint Nicholas’, nó ‘T’was The Night Before Christmas’ mar is fearr aithne air, curtha i gcló ag an bhfoilsitheoir Leabhar Breac. Cuairt San Nioclás an teideal atá ar an leabhar nua faoi chlúdach crua atá curtha amach ag Leabhar Breac díreach in am don Nollaig. 

Is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an dán a scríobh an Meiriceánach Clement Clarke Moore beagnach dhá chéad bliain ó shin agus is iad na léaráidí a tharraing an t-ealaíontóir Jessie Willcox Smith atá san eagrán nua Cuairt San Nioclás

“Tá mé ag obair ar an leagan seo le dhá bhliain anuas nó níos mó. Tá muid den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ábhar mar seo ar fáil i nGaeilge mar tá ganntanas ann. Níl an oiread sin ábhar litríochta ann i nGaeilge a bhaineann leis an Nollaig, go mór mór don aos óg agus tá rudaí mar seo tábhachtach do na gasúir féin, dá dtuismitheoirí agus dá múinteoirí scoile.

“Bíonn ag litríocht ag croí na bhféilte móra, nó ba cheart go mbeadh, agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge. Tháinig na léaráidí seo san eagrán Gaeilge seo ó eagrán a foilsíodh in 1912 leis an ealaíontóir clúiteach Jessie Willcox Smith, agus chaith mé féin cúpla bliain ag plé leis an aistriúchán féin agus leagan amach an leabhair. Bíonn dúshlán mór ann dánta agus amhráin a aistriú agus bhí an dán seo chomh deacair céanna le ceann ar bith eile,” a dúirt Darach Ó Scolaí le NÓS. 

Rugadh Clement Clarke Moore ar Chearnóg Chelsea i Nua-Eabhrac in 1781 agus chónaigh sé sa chathair sin go lá a bháis in 1863. D’fhoilsigh sé foclóir Eabhraise, Hebrew and English Lexicon, in 1809 ach is mó i bhfad a cháil mar gheall ar an dán do pháistí a scríobh sé os cionn deich mbliana ina dhiaidh sin. 

Mar bhronntanas dá chlann óg a scríobh sé ‘Cuairt San Nioclás’ agus is beag páiste i saol an Bhéarla nár chuala an dán á aithris aimsir na Nollag, ar scoil nó cois teallaigh. Beidh an pléisiúr céanna anois ag gasúir na Gaeltachta agus an dán ar fáil dóibh ina dteanga féin. 

“Dán é seo a raibh an-tionchar aige ar an tuiscint a bhí, agus atá fós, ag Meiriceánaigh ar an Nollaig – tuiscint atá coitianta go maith taobh amuigh den tír sin ó shin. Deirtear gur sa dán seo is túisce a leagadh béim ar Oíche Nollag mar fhéile inti féin agus gur chuir sé go mór leis an nós a bhíonn againn sa lá atá inniu ann féiríní a thabhairt dá chéile faoi Nollaig. 

“Cosúil leis an úrscéal gearr Duan na Nollag leis an Sasanach Charles Dickens, chruthaigh ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ samhail den Nollaig ar ghlac léitheoirí go fonnmhar léi. Is ón dán seo freisin a fuaireamar ainmneacha na n-ocht réinfhia atá ag San Nioclás,” a dúirt Darach. 

Is féidir Cuairt San Nioclás a cheannach ar shiopa idirlín Leabhar Breac anois, mar a bhfuil sladmhargadh Nollag ar siúl. 

Chuir Clíona Ní Ghallachóir as Mín an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill, leagan den dán céanna amach i nGaeilge Uladh amach mar chomhad fuaime dhá bhliain ó shin. 

Níos mó