Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-mumha-fos-ag-feabhsu-leo’

‘Tá Mumha fós ag feabhsú leo’

| jeff neville | ,

Cé gur chaill Mumha in aghaidh Toulouse ag an deireadh seachtaine den tríú huair le naoi mí, tá difríochtaí ollmhóra idir an chéad chluiche agus an dhá chluiche eile. 

Más ag caint faoin gcéad chluiche atá muid, bhí Mumha ag deireadh tréimhse tógála. Bhí van Graan ag fágáil ag deireadh an tséasúir. Bhí sé ag deireadh a ama leis an gcúige agus imríodh an cluiche le foireann a thóg sé céim ar chéim le linn na gcúig bliana sin. Comhscór a bhí ann ar an lá (chaill Mumha tar éis ciceanna éirice a thógáil) ach ní mar a shíltear a bhítear ó thaobh cumas na foirne de: chaill siad in aghaidh Laighean agus ansin in aghaidh Uladh chun droch-chríoch a chur leis an séasúr. 

Agus b’iad na cailliúintí sin a thug lagmisneach don lucht leanúna. Ní foireann láidir a bhí ag Laighin agus ní dhearna Mumha rud ar bith in aghaidh Uladh ach an oiread.

Naoi mí níos déanaí agus pictiúr iomlán difriúil atá ann. Cé gur chaill Mumha faoi dhó in aghaidh Toulouse le linn na sé seachtaine dheireanacha, chruthaigh an dhá chailliúint sin i bhfad níos mó spioraid i measc an lucht leanúna ná an comhscór thuasluaite sin. Tá Rowntree fós ag tógáil a fhoirne féin. Nuair a fuair sé an ról mar príomhchóitseálaí na foirne, tháinig sé in oidhreacht imreoirí nár shínigh sé; roinnt acu nach raibh ag imirt go maith le tamall roimhe sin. Thóg sé isteach cóitseálaithe nua, stíl cosanta nua, stíl imeartha nua, agus stíl traenála nua. 

Tá go leor ráite faoin stíl traenála nua sin. Bíonn siad ag traenáil go tapa, ag cur brú orthu féin chun an rogha cheart a dhéanamh agus iad tuirseach agus faoi bhrú. Tá siad ag iarradh nósanna maithe a chruthú mar, nuair a chuirtear brú ort, téann tú siar go dtí na nósanna atá cleachta agat. Más nósanna maithe iad, beidh an toradh níos fearr agat. Thóg sé seo tamall le tabhairt isteach agus le cleachtadh; ní dhéanfar dearmad ar an gcluiche cinniúnach sin a chaill siad in aghaidh na Dragons ag tús an tséasúir. Ach an rud ná, bhí a fhios ag daoine go raibh athrú ag teacht agus go dtógann sé am, agus mar sin bhí daoine tuisceanach.

Anois tá daoine ag feiceáil na n-athruithe. Tá Mumha ag imirt le stíl, le luas, agus le misneach. Cé gur chaill siad ag an deireadh seachtaine, bhí seansanna cruthaithe acu agus b’fhéidir go raibh mí-ádh orthu nár bhuaigh siad an cluiche. Bhí drochthús amach is amach acu ach tháinig siad ar ais chun a stampa féin a chur ar an gcluiche; rud nár tharla le roinnt blianta anois. Bhainistigh siad cumhacht Toulouse agus scóráil siad ceann de na húid is fearr a fheicfidh tú sa chomórtas i mbliana; úd a mbeadh Toulouse iad féin sásta leis. 

Don chéad bhabhta eile beidh orthu taistil chuig an Afraic Theas chun aghaidh a thabhairt ar na Sharks, foireann atá  lán le himreoirí idirnáisiúnta. Turas fíordheacair a bheidh ann ach ceapaim go mbeidh Rowntree beagáinín sásta go bhfuil orthu dul ann. Tá céimeanna ollmhóra tugtha ag a fhoireann cheana féin i mbliana agus tá sé fós ag iarraidh aitheantas na foirne seo a chruthú. Tá sé ag iarraidh creidiúint a chothú. Tá sé ag iarraidh carachtar na n-imreoirí a fheiceáil go soiléir. Agus teastaíonn creidiúint, carachtar, agus láidreacht intinne chun bua a fháil san Afraic Theas. 

Níos mó