Tá an bhliain ag éalú uainn go sciobtha lagus Lá Fhéile Vailintín linn arís. Seo cúpla nod maidir le cártaí agus bronntanais don lá féin, má tá tú chun é a cheiliúradh – tá neart daoine a fhanann glan air! Ach ar a laghad, b’fhéidir go gcuirfidh tú aithne ar chúpla gnó ónár n-Eolaire Gnó nach raibh tú ar eolas fúthu cheana.
Is iontach an rogha atá againn de chártaí Gaeilge anois. Seo samplaí de na cinn atá ar fáil ó Connect the Dots Design, Mireog, An Siopa Leabhar agus Prints of Ireland, ach is fiú cuairt a thabhairt ar shuíomhanna na siopaí seo agus siopaí eile cosúil le Dingle Wild Card agus Siopa Údar, chun níos mó a fheiceáil. De ghnáth, bíonn níos mó á dhíol acu na cártaí amháin, cúis mhaith eile cuairt a thabhairt orthu.
Bláthanna, seodra, cosmaidí, comhartha ghrá – sin iad na bronntanais thraidisiúnta don lá seo. Féach thíos ar shamplaí de na hearraí atá ar fáil ó Siopa an Carn, Bláthanna Tigh Mhistéil, Brian de Staic agus Cló Publishing, chun tú a spreagadh agus a chur ag smaoineamh, b’fhéidir.
B’fhéidir go dtaitneodh lón beag in ionad dinnéir mór oíche Lá Fhéile Vailintín, cosúil le cístí ó Tig Áine (Ciarraí) nó caife ag an Town House Hotel (Cill Dara). Agus bíonn fáilte go hiondúil roimh mhilseáin agus biotáillí neamhghnácha, cosúil leis an jin sútha talún ó Blackwater Distillery nó fudge blasta ó man of aran fudge.
Bronntanas don bheirt agaibh is ea sos beag a thógáil. Arís tá an-rogha de lóistín ann timpeall na tíre, cosúil le Teach Campbell (Dún na nGall) agus Inis Meáin Restaurant & Suites (Gaillimh), nó is féidir teach a thógáil ar bhonn féinfhreastail cosúil le Valentia Island Cottages (Ciarraí) agus An Teach Glas (Doire).
Tá súil againn gur chabhraigh an t-alt seo libh, agus go bhfuair sibh eolas ar chuid de na gnóthaí timpeall na tíre atá lánsásta cuidiú leat as Gaeilge. Bain triail as!