Deir bean a bhí ina céad Chathaoirleach ó Shinn Féin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus a bhí le seasamh san olltoghchán deireanach go bhfuil an iomarca géillte ag an bpáirtí ar mhaithe le dul i gcumhacht.
Bhí Tóireasa Ferris ar dhuine de na polaiteoirí is mó a raibh gealladh fúthu i Sinn Féin sular éirigh sí as an bpolaitíocht in 2019 ach deir sí anois nach bhféadfadh sí a rá go cinnte go gcaithfeadh si vóta don pháirtí sa chéad toghchán eile fiú.
Bhí Ferris ina comhairleoir contae i gCiarraí idir 2003 agus 2019 agus iníon í le Martin Ferris, a bhí ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin ar feadh nach mór scór bliain go dtí 2020.
Bhí Toiréasa le seasamh san olltoghchán in áit a hathar ach d’fhógair sí an bhliain roimh an toghchán nach raibh sí chun seasamh.
Agus í ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chinneadh Brendan Griffin éirí as mar Theachta Dála, labhair Ferris faoina cinneadh féin seasamh siar ón bpolaitíocht.
Dúirt sí gurb é an rud is mó nár thaitin léi faoi shaol na polaitíochta ná an an méid a chaithfí géilleadh gur níos measa a bheadh cúrsai dá mbeadh sí ag obair ag leibhéal náisiúnta.
Dúirt Ferris gur léir di go raibh Sinn Féin sásta géilleadh i dtaca le han-chuid ceisteanna ar mhaithe le dul i gcumhacht, cuid de bhunphrionsabail an pháirtí ina measc, dar léi.
“De réir mar a bhí an chosúlacht ann go mbeadh deis againn a bheith i gcumhacht, bhí rudaí a bhí ina red line issues ar feadh na mblianta go dtí sin nach raibh a thuilleadh. Níor shuigh sé sin go maith liom,” a dúirt Ferris.
Luaigh sí an seasamh a bhí ag Sinn Féin i dtaobh na Cúirte Coiriúla Speisialta agus ceist na cánach corparáidí ar na prionsabail a raibh imní uirthi a thréigfí.
“Ní raibh uaim a bheith páirteach i gcéard a bhí le bheith ar siúl acu. Tá súil agam go bhfuil mé mícheart. Poblachtánach mé. Tá an-chuid poblachtánaigh i Sinn Féin, tá an-chuid daoine i Sinn Féin nach dóigh liom gur Poblachtánaigh iad. B’fhéidir gur náisiúnaithe iad nó b’fhéidir gur sóisialaithe iad ach ní [poblachtánaigh] iad.”
Dúirt Ferris nach raibh sí ina bhall den pháirtí ó d’éirigh sí as an bpolaitíocht agus go gcaithfeadh sí machnamh faoi sula gcaithfeadh sí vóta do Shinn Féin as seo amach.
“Níl mé chun vótáil don pháirtí a thuilleadh. Tá mé chun vótáil don ionadaí a sheasann do na rudaí atá tábhachtach domsa agus déarfainn gurb é sin an tslí is fearr chun é a dhéanamh.
“Ag an am céanna, i mo thuairimse, is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí i láthair na huaire gur féidir [leo] cúrsaí a dhéanamh níos fearr. Tá mé sásta an moladh sin a thabhairt dóibh. Ach an mbainfidh siad an saghas tíre atá ag teastáil uaim agus a cheapaim go bhfuilimid ina teideal amach faoi dheireadh? Ní dóigh liom.”