Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
stiuideo-reigiunach-le-hoscailt-go-hoifigiuil-ag-raidio-ri-ra-i-ngaillimh-trathnona

Stiúideo réigiúnach le hoscailt go hoifigiúil ag Raidió Rí-Rá i nGaillimh tráthnóna

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá stiúideo réigiúnach le hoscailt go hoifigiúil ag Raidió Rí-Rá in Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe tráthnóna. Beidh an stiúideo i mbarr an tí san ionad Gaeilge ar Shráid Dhoiminic mar a raibh stiúideo Raidió na dTreabh in 2016. 

Is stáisiún cairtcheoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn á chraoladh ar líne den chuid is mó ach a bhíonn ar na haerthonnta FM ó am go chéile freisin. Tá sé ina sprioc mhór ag lucht Raidió Rí-Rá a bheith ar an gcéad stáisiún Gaeilge do dhaoine óga a bheidh ar fáil ar FM ar fud na tíre le fada an lá. 

Tógadh stiúideo raidió in Áras na nGael in 2016 don stáisiún raidió pobail Raidió na dTreabh a bhí ar an bhfód ar feadh tuairim is dhá bhliain ann. Tá an stáisiún pobail imithe i léig anois agus seilbh glactha ag Raidió Rí-Rá, a bhfuil a phríomhstiúideo i mBaile Átha Cliath. Thug Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil le forbairt a dhéanamh ar an stiúideo.

Is í Barbara Nic Dhonnacha, láithreoir le Galway Bay FM, a osclóidh an stiúideo nua go hoifigiúil in Áras na nGael anocht. Cuirfear fáilte roimh mhuintir na cathrach, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, agus “duine ar bith eile a bhfuil spéis acu sa chraoltóireacht” ag an ócáid.  Cuirfidh foireann Raidió Rí-Rá eolas os comhair an phobail faoi na pleananna atá ann don stiúideo agus don stáisiún, faoi na cúrsaí traenála a bheidh ar siúl ann, agus faoi na bealaí a d’fhéadfadh duine dul i mbun obair dheonach le Raidió Rí-Rá i nGaillimh agus ar fud na tíre. 

Beidh na podchraoltóirí atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe ‘Na Seansálaithe’ ar an láthair anocht agus craolfar eagrán speisialta dá gclár ar Raidío Rí-Rá ón stiúideo agus aíonna speisialta ar an ardán in éineacht leo. 

“Is iontach a bheith in ann an deis a sholáthar do dhream óg nua a bheith páirteach i gcraoladh Raidió Rí-Rá tríd an spás seo a chur ar fáil dóibh. Tá súil againn go n-eascróidh neart deiseanna, ócáidí, podchraoltaí agus cláracha nua raidió as an spás seo a oscailt,” a dúirt bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil, a bhíodh ina bainisteoir ar Raidió na dTreabh freisin. 

Cairtcheoil a bhíonn le cloisteáil ar Raidió Rí-Rá den chuid is mó chomh maith le corrchlár cainte ó am go chéile. Bunaíodh an stáisiún in 2008 agus is féidir éisteacht leis 24 uair an chloig sa lá seacht lá na seachtaine. Bíonn an stáisiún le cloisteáil ar FM ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana, go mór mór nuair a bhítear ag iarraidh aird a tharraingt ar an bhfeachtas stáisiún náisiúnta a dhéanamh de Raidió Rí-Rá. 

Níos mó