Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-bhfuil-faic-a-cheiliuradh-againn-la-fheile-padraig-no-an-leithsceal-e-chun-dul-ar-an-ndrabhlas?

An bhfuil faic á cheiliúradh againn Lá Fhéile Pádraig nó an leithscéal é chun dul ar an ndrabhlás?

| hannah ni chonghaile | ,

Táimid ar fad ar bís, deireadh seachtaine fada ag síneadh amach romhainn, formhór na tíre ag tnúth le péint aghaidhe glas a cur orthu féin agus imeacht amach. Beidh scuainí lasmuigh desna tithe tábhairne timpeall na tíre ó bhuile an mheánlae, t-léinte a deir ‘Póg Mo Thóin’ á gcaitheamh ag muintir New York agus gan dabht, tá abhainn Chicago glas cheana féin. É seo ar fad in omós dár nAspal Naofa, Pádraig. Beidh pórtar á ol ag ráta ná óladh riamh é agus gheobhaimid amach go bhfuilimid ar fad, i slí amháin nó i slí eile, nasctha le chéile mar is Éireannach na haoinne!

Cad atá chomh speisialta fé Phádraig Naofa? Tá trí naomhphátrún againn anseo in Éirinn, Pádraig, Bríd agus Colmcille. Tá cur amach againn ar fad ar Lá Fhéile Bríde, cinnte, an lá ar a dheintear crosóga Bríde agus a bhíonn teacht an earraigh á chéiliúradh. Den gcéad uair riamh fuaireamar lá saor ón obair chun an lá san a chéiliúradh i mbliana, agus eagraíodh imeachtaí timpeall na tíre in omós do Bhríd – bíodh í mar naomh againn nó mar bhandia págánach réamh-Chríostaíochta. Ní raibh na himeachtaí in omós do Bhríd chomh mór leis na cinn a bhíonn ar siúl do Lá Fhéile Pádraig, gan dabht, ach ar a laghad tá  fhios againn cé hí Bríd. Is as Corcaigh dom agus caithfidh mé a admháil nár chuala riamh aon trácht ar Lá Fhéile Colmcille.

Ní dheineann sé difear cá háit ar domhan atá tú, beidh Lá Fhéile Pádraig á chéiliúradh. Beidh éadach glas á chaitheamh, paráidí ar siúl, ceol traidisiúnta á seinnt, rince Gaelach de shaghas éigint á thaispeáint. Baileoidh muintir na hÉireann thar lear – agus táimid i ngach aon áit – agus beidh cuimhní cinn ón mbaile á roinnt. I mbliana go háirithe, leis an easpa tithíochta, costas seafóideach maireachtála agus fadhbanna eile na tíre seo, is féidir a bheith cinnte go mbeidh ceiliúradh mór groí sna cathracha móra san Astráil, sna Stáit Aontaithe, agus i gCeanada, chomh maith le háiteanna ar nós Dubai agus Abu Dhabi.

Cad a dhein Pádraig Naofa chun an céiliúradh seo ar fad a thuilleamh, nó cad é bunús an ragairne ar fad? Cad atá ar eolas ag muintir na hÉireann fén naomh mór glas seo? Seans gur cuimhin linn ar fad ón mbunscoil go dtugtar an chreidiúint dó as an gCríostaíocht a thabhairt chomh fada le hÉirinn. B’fhéidir gubh fhearr gur cuimhin linn gurbh eisean a thiomáin na nathracha nimhe ó Éirinn tráth, más fíor. Is dócha go bunúsach gur leithscéal é an 17 Márta chun muintir agus cultúr na hÉireann a chéiliúradh bíodh siad age baile nó i gcéin.

Nach deas é go bhfuil lá dár gcuid féin againn, a deintear ceiliúradh air timpeall an domhain. San ráite, n’fheadar an é Lá Fhéile Pádraig an lá is fearr chun aird an domhain mhór a tharraingt orainn féin. Chomh maith leis na taispeántais oifigiúla, beidh tithe tábhairne timpeall an domhain lán go barra ó mhaidin, le muintir na hÉireann agus eile ag ól a mbeatha agus Éire á comóradh acu. Fén dtráthnóna, beidh na sráideanna lán le daoine atá ólta go maith, ag dul ar thóir málaí sceallóga nó ag iarradh teacht ar thigh tábhairne a scaoilfidh isteach iad, ar nós cóisir Stag, ach níos measa.

Beidh na Gardaí cúramach Lá Fhéile Pádraig, chomh maith leis na fir dhorais, lucht freastal tithe tábhairne, lucht tacsaithe, agus oibrithe oispidéil. Féna sé a chlog maidin Dé Sathairn, beidh na sráideanna bánaithe. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh bruscar caite i ngach aon áit, múisc agus cannaí agus gloiní briste. Beidh earraí plaisteacha glasa aon-uaire á gcaitheamh sa bhosca bruscair agus ní bheidh duine ná deoraí le feiscint go dtín tráthnóna, seachas corrdhuine fós ag déanamh a shlí abhaile, daoine a sheachnaíonn an lá, chomh maith leis na daoine a bhíonn ag glanadh na sráideanna agus oibrithe deli.

Ní haon ionadh é go mbíonn an méid san jócanna fé mhuintir na hÉireann agus an t-ól!

Níos mó