Tá beagnach trí oiread daoine sa stát a deir go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu ná mar atá daoine a labhraíonn gach lá taobh amuigh den chóras oideachais í.
195,029 duine, nó 3.9% de dhaoine os cionn trí bliana d’aois sa stát, a thug le fios i nDaonáireamh 2016 go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu.
Ach níor thug ach 1.4%, nó 71,968 duine, le fios go labhraíonn siad gach lá í lasmuigh den chóras oideachais.
De réir na bhfigiúirí sin, 123,000 duine ar a laghad atá sa stát go léir a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais iad.
Sa Ghaeltacht tá breis is sé mhíle duine ar a laghad a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn an teanga gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.
26,745, nó 41%, den 65,156 duine sa Ghaeltacht a mhaígh go raibh labhairt na teanga acu a dúirt go raibh Gaeilge “an-mhaith” acu.
20,261 duine sa Ghaeltacht a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
De réir na bhfigiúirí nua, 26% de dhaoine sa Ghaeltacht os cionn trí bliana d’aois a deir go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu, ach 19.7% a labhraíonn gach lá lasmuigh den chóras oideachais í.
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus ‘an-mhaith’, ‘maith’ agus ‘go dona’ an rogha a tugadh do dhaoine.
Mheas 593,893 duine, nó 30%, de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu, go raibh Gaeilge mhaith acu.
Dúirt 1,034,132 duine, nó 55% de na daoine sa stát a dúirt go raibh Gaeilge acu go raibh sí ‘go dona’ acu.
71,968 duine sa stát a thug le fios sa daonáireamh go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais – an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.