Tá titim tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Gaeltachta [LPT], de réir torthaí Dhaonáireamh 2022.
Is i gceantair Ghaeltachta i Maigh Eo, i nDún na nGall agus i nGaillimh is mó a tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ach bhí ardú suntasach le feiceáil freisin i gceantair eile.
Tharla an titim is mó i LPT Mhaigh Eo Thuaidh, ina bhfuil Béal an Mhuirthead agus ceantar Iorrais. Thit líon na gcainteoirí laethúla sa cheantar ó 563 go dtí 447 idir 2016 agus 2022, laghdú 21%. Bhí laghdú suntasach – 16% – i gceist le LPT Mhaigh Eo Thiar, a chlúdaíonn Acaill, an Corrán agus Dumha Éige, agus líon na gcainteoirí laethúla tite ansin ó 180 go dtí 151.
Bhí an LPT ina bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Mhaigh Eo ar cheann de na cinn ina raibh titim mhór freisin agus líon na gcainteoirí i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh tite ó 426 go dtí 363 idir an dá dhaonáireamh – laghdú 15%.
Léiríodh titim 21% freisin in Árainn Mhór i nDún na nGall – ó 219 go dtí 174 – ach ba iad Oileáin Árann i nGaillimh an LPT a chonaic an méadú is mó ar líon na gcainteoirí laethúla agus 768 cainteoir laethúil ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr de réir an Daonáirimh, ardú 13% ón 681 a bhí ansin in 2016.
Bhí oileán Gaeltachta eile, Toraigh, ar cheann de na LPT inar tháinig an t-ardú is mó agus méadú 9% le feiceáil ansin, ó 85 go dtí 93. Titim 14% a bhí i gceist i gCléire amach ó chósta Chorcaí, áit ar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí ó 36 go dtí 31.
Níl figiúirí don daonra na Limistéar Pleanála Teanga ó Dhaonáireamh 2022 curtha ar fáil go fóill ag an bPríomhoifig Staidrimh, rud a fhágann nach féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag aon athrú sa daonra ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair pleanála teanga uile.
Léirigh na torthaí a foilsíodh inné, áfach, go raibh ardú tagtha ar dhaonra na Gaeltachta i ngach ceann de na seacht gcontae ina bhfuil Gaeltacht.
As na LPT go léir, is i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe atá an líon is mó cainteoirí laethúla agus 3,186 duine ag labhairt na Gaeilge gach lá sa cheantar, de réir an daonáirimh, suas 3% ó 2016.
Ardú 4% a bhí i gceist le Ciarraí Thiar (1,998 cainteoir laethúil Gaeilge) ó fhigiúirí 2016 agus laghdú beag de 1% a bhí le feiceáil i bpéire eile de na LPT is mó ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge de – Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (2,866) i nDún na nGall agus An Cheathrú Rua (1,542) i nGaillimh.
Laghdú a bhí i gceist sna trí LPT eile ina bhfuil breis is 1,000 cainteoir laethúil Gaeilge. Laghdú 5% a bhí i gceist le Conamara Láir (1,529) agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh (1,466) agus laghdú 8% a bhí i gceist le Ceantar na nOileán in iarthar Chonamara, ó 1,474 in 2016 go dtí 1,363 in 2022.
Tháinig ardú 10% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gCiarraí Theas idir 2016 agus 2022, ardú 9% a bhí sna Déise agus sna Rosa chomh maith, agus bhí ardú le feiceáil freisin i LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach agus in LTP Oirthear Chathair na Gaillimhe.
Tá pleananna teanga anois i bhfeidhm i ngach ceann den 26 LPT ar fud na tíre agus tá athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an bpróiseas pleanála teanga, ar tugadh feidhm dó ar dtús faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht de réir thorthaí daonáirimh 2022 – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 anuraidh. Is é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.
Ceantair Ghaeltachta Chiarraí (+4%) agus Phort Láirge (+8.8%) an t-aon dá áit inar tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2016-2022.
Contae | LPT | Cainteoirí Laethúla 2016 | Cainteoirí Laethúla 2022 | Athrú idir 2016-2022 |
---|---|---|---|---|
Gaillimh | Cois Fharraige | 3104 | 3186 | 3% |
Gaillimh | An Cheathrú Rua | 1558 | 1542 | -1% |
Gaillimh | Conamara Láir | 1603 | 1529 | -5% |
Gaillimh | Ceantar na nOileán | 1474 | 1363 | -8% |
Gaillimh | Oileáin Árann | 681 | 768 | 13% |
Gaillimh | Bearna agus Cnoc na Cathrach | 660 | 686 | 4% |
Gaillimh | Maigh Cuilinn | 299 | 290 | -3% |
Gaillimh | Oirthear Chathair na Gaillimhe | 215 | 221 | 3% |
Gaillimh | An tEachréidh | 223 | 200 | -10% |
Gaillimh/Maigh Eo | Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 426 | 363 | -15% |
Maigh Eo | Maigh Eo Thuaidh | 563 | 447 | -21% |
Maigh Eo | Maigh Eo Thiar | 180 | 151 | -16% |
Dún na nGall | Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 2900 | 2866 | -1% |
Dún na nGall | Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 1546 | 1466 | -5% |
Dún na nGall | Na Rosa | 274 | 300 | 9% |
Dún na nGall | An Ghaeltacht Láir | 337 | 298 | -12% |
Dún na nGall | Dún na nGall Theas | 322 | 298 | -7% |
Dún na nGall | Tuaisceart Dhún na nGall | 246 | 258 | 5% |
Dún na nGall | Árainn Mhór | 219 | 174 | -21% |
Dún na nGall | Toraigh | 85 | 93 | 9% |
Ciarraí | Ciarraí Thiar | 1928 | 1998 | 4% |
Ciarraí | Ciarraí Theas | 121 | 133 | 10% |
Corcaigh | Múscraí | 836 | 816 | -2% |
Corcaigh | Cléire | 36 | 31 | -14% |
Port Láirge | Na Déise | 467 | 508 | 9% |
An Mhí | Ráth Chairn agus Baile Ghib | 283 | 276 | -2% |