Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ta-dushlan-ollmhor-os-comhair-na-mumhan-agus-beidh-orthu-a-stair-fein-a-chruthu

Tá dúshlán ollmhór os comhair na Mumhan agus beidh orthu a stair féin a chruthú

| jeff neville | ,

Beidh Mumha ag tabhairt aghaidhe ar na Stormers, seaimpíní na bliana seo caite, Dé Sathairn i gcluiche ceannais an URC agus beidh dúshlán ollmhór os comhair an chúige chun an lámh in uachtar a fháil, ach ní cheart é a rá nach bhfuil seans acu an corn a ardú san Afraic Theas.

Do lucht leanúna na Mumhan, bhí an séasúr seo thar a bheith rathúil cheana féin. Tháinig foireann bainistíochta iomlán nua isteach a chuir stíl nua imeartha i bhfeidhm. Bhí deacrachtaí ann ag an tús; ní raibh na himreoirí go léir acu mar gheall ar na cluichí idirnáisiúnta san fhómhar agus an turas sa bhreis chuig an Afraic Theas a chuir Cumann Rugbaí na hÉireann ar siúl.

Chaill Mumha cúig chluiche as an gcéad seacht gcluiche den chomórtas, ceann acu siúd in aghaidh na Dragons a chríochnaigh sa chúigiú áit déag sa sraith. Ach fós, tá siad sa chraobh.

Bhí orthu seacht bpointe a thuilleamh ó dhá chluiche san Afraic Theas. Bhí orthu imirt in aghaidh Ghlaschú sa Staid Scotstoun, áit nár chaill Glaschú ó Dheireadh Fómhair 2021. Bhí orthu aghaidh a thabhairt ar Laighin san Aviva, gan na leithéidí Snyman, Murray, Fekitoa, agus Nash. Bhain siad gach aon cheann de na spriocanna sin amach.

Níl ach dúshlán amháin eile rompu.

Beidh an ceathrar imreoirí thuasluaite ar fáil don chraobh agus beidh a fhios ag imreoirí na Mumhan céard a theastaíonn uathu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Satharn. Beidh a fhios acu mar rinne siad cheana féin é sé seachtaine ó shin. I ndáiríre, níor bhuaigh na Stormers in aghaidh na Mumhan riamh.

Beidh fisiciúlacht an chluiche seo dochreidte. Bhí na Stormers, trí John Dobson, ag gearán cheanna féin thart ar sheachtain ó shin faoin uair dheireanach a chas an dhá fhoireann seo ar a chéile agus faoi fhisiciúlacht na Mumhan. Ní bheidh Mumha buartha faoi sin; beidh siad ag iarradh a bheith níos fisiciúla ná an uair dheireanach. Imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe. Feicfimid paca mór. Ag am scríofa, níl an fhoireann ainmnithe, ach táim cinnte go bhfeicfimid Snyman, Kleyn, Beirne, O’Mahony, agus Coombes ag tosú.

Sháraigh am imeartha chluichí ceathrúcheannais agus leathcheannais na Mumhan 44 nóiméid agus beidh Mumha ag iarraidh é sin a dhéanamh arís. Is maith leis an Mumhain seilbh na liathróide a bheith acu. Is maith leo cosaint na bhfoirne eile a chur faoi bhrú agus an liathróid acu in áit an liathróid a chiceáil agus brú a chur orthu tríd an gcosaint.

Beidh roinnt comhráite ciotacha ag Rowntree i rith na seachtaine. Níl ach dhá spás idir Loughman, Wycherley, agus Kilcoyne. Má tá seisear tosaithe ar an mbinse, níl ach spás amháin ann idir Earls agus Nash. Ní hamháin sin, ní bheidh spás do bheirt idir Hodnett, Kendellan, agus O’Donoghue. Bhí Rory Scannell thar barr in aghaidh Laighean, ach le Fekitoa ag teacht isteach, is dóigh go bhfeicfimid Crowley ag aistriú ar ais go dtí uimhir a deich agus Healy ar an mbinse.

Ní raibh na fadhbanna seo ag bainistíocht na Mumhan le blianta beaga anuas mar bhí na himreoirí céanna ag imirt sna cluichí móra, ba chuma cén fhoirm a bhí acu. Ach anois, ainmnítear na himreoirí de bharr a luaíochta agus a n-iarrachta, ní mar gheall ar a gclú.

Tá dúshlán ollmhór os comhair na Mumhan. Ní bheidh sé éasca. Is iad na Stormers na seaimpíní agus tuigeann siad céard a theastaíonn uathu chun an teideal sin a fháil. Beidh siad ag imirt sa bhaile i staid atá comónta dóibh. Tá imreoirí ar nós Malherbe, Kitshoff, Engelbrecht, Libbok, , Roos, Jantjies, agus Willemse acu. Is buaiteoirí iad.

Ach fós, beidh ar an Mumhain díriú isteach orthu féin gan mórán airde a thabhairt ar an bhfreasúra. Beidh orthu dul amach agus a stair féin a chruthú. Ag deireadh na dála, ní dhéanfaidh smaoineamh an treabhadh duit.

Níos mó