Tá díomá léirithe ag polaiteoirí agus eagraíochtaí teanga faoin lagú dar leo atá déanta ar an gcosaint don Ghaeilge sa reachtaíocht pleanála nua.
Dar leo, céim siar seachas céim chun cinn a bheidh sa reachtaíocht nua i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta de.
Bhí an Bille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 os comhair an tSeanaid le gairid agus an chosúlacht ar chúrsaí nach ndéanfaidh an Rialtas aon leasuithe ar an soláthar don Ghaeltacht ann sula n-achtófar sa bhfómhar é.
Chuir polaiteoirí an fhreasúra roinnt moltaí chun cinn a thabharfadh cosaint níos mó do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa bhille ach níor ghlac an tAire Tithíochta Darragh O’Brien le haon cheann acu agus é ráite aige go bhfuil sé tar éis dul i ngleic leis an cheist lena leasuithe féin.
Faoin mbille, beidh ar an údarás áitiúil plean ceantair tosaíochta a réiteach d’aon cheantar Gaeltachta a thagann faoina chúram ach tá doiléire ann maidir le cén dualgas a bheidh ann an teanga a chur chun cinn.
Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, an reachtaíocht a bhfuil leasú le déanamh uirthi, tá sé mar dhualgas ar údarás áitiúil ina bhfuil ceantar Gaeltachta oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint sa phlean forbartha, “lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail”.
Bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeadh cur síos níos soiléire san acht nua maidir le céard a bheadh i gceist leis an dualgas sin ach ní hamháin nach bhfuil sé sin déanta, tá an fhoráil sin bainte as an reachtaíocht mholta agus gan tada curtha ina háit maidir le cur chun cinn na teanga a chur san áireamh i bpleananna forbartha na n-údarás.
Bhí roinnt Seanadóirí ag moladh go ndéanfaí leasú ar an mbille chun go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge agus cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga luaite mar sprioc sa Cheat Náisiúnta Pleanála ach dhiúltaigh an Rialtas don leasú.
Dúirt an Seanadóir Fintan Warfield ó Shinn Féin nach raibh údaráis áitiúla ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu maidir le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht agus go mbeadh dualgas níos mó orthu dá mbeadh cúrsaí teanga luaite sa chreat náisiúnta.
Bhí an Seanadóir Marie Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre freisin ar dhuine díobh siúd a bhí ag iarraidh go mbeadh spriocanna leagtha síos i dtaobh na Gaeilge.
“Níl aon sonraí [sa bhille] seachas tagairt do chaomhnú na Gaeilge. Is é an caomhnú is fearr do na Gaeltachtaí ná spriocanna soiléire daingne do dhaonra na Gaeltachta agus tithe do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht,” a dúirt Sherlock sa Seanad.
“Creidimid gur chóir plean daonra agus tithíochta [a réiteach] do gach limistéar pleanála teanga. Ní féidir an Ghaeilge a spreagadh mura bhfuil córas ann chun an saol trí Ghaeilge a fhorbairt. Tugaim suntas de go bhfuil riachtanas sonrach sa bhille maidir le spriocanna daonra agus tithíochta i bpleananna forbartha cathracha ach níl an riachtanas céanna ann do na Gaeltachtaí…Bearna fhollasach sa reachtaíocht atá ansin.”
Bhí na Seanadóirí Alice-Mary Higgins (Neamhspleách), Paul Gavan (Sinn Féin), Mark Wall (Páirtí an Lucht Oibre), Lynn Ruane (Neamhspleách) agus Rebecca Moynihan (Páirtí an Lucht Oibre) ina measc siúd a mhol leasuithe maidir leis an nGaeltacht le linn na díospóireachta chomh maith.
Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh díomá orthu nár thapaigh an tAire Darragh O’Brien an deis glacadh leis na moltaí a bhí déanta acu maidir leis an reachtaíocht pleanála agus an Ghaeltacht. Dúradh go mbeadh an eagraíocht anois ag díriú ar an mBille um Údarás na Gaeltachta agus na forálacha atá ann maidir le cúrsaí tithíochta chun réiteach a fháil ar cheist na tithíochta agus na pleanála sa Ghaeltacht.
Agus é ag labhairt sa Seanad, níor ghlac an tAire O’Brien leis an áitiú go raibh an chosaint don Ghaeltacht níos laige sa reachtaíocht nua.
“D’athraigh mé an Bille chun pleanáil sa Ghaeltacht a neartú…Mar sin, den chéad uair ó thaobh an dlí de, caithfidh gach rialtas nó údarás áitiúil pleanáil speisialta a dhéanamh le haghaidh gach ceantar Gaeltachta sa tír. Caithfear plean forbartha a sholáthar i ngach ceantar Gaeltachta, ach go háirithe ar na hoileáin. Tá sé sa dlí den chéad uair riamh,” a dúirt sé.
“D’éist mé le pobail na Gaeltachta. Tá mé ag iarraidh go mbeadh muid in ann níos mó tithe a sholáthar inár gceantair Ghaeltachta. Tá forálacha ar leith do na hoileáin agus don Ghaeltacht curtha agam sa Bhille, mar a gheall mé.”
Níl aon radharc go fóill ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gheall an tAire breis is dhá bhliain go leith ó shin. Dúirt sé níos luaithe i mbliana go mbeadh siad foilsithe ag deireadh mhí an Mhárta.