Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-e-creitin-agus-cad-a-dheanann-se?

Cad é créitín agus cad a dhéanann sé?

| tiernan o hargadain | ,

Tá créitín ar na forlíontaí is nádúrtha agus is mó staidéar i ngort na bitheolaíochta. Nuair a chuir eolaithe suim sa tsubstaint a fheictear mar phúdar bán de ghnáth, díríodh formhór an taighde ar an chomhchoibhneas idir glacadh an chréitín, buntáistí sláinte agus ardú feidhmíochta duine a bhíonn ag traenáil go fisiceach.

Fuarthas amach go bhfuil créitín le fáil go nádúrtha sa chorp; cuidíonn sé le crapadh na matán cnámharlaigh agus fuinneamh a sholáthar le haghaidh na traenála. Is féidir leis an ae, an paincréas, agus na duáin 1g de chréitín a chruthú gach lá. Faightear créitín ó thrí aimíonaigéad, glicín, argainín agus meitiainín. Trí na haimíonaigéid agus an créitín féin, cruthaíonn an corp trífhosfáit adanóisín (ATP), a n-úsáidtear é mar fhuinneamh.

Faigheann an chuid is mó de dhaoine créitín ó bhia mara agus feoil. Ar ndóighe, má tá aiste chothrom bia agat, ní gá an forlíonadh a ghlacadh. Ní chruthaíonn an corp go leor créitín chun oiriúnú a dhéanamh ar dhuine aclaí, áfach, agus mar sin, is substaint úsáideach í le haghaidh tógáil matán agus traenáil fhisiceach.

Grianghraf: Forlíonadh réamhthraenála, créitín, agus próitéin. (Creidmheas: Aleksander Saks)

An cheist is mó ná… cad é go díreach a dhéanann créitín?

De réir an staidéir, déanann créitín níos láidre thú má thógann tú é ar mhaithe le do chuid traenála, cuidíonn sé le tógáil meacháin, agus spreagann sé seasmhacht sa ghiom. Cuireann sé le cumas imreoirí a imríonn spóirt ard-déine fosta, mar shampla, an pheil Ghaelach, ráibeanna nó traenáil seasmhachta. Dá fhaide an aclaíocht, is mó créitín a bhíonn de dhíth, óir ní mhaireann na héifeachtaí ach seal áirithe.

Cé nach saothraíonn gach duine na héifeachtaí céanna as créitín, tá sé in ann an stór créitín sa chorp a mhéadú agus cuireann sé chun cinn athghiniúint níos gaiste de thrífosfáit adanóisín idir babhtaí aclaíocht ard-déine. Leis seo, tiocfaidh feabhas ar sheasmhacht imreora i mbun imeartha agus beidh oiriúnú traenála níos fearr ag an duine.

Dar leis an taighde is déanaí, is fearr an t-oiriúnú a bhíonn ag duine a ghlacann 0.1g de créitín do gach cileagram de mheachán coirp atá orthu i gcomparáid le duine nach nglacann an tsubstaint ar chor ar bith.

Grianghraf: Fear in ionad aclaíochta. (Creidmheas: Alora Griffiths)

An gá créitín a ghlacadh muna mbíonn tú ag déanamh aclaíochta?

Mar atá luaite agam cheana, cruthaíonn an corp créitín dá chuid féin. Coinníonn an corp créitín sna matáin i bhfoirm fosfaichréitín, a úsáidtear mar fhuinneamh. Moltar an forlíonadh a thógáil fá choinne fuinneamh breise agus duine i mbun traenála, ach, cé go bhfuil buntáistí sláinte eile leis, ní gá créitín a ghlacadh i gcónaí. Idir fhorlíonta, áfach, tá créitín ar an tsubstaint is tábhachtaí chun a oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh. Glacann daoine créitín mar phúdar tuaslagtha in uisce chun torthaí ar leith a bhaint amach. Muna bhfuil na torthaí sin uait – ná bí buartha!

Is cuma cén t-am i rith an lae a nglactar é ach moltar an forlíonadh a thógáil chéad rud ar maidin, roimh nó i rith an tseisiún traenála.

Le blianta anuas, measadh go raibh créitín úsáideach ach contúirteach má thógtar barraíocht. De réir an taighde úir, tá athrú tagtha ar an scéal agus tá an domhan eolaíochta anois ag déanamh athbhreithniú ar an phúdar bhog bhán — ní an ceann sin! — a chuidíonn le fás na matán. Is dócha go bhfeicfidh muid tuilleadh taighde nua amach romhainn a chuirfidh leis an staidéar atá déanta ar chréitín go dtí seo. An t-aon mhíbhuntáiste ná nach raibh seo ar eolas acu agus Arnie mór ag dul do na comórtais!

The post Cad é créitín agus cad a dhéanann sé? appeared first on NÓS.

Níos mó