Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
deis-ag-adeleke-an-chead-bhonn-oilimpeach-i-ras-raibe-a-bhuachan-d’eirinn-o-1932

Deis ag Adeleke an chéad bhonn Oilimpeach i rás ráibe a bhuachan d’Éirinn ó 1932

Beidh Rhasidat Adeleke ar an gcéad Éireannach ban riamh a ghlacfaidh páirt sa rás ceannais i gcomórtas ráibe sna Cluichí Oilimpeacha nuair a rachaidh sí sa tóir ar bhonn sa 400m anocht i bPáras.

Is ag a 7.00pm a bheidh rás mór Adeleke sa Stade de France agus ní gan seans atá sí sa bhabhta ceannais, cé go mbeidh uirthi déanamh níos fearr ná mar a rinne sí sna babhtaí leathcheannais Dé Céadaoin chun bonn a bhuachan.

Éacht atá ann an rás ceannais féin a bhaint amach. Cé go bhfuil Éire ag glacadh páirt sna Cluichí Oilimpeacha le beagnach 100 bliain, is iad Bob Tisdall (1932) agus Thomas Barr (2016) an t-aon bheirt roimhe seo ar éirigh leo an babhta ceannais a bhaint amach i rás ráibe.

Is í Sonia O’Sullivan, a bhuaigh bonn airgid sa 5,000m i Sydney sa bhliain 2000, an t-aon bhean ón tír seo a bhfuil bonn Oilimpeach buaite aici ar an raon reatha, ach má éiríonn le Adeleke a sáriarracht phearsanta a shárú, d’fhéadfaí í a fheiceáil ar an bpóidiam anocht.

Níl Adeleke ach 21 bliain d’aois agus í ar an dara duine is óige díobh siúd a bheidh ag rith sa bhabhta ceannais anocht.

Cé gur rith Adeleke beagáinín níos tapúla ina rás leathcheannais (49.95) ná mar a rith sí sna babhtaí cáilithe (50.09), bhreathnaigh sí i bhfad níos compordaí sa chéad rás.

Thosaigh Adeleke a babhta leathcheannais Dé Céadaoin go maith ach bhí an chuma ar an scéal gur chuir an luas a bhí ag Salwa Eid Naser, a scuab thar Adeleke, an Baile Átha Cliathach dá buille sa 100m deireanach. Ábhar imní a bheidh ann go raibh ar Adeleke cóir leighis a fháil díreach i ndiaidh an rása ach dúirt foireann na hÉireann nach bhfuil tinneas ná gortú ag cur as di.

Nuair a labhair sí le RTÉ, dúirt Adeleke gur taispeántas ‘míshlachtmhar’ a bhí ann agus gur bhuail beagán scaoill í sa chuid dheireanach den rás. Comhartha maith é go raibh an t-ógánach in ann na botúin sin a aithint chomh luath i ndiaidh an rása agus bí cinnte go raibh sí ag obair ar na rudaí sin ó shin.

Is i lána a ceathair atá Adeleke sa rás ceannais anocht agus ba cheart go gcabhródh sé sin léi le linn an rása. Cé go mbeidh na boic mhóra eile sa rás amuigh chun tosaigh uirthi ag an tús, beidh Adeleke in ann súil a choinneáil orthu an t-am uile agus gan a bheith róbhuartha faoi aon duine a bheith ag teacht aniar aduaidh uirthi.

Is í Amber Anning na Breataine, a thug an-taispeántas sna babhtaí leathcheannais, a bheidh díreach lasmuigh d’Adeleke i lána a cúig ach is iad an triúr a bheidh os a comhair, Marileidy Paulino Dhoiminice, Naser Bhairéin agus Natalia Kaczmarek na Polainne a mheastar a bheidh ag fiach na mbonn.

Bhuaigh Paulino bonn airgid i dTóiceo trí bliana ó shin agus tá craobh an domhain buaite aici ó shin agus bhí sí an-chumasach ina rás leathcheannais.

Bhuaigh Naser craobh an domhain sa 400m in 2019 ach chaith sí dhá bhliain ar fionraí, idir 2021-2023, mar nach raibh sí ar fáil do thástálacha drugaí. Ní raibh ag éirí rómhaith léi tar éis di filleadh anuraidh ach bhí an 49.08 a rith sí Dé Céadaoin breis is leathshoicind níos tapúla ná aon rás a bhí aici ó 2019.

Cosúil le Adeleke, ní gan dua a tháinig Kaczmarek slán ó na babhtaí leathcheannais agus bhí uirthi féin cóir leighis a fháil i ndiaidh a rása chomh maith. Beidh le feiceáil an mbeidh sí chomh láidir is a bhí nuair a bhuaigh sí an bonn óir i gcraobhacha na hEorpa sa Róimh níos luaithe i mbliana, rás inar chríochnaigh sí díreach chun tosaigh ar bhean na hÉireann.

Mheas go leor go mbeadh ar Adeleke rith faoi bhun 49 soicind chun bonn a bhuachan anocht ach d’fhéadfadh nach mbeadh. Tá an chuma ar an scéal gur idir Paulino agus Naser a bheidh an bonn óir ach is idir beirt nó triúr a bheidh an cath don tríú háit agus beidh an-seans ag Adeleke má théann rudaí í gceart di.

D’fhéadfadh go mbeadh an t-ochtú bonn faighte ag foireann na hÉireann i bhfad roimhe sin inniu agus Daniel Wiffen ag rás sa snámh 10 gciliméadar faoin aer go moch maidin inniu.

Tá bonn óir agus bonn cré-umha buaite cheana féin ag fear óg Ard Mhacha sa snámh saorstíle 800m agus 1500m agus meastar go bhfuil deis mhaith aige an tríú ceann a thabhairt leis ón Seine ar maidin.

Is é seo an chéad uair riamh ag Wiffen tabhairt faoi rás snámha faoin aer ach tá an ceann is fearr faighte aige ar chuid mhaith den 32 iomaitheoir eile sa linn snámha cheana féin, Gregorio Paltrinieri na hIodáile ina measc.

Bhuaigh Paltrinieri bonn cré-umha sa rás seo i dTóiceo agus beidh buaiteoir an rása sin, Florian Wellbrock na Gearmáine, agus Kristóf Rasovszky ón Ungáir, a thug leis an bonn airgid, san iomaíocht inniu chomh maith.

Bhí sé ina imní faoi chaighdeán an uisce sa Seine i rith na seachtaine ach fógraíodh go mbeadh rásaí na bhfear agus na mban, a bhuaigh Sharon van Rouwendaal na hÍsiltíre inné, ag dul ar aghaidh.

Níos déanaí ar maidin, beidh Sharlene Mawdsley, Sophie Becker, Phil Healy agus Lauren Cadden ag rith sna babhtaí leathcheannais de chomórtas sealaíochta 4x400m na mban agus beidh orthu críochnú sna chéad cheithre áit chun an rás ceannais a bhaint amach.

Beidh Mark English (800m) agus Sarah Lavin (Cliathrás 100m) ag iarraidh teacht trína mbabhtaí leathcheannais freisin, ach bheadh taispeántais den scoth ag teastáil uathu chun sin a dhéanamh.

Sa veileadróm, beidh foireann na hÉireann i gcomórtas Madison na mban níos déanaí tráthnóna.

Níos mó