Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘easpa-fise’-na-roinne-oideachais-is-cuis-le-hardu-ar-lion-na-ndaltai-nach-ndeanann-scrudu-gaeilge-na-hardteiste-–-conradh-na-gaeilge

‘Easpa físe’ na Roinne Oideachais is cúis le hardú ar líon na ndaltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste – Conradh na Gaeilge

| Padraic O Ciardha | ,

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil baint ag córas na ndíolúintí agus teip an Rialtais an córas Gaeloideachais a chur chun cinn leis an scéal go bhfuil níos mó daltaí ná riamh ag roghnú gan scrúdú Gaeilge na hArdteiste a dhéanamh

‘Easpa físe’ na Roinne Oideachais is cúis le hardú ar líon na ndaltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste – Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “ceangal díreach” idir cur chuige na Roinne Oideachais i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais agus an méadú atá ag teacht ar líon na ndaltaí nach dtugann faoin teanga san Ardteist.

Léirigh figiúirí an tseachtain seo caite nach bhfuair beagnach duine as gach ceathrar daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe don scrúdú san ábhar. Is ionann an 23% nach bhfuair marc don ábhar agus an céatadán daltaí is airde riamh nach bhfuair toradh don Ghaeilge.

Seo an tríú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.

Ag tagairt don scéal sin, deir Conradh na Gaeilge gur toradh é an líon ard daltaí nach dtugann faoin nGaeilge ar an easpa físe atá ag an Rialtas agus an Roinn Oideachais i dtaobh na teanga agus iad ag éileamh ar an Aire Norma Foley athruithe a chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Deirtear go bhfuil córas na ndíolúintí agus an easpa fáis in earnáil an Ghaeloideachais ar chuid de na cúiseanna nach bhfuil líon mór daltaí ag tabhairt faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

“Tá ceangal díreach idir an córas nua faoina mbronntar díolúintí ó staidéar na Gaeilge agus an scéal go bhfuil ardú ar líon na ndaltaí nár shuigh an scrúdú Gaeilge san Ardteist le blianta beaga anuas,” a deir Caolán Mac Grianna, feidhmeannach le Conradh na Gaeilge.

ardú tagtha ar líon na ndíolúintí a bhronntar ar dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile le blianta beaga anuas agus meastar go mbíonn díolúine ón ábhar de ghnáth ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann an scrúdú Gaeilge.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn aon díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist, mar shampla, gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh agus daltaí eile a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear.

“Tá ceangal ag an easpa fáis san oideachas lán-Ghaeilge, rud a gealladh sa Chlár Rialtais ach nach bhfuil aon dul chun cinn déanta air, leis an ardú seo [ar chéatadán na ndaltaí nach ndéanann an scrúdú Gaeilge] fosta,” arsa Mac Grianna.

Léirigh figiúirí ón Roinn Oideachais nach bhfuil ach ardú 0.3% tagtha ar líon na ndaltaí gaelscoile le deich mbliana anuas.

“Gheall an Rialtas go mbeadh dúbailt ar líon na ndaltaí a bheadh ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge, ach ní léir dúinn go bhfuil an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus a Roinn, ar bhealach ar bith níos cóngaraí de seo a bhaint amach ná mar a bhí ag tús a dtéarma,” arsa Mac Grianna.

“Tá fís ag teastáil ón Roinn Oideachais ina gcur chuige i leith theagasc na Gaeilge, agus athruithe suntasacha leis. Tá gá le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar atá geallta sa Chlár Rialtais, go mbunófaí é ar an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach agus go ndéanfaí sin a fhorbairt gan a thuilleadh moille. Tá gá fosta dul i ngleic leis an rósholáthar díolúintí ó staidéar na Gaeilge.

“Táimid ag éileamh ar an Aire na rudaí seo a chur i bhfeidhm le go bhfeicfimid fás ar líon na ndaltaí a bheidh ag tabhairt faoin scrúdú Gaeilge amach anseo agus go gcuirfear le cumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt is a úsáid i ndiaidh na scoile sna blianta amach romhainn.”

Níos mó