Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-glor-na-mona-ag-troid-in-eadan-na-mianadoireachta-san-amasoin

Tá Glór na Móna ag troid in éadan na mianadóireachta san Amasóin

| conor torboid | , ,

Tá sé beartaithe ag scaifte oibrithe óige is pobail ó Bhéal Feirste dul chun na hAmasóine le bualadh le bundúchasaigh an cheantair. Thug cuid de na bundúchasaigh cuairt ar Ghael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna, agus Fóram na nÓg le linn Féile na gCloigíní i mbliana.

Is féile bhliantúil í Féile na gCloigíní Gorma agus reáchtálann Glór na Móna, eagraíocht phobail agus óige in Iarthar Bhéal Feirste, imeachtaí a dhíríonn ar an mheabhairshláinte agus an fholláine i rith seachtain earraigh. Thairis sin, cuirtear béim shuntasach ar an timpeallacht i rith na féile agus na cloigíní gorma a fhásann ar an tSliabh Dhubh san earrach á n-úsáid acu lena hainmniú.

Beidh na taiscéalaithe ag súil le seal a chaitheamh sa dufair ag foghlaim faoi shaol agus faoi chultúr na mbundúchasach, agus tá siad ag saothrú airgid anois le haghaidh na gcostas taistil agus na hoibre atá ag dul i ngleic leis an scrios timpeallachta san Amasóin.

Labhair Eoghan Ó Conghaile, duine de na hoibrithe atá ag dul chun na hAmasóine, faoi bhunús an togra:

“Is oibrí óige mé le Cumann Óige Uachtar Chluanaí agus is printíseach mé le Fóram na nÓg le trí mhí anuas. Bím ag obair taobh le taobh le hEoghan Ó Garmaile ar an oideachas pholaitiúil agus nuair a tháinig scaifte ón dufair anseo d’Fhéile na gCloigíní Gorma, phléigh siad an scrios timpeallachta atá á dhéanamh ag corparáidí mianadóireachta ina gceantar.

“Labhair siad faoin nasc idir an timpeallacht agus an cultúr, agus má chaillfear an dufair, caillfear achan rud: teanga, cultúr, dídean. Tá achan rud nasctha leis an timpeallacht. Tharraing siad ar chosúlachtaí idir an dufair agus na cloigíní gorma ar an tSliabh Dhubh nach bhfuil mórán acu fágtha.”

Grianghraf: Bundúchasaigh na hAmasóine ag Gael-Ionad Mhic Goill le linn Féile na gCloigíní Gorma. (Creidmheas: Glór na Móna)

I ndiaidh na féile, thuig foireann Glór na Móna go raibh neart le déanamh acu.

“Tá muid ag iarraidh a bheith ag foghlaim faoi shaol na ndaoine seo, faoin dóigh maireann siad, a gcuid bia, an cultúr agus an teanga. Anuas air sin go léir, ba mhaith linn lámh chuidithe agus giota airgid a thabhairt dóibh a chuideoidh leo in éadan na tochailte alúmanaim,” a dúirt Eoghan Ó Conghaile.

GoFundMe cruthaithe ag Glór na Móna chun tuilleadh airgid a chur i dtreo an taistil agus na hoibre.

Ní hí an Bhrasaíl an t-aon tír a dtriallfar uirthi. Tá Fóram na nÓg, eagraíocht ionadaíoch réigiúnach a oibríonn le cumainn óige Ghaeilge fud fad na sé chontae, ag beartú dul chun na hIodáile, go Bostún, agus go Tír na mBascach ar chuairt staidéir.

Labhair Odhrán De Rúiséil, Oifigeach Ballraíochta agus Forbartha le Fóram na nÓg, faoi na turais taighde seo.

“Beidh mé féin agus cúpla comhghleacaí ag dul chun na hIodáile inár n-ionadaí ar son Fóram na nÓg agus ar son na hearnála óige Gaeilge fosta. Togra é seo atá dírithe ar an ilchultúrthacht agus éagsúlacht i dtaobh na hoibre óige.

“Tá an tÚdarás Oideachais ag reáchtáil turais go dtí an Tioról Theas, áit a bhfuil ilchineálacht faoi bhláth ó thaobh na teangeolaíochta de. Mhothaigh an tÚdarás go raibh sé fóirsteanach Fóram na nÓg a thabhairt leo ar an turas seo ionas go bhfoghlaimeoidh muid faoi na nósanna éagsúla atá ag grúpaí óige eile maidir le cur chun cinn teanga i measc na hoibre óige.”

The post Tá Glór na Móna ag troid in éadan na mianadóireachta san Amasóin appeared first on NÓS.

Níos mó