Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-lunasa-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2024

| Ben O Faolain | ,

Fontaines D.C. – Romance (XL Recordings)

Romance by Fontaines D.C.

Tá Sabrina Carpenter tar éis Fontaines D.C. a choimeád ó bharr chairt na n-albam in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, faraor, ach níl aon amhras gur seo albam mór Éireannach na bliana.

Le clúdach atá gránna nó glic a dhóthain, ag brath ar do thuairim féin, le bheith ina chlúdach íocónach amach anseo, tá Romance ag cur thar maoil le singlí iontacha.

Albam é, a deir dordghiotáraí an ghrúpa, Conor Deegan, a thugann faoi na háiteanna agus na rudaí eile, seachas Éire, ar féidir a bheith rómánsúil fúthu.

Domsa, tá amhrán nó dhó rud beag lag – d’fhéadfadh Romance a bheith níos fearr mar shaothar éisteachta ina iomláine, abair – ach tá se le tuiscint ón oiread léirmheasanna 5 réalta atá faighte ag an albam nach n-aontaíonn gach duine liom. Léigh mo léirmheas fada anseo.

Cnuasach na Míosa

Kneecap: Music From The Motion Picture (Heavenly Recordings)

KNEECAP (ORIGINAL SOUNDTRCK) by KNEECAP

Cad é seo, go díreach? Anois go bhfuil Irvine Welsh féin tar éis cur síos ar scannán Kneecap mar “absolutely fucking phenomenal”, ta sé ina rud oifigiúil gurb é scannán an tríréid Fheirstigh Trainspotting na linne seo. Cosúlacht shonrach idir an dá scannán ná tábhacht an cheoil chun luas is fuinneamh a chur faoin aicsean ar an scáileán. 

Tá 25 rian ceoil le clos anseo, idir ábhar de chuid Kneecap féin (fan socair, níl aon amhrán úr dá gcuid le clos), ceol cumtha don scannán ag an léiritheoir/cumadóir Michael ‘Mikey J’ Asante, agus rianta ó leithéidí Bicep agus Orbital. 

Baintear feidhm as giotaí cainte bainte ón scannán féin mar idirthraiceanna anseo is ansiúd.

An bhfuil aon mhaith ann? Aon mhaith? Tá sé go diail ar fad.  

Seo an chéad uair atá eisiúint cheart á déanamh ar luathchlasaicí amhail ‘C.E.A.R.T.A’, ‘Amach Anocht’ agus ‘H.O.O.D.’, amhráin nach raibh fáil orthu ach i bhfoirm dhigiteach cheana. Táid i gcomhluadar riain eile a cloiseadh ag Gradaim NÓS tráth, ‘Glue’ de chuid Bicep, chomh maith leis an ‘Belfast’ síorghlas de chuid Orbital. 

Má bhí ‘Lust For Life’ le Iggy Pop le clos ar Trainspotting: Music From The Motion Picture. tá ‘Liberty Bell’ le Fontaines D.C. againne – é gach pioc chomh maith leis, agus ag cur thar maoil leis an bhfuinneamh garage-rock céanna!

Tá Dirty Faces Dhoire i láthair lena bport punc-hap-tionsclaíoch iontach ‘80%’ , tá ceol Gaelach le clos ó The Bonny Men, portaireacht bhéil ó Ash Plant agus ceol sól síodúil ó Alanna Royale.

Laigí? Ní bheidh eisiúint fhisiciúil á déanamh ar Kneecap: Music From The Motion Picture go dtí an bhliain seo chugainn, deirtear.

An breithiúnas?  An-chraic go deo.

And So I Watch You From Afar – Megafauna (Pelagic)

Megafauna by And So I Watch You From Afar

Má tá an grúpa Feirsteach seo ag iarraidh a chur ina luí orainn lena naoú halbam nach gá don gceol post-rock a bheith duairc nó leadránach, tá an beart déanta acu. 

Ceiliúradh atá in Megafauna ar na cairde agus ar na carachtair áitiúla, i bPort Rois agus i mBéal Feirste, a thug misneach do bhaill And So I Watch You From Afar le linn na dianghlasála. 

Tá lúcháir loiscneach ag baint le poirt mar ‘North Coast Megafauna’, ‘Do Mór’ agus ‘Mother Belfast Part 2’, agus nuair a dhíríonn an grúpa ar fhuaim níos féinmhachnamhaí (‘Years Ago’) tá an toradh chomh sásúil céanna. 

Seo ceathairéad rac-cheoil a bhfuil cumas snagcheoltóirí ann – ag tabhairt faoin gceol le fonn agus fiosracht an bhulláin a scaoileadh amach sa ghort agus an geimhreadh caite laistigh sa bhothán aige.  

Dúirt Nick Cave le déanaí go bhfuil an ceol i mbaol ón teicneolaíocht. Is é sin le rá go bhfuil fórsaí áirithe sa tionscal ceoil den tuairim gur bac é an próiseas cruthaitheach ar theacht phíosa ceoil ar an margadh mar tháirge. Aontaím le Cave (ach déanaim amach go bhfuil saghsanna áirithe ceoil níos mó i mbaol ná saghasanna eile). 

Tá tógáil croí i gceist le halbam mar Megafauna a chlos mar is deacair a shamhlú go bhféadfadh intleacht shaorga ceol cosúil leis a chumadh nó a aithris go sásúil. Cén fáth? Is iad mothúcháin dhaonna na gceoltóirí seo croí a gcuid ceoil.

Holy Tongue Meets Shackleton – The Tumbling Psychic Joy of Now (AD 93)

The Tumbling Psychic Joy of Now by Holy Tongue meets Shackleton

Fuaim tharchéimniúil an duine daonna ag déanamh iontais d’fhórsaí bithbhuan na cruinne a bhí i gceist riamh le ceol Sam Shackleton. 

Ar The Tumbling Psychic Joy of Now (cad é mar theideal!), déanann sé athchóiriú ar cheol an ghrúpa dordcheoil thurgnamhaigh Holy Tongue (an léiritheoir dub-cheoil Al Wootton, an dordóir Susumu Mukai agus an cnagcheoltóir Valentina Magaletti).

Dub-aistear domhain atá romhat anseo, agus dordlínte ata Mukai ag teacht le chéile le rithimí guairneánacha Magaletti agus fuaimeanna sintéiseora Wootton faoi stiúir mháistriúil Shackleton ar an deasc fuaime. 

Mar is iondúil i gcás cheol Shackleton tá blas ársa taibhsiúil ar chúrsaí – ar nós go raibh ann do na rithimí seo riamh, agus go mbeidh go deo.

Jimi Tenor – Sahkomies (Bureau B)

Sahkomies by Jimi Tenor

Tá an-dúil agam i gceol Jimi Tenor, cumadóir agus ilionstraimí Fionnlanach atá tar éis a bheith ag pleidhcíocht leis ar imeall an  tsnagcheoil, an fhuinc dhomhanda agus na leictreonaice le tuairim agus 30 bliain.

Tá níos mó ná 20 albam stiúideo taifeadta aige le linn an ama sin, ach an rud deas mar gheall ar an atheisiúint seo ar a chéad albam (a eisíodh ar dtús in 1994) ná an spléachadh a fhaightear ar eilimintí éagsúla dá stíl chumadóireachta agus iad i dtús fáis.

Snagcheol tolglainne leictreonach d’aois an spáis, a thaisce!

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó