Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-chead-chlar-cursai-reatha-gaeilge-ar-rte-one-le-breis-is-20-bliain-le-tosu-i-mbliana

An chéad chlár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ One le breis is 20 bliain le tosú i mbliana

Deir RTÉ go bhfuil sé i gceist acu tuilleadh sonraí faoin gclár nua a fhógairt sna seachtainí amach romhainn

An chéad chlár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ One le breis is 20 bliain le tosú i mbliana

Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag RTÉ go mbeidh an clár nua cúrsaí reatha as Gaeilge atá beartaithe ag an stáisiún le tosú roimh dheireadh na bliana.

Bhí tús le cur leis an tsraith nua Fóram anuraidh ach tuigtear anois gur i mí na Samhna a chuirfear tús léi.

Easpa foirne agus fadhbanna léiriúcháin ba chúis leis an gcinneadh tús na sraithe a chur siar, ach táthar ag súil go bhfuil na fadhbanna sin réitithe agus folúntas d’iriseoir a bheidh ag obair ag an gclár fógartha ag RTÉ le gairid.

Dheimhnigh RTÉ do Tuairisc go bhfuil sé i gceist tús a chur leis an gclár ar RTÉ níos déanaí i mbliana agus go mbeidh tuilleadh sonraí faoin gclár le fógairt “sna seachtainí amach romhainn”.

I mí an Mheithimh 2023 a bhí an tsraith le tosú ach cinneadh ansin gur i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Bhí seit nua tógtha do ‘Fóram’ agus rinneadh cleachtadh don chlár sula ndearnadh an cinneadh an tsraith a chur ar athlá arís.

Tá folúntas do phost ‘Iriseoir Ilmheáin’ le RTÉ Nuacht agus Cúrsaí Reatha fógartha ag an gcraoltóir náisiúnta le gairid. Deirtear sa bhfógra nach mór d’iarrthóirí “an-eolas” a bheith acu ar chúrsaí reatha agus gur buntáiste a bheadh ann taithí sa gcraoltóireacht a bheith acu.

Is é Fóram an chéad chlár cúrsaí reatha as Gaeilge a bheidh á chraoladh ar RTÉ One le breis is 20 bliain.

Tá an clár le craoladh beo ó stiúideo nuachta RTÉ i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath uair sa tseachtain, maidin Dé Domhnaigh.

Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Níos mó