Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘athru-meoin-faoin-ngaeilge-nios-tabhachtai-na-maoiniu-breise’-–-aire-stait-na-gaeltachta

‘Athrú meoin faoin nGaeilge níos tábhachtaí ná maoiniú breise’ – Aire Stáit na Gaeltachta

| tuairisc | ,

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne gurb é an rud is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge ná go mbeadh athrú meoin ina leith sa státchóras agus i measc an phobail.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an tAire Stáit go raibh meon an stáit i leith na teanga ag athrú mar gheall ar phlean an rialtais go mbeadh 20% de na daoine a earcaítear chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030.

Agus Buiséad 2025 ag teannadh linn, dúirt Byrne go ndéanfadh sé a dhícheall tuilleadh maoinithe a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach go gcaithfí fáil réidh leis an dearcadh go ndéanfaidh tuilleadh airgid as féin an beart.

“Measaim go bhfuil rudaí ag athrú, ach níl sé chun athrú leis na modhanna traidisiúnta – le ‘ó, cuir airgead ansin…’.

“Athróidh sé nuair atá athrú meoin ansin maidir leis an nGaeilge agus measaim go bhfuil an stát ag cabhrú leis sin, tríd an bplean náisiúnta [earcaíochta], trí na spriocanna atá sa dlí agus an stádas atá ag an nGaeilge – an stádas bunreachtúil a bhaint amach agus an stádas reatha atá san Eoraip freisin…

“Measaim go bhfuil na rudaí sin níos tábhachtaí ná maoiniú. Tá maoiniú tábhachtach agus tá mé ag iarraidh níos mó maoinithe a chur ar fáil ach athrú meoin atá ag teastáil.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh gur ceist dualgais chomh maith le ceist acmhainní a bhí i gcur chun cinn na Gaeilge.

“Tá mé ag iarraidh níos mó acmhainní a chur ar fáil do chóras na Gaeilge freisin. Ach caithfidh mé a rá, tá dualgas orainn an Ghaeilge a chur chun cinn, tá deis againn an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá rogha againn an Ghaeilge a chur chun cinn – mar phobal go ginearálta.

“Tá dualgas ag an Rialtas agus, measaim dualgas ag an bpobal. Agus measaim i ndáiríre, ag an bpobal, is rogha atá ansin. Má tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid, tá siad chun í a úsáid. Agus is féidir linn a lán airgid a chur ar fáil, is féidir linn na pleananna go léir a chur ar fáil ach caithfidh fonn a bheith ar dhaoine Gaeilge a úsáid.”

Dúirt sé go raibh dualgas ar an stát deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus ghéill sé nach mbíonn an deis sin ann faoi láthair.

“Ag an am céanna…an plean náisiúnta (earcaíochta)… tá baint aige leis seo. Caithfidh go mbeidh deis ag daoine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag déileáil leis an stát. Tá sé sin an-tábhachtach.

“Níl sé sin ag tarlú faoi láthair, tá sé sin chun athrú. Freisin na spriocanna atá ansin – le hearcaíocht sa státchóras – tá siadsan ag teacht isteach. Tá níos mó daoine ag foghlaim Gaeilge, measaim, de bharr na spriocanna sin agus níos mó daoine go bhfuil spéis acu…agus go bhfuil a fhios acu go bhfuil an deis sin ann.”

I mí an Mheithimh a cuireadh faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin acht teanga, a d’ullmhaigh an plean. Beidh an plean á chur faoi bhráid an rialtais go luath.

Tá tús le cur ag Roinn na Gaeltachta go luath an bhliain seo chugainn le feachtas feasachta náisiúnta chun aird daoine a tharraingt ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ann amach anseo.

De réir torthaí an tsuirbhé, a rinne Ollscoil na Gaillimhe mar chuid d’fhorbairt an phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, bheadh suim ag 23% de na rannpháirtithe obair trí Ghaeilge dá bhfaighidís breis oiliúna agus tacaíochta.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc ó Roinn na Gaeltachta dúirt leath den 35,000 fostaí i gcomhlachtaí poiblí a ghlac páirt i suirbhé mór go mbeadh suim acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim.

Níos mó