Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bi-ar-d’fhaichill-ar-an-bhficheall,-a-deirim

Bí ar d’fhaichill ar an bhficheall, a deirim

| caoimhin o liathain | ,

Ag tús mhí Iúil, léigh mé alt le Cory Leadbeater san Atlantic ina ndéanann sé cur síos ar an dúil as cuimse atá aige san fhicheall ar líne. 

Le cúig bliana anuas, a deir sé, tá sé de nós aige tuairim is daichead cluiche fichille a imirt in aghaidh an lae. Éiríonn sé go moch ar maidin lena mhian dhamanta a shásamh. Imríonn sé go minic i rith an lae oibre. Fanann sé ina shuí ag imirt go déanach istoíche. Nuair a bhíonn ag éirí leis ina chuid cluichí, bíonn dea-spion air; nuair a chailleann sé, bíonn drochspion air. Déanann sé neamhaird ar na daoine ina shaol: a intinn agus a smaointe dírithe go huile is go hiomlán ar an bhficheall. 

Lá amháin, éiríonn sé buartha faoina iompar agus beartaíonn an nós a bhriseadh. Scriosann sé a chuntas. Maireann an staonadh 16 uair. Cruthaíonn sé cuntas nua agus imríonn sé 578 cluiche thar sé lá. Faoi dheireadh, nochtann sé dá bhean go mbíonn sé i riocht lámh a chur ina bhás féin go laethúil, agus gur mar sin atá cúrsaí leis le fada an lá. Éalú agus faoiseamh atá san fhicheall óna smaointe féinmharfacha. 

“Tá mo bheatha féin ag brath ar dhaichead cluiche fichille a imirt in aghaidh an lae,” a deir sé. “Nuair atáim ag bogadh fichillíní ar chlár, nílim ag smaoineamh ar an mbás.” 

Ag deireadh an ailt, tosaíonn sé amach an athuair: e4, e5, Nf3, Nc6, Bc4. Leis sin, tá an Cluiche Iodálach ar an gclár, tá a smaointe féinmharfacha faoi smacht, agus tá sé slán arís.

Alt ionraic cumhachtach dea-scríofa atá ann, agus d’fhan sé i m’intinn ar feadh i bhfad.

(Creidmheas: Real Media)

An dá arm: dubh agus bán. An rí agus an bhanríon. Na ceithearnaigh, na ridirí, na heaspaig agus na caisil. Go dtí gur léigh mé an t-alt sin, bhí na blianta fada caite agam gan a bheith ag smaoineamh orthu ar chor ar bith. 

Bhí cur amach áirithe agam ar an gcluiche, ceart go leor. Mo dhaid a mhúin na rialacha dom agus mé óg, is dócha; nó Frank, b’fhéidir – fear a thagadh chun na bunscoile againn lá amháin in aghaidh na seachtaine fadó ag múineadh fichille. Bhíodh clár mór fichille crochta ar an mballa aige i halla na scoile, muidne inár suí ar an urlár ag féachaint suas air. 

Ní dubh agus bán a bhí ar an gclár sin, ach glas agus liath, más buan mo chuimhne; dubh agus dearg ar an dá arm, b’fhéidir. Cos bheag ar gach fichillín a shuigh isteach i bpóca faoi bhun gach cearnóige d’fhonn é a choimeád san áit cheart. Tá cuimhne fós agam ar an mbuachaill ón rang a fuair an lámh in uachtar orm le Marbhsháinn an Amadáin lá amháin agus muid ag imirt ar an urlár ansin sa halla. Ba mise an t-amadán, agus bhí náire orm. (Is minic an dá rud sin le chéile, dar liom: cuimhne agus náire.) 

Bhí club fichille sa leabharlann i mBaile Munna ag Frank an uair sin agus chuaigh mé ann ar feadh tamaill. Níos déanaí, d’imir mé anois is arís le cairde de mo chuid agus muid ar an meánscoil. B’in an méid. Le linn dom a bheith ag canadh sa chór i Leas-Ardeaglais Naomh Muire i lár Bhaile Átha Cliath, casadh orm dornán buachaillí saibhre ón taobh ó dheas den chathair a bhíodh ag imirt go rialta ina gcuid meánscoileanna príobháideacha. Gonzaga, Coláiste na Carraige Duibhe agus a leithéid. Bhí siad dáiríre, agus ní raibh sé de mhisneach agam imirt leo.

(Creidmheas: Deva Darshan)

Seachtain nó dhó i ndiaidh dom an t-alt sin le Leadbeater a léamh, tharla go raibh mé ag cóisir chóineartaithe anseo san Fhionlainn agus casadh orm bean a bhí ag imirt fichille ar a guthán. 

“Meas tú an bhféadfainn aip mar sin a fháil ar mo ghuthán féin?” arsa mé liom féin. “Nárbh fhearr dom ficheall a imirt ó am go chéile seachas a bheith ag déanamh athnuachan ar Tuairisc agus NÓS arís agus arís eile?”

Roimh i bhfad, bhí cuntas de mo chuid féin agam ar Chess.com agus mé tar éis an aip a íoslódáil ar mo ghuthán chomh maith.

Bhí sé go breá ag an tús. Thosaigh mé amach ag imirt i gcoinne an ríomhaire. Tá réimse botaí ar fáil saor in aisce; ainmneacha agus aghaidheanna cartúin orthu, bratacha náisiúnta agus steiréitíopáil éadrom náisiúnaíoch ag baint leo chomh maith. Fuair mé an bua orthu ceann i ndiaidh a chéile – Jimmy, Martin, Elani, Janjay, Maria, Sven – go dtí gur shroich mé Nelson (ón Afraic Theas, mar dhea). Thug seisean deacrachtaí dom lena bhanríon ach d’éirigh liom an ceann is fearr a fháil air sa deireadh. Ar aghaidh liom go Wendy ansin. Bhí sise go maith. Theastaigh tuilleadh traenála uaim. 

Thosaigh mé ag obair ar na ceachtanna agus na tomhais ar Chess.com. Ag foghlaim liom faoin gCluiche Iodálach, an Chosaint Fhrancach, an Chosaint Lochlannach, an Chosaint Caro–Kann. Bhí mé lánsásta liom féin, ag dul i dtaithí ar an gcluiche agus ar an téarmaíocht aisteach a ghabhann leis. Ar aghaidh liom go YouTube ansin, ag leanúint an Mháistir Idirnáisiúnta (IM) Levy Rozman ag GothamChess agus na hArdmháistrí (GM) Hikaru Nakamura agus Igor Smirnov ag GMHikaru agus Remote Chess Academy.

Ansin, maidin amháin agus mé fós i mo luí, leath i mo chodladh, rith smaoineamh craiceáilte liom. Imreoidh mé cluiche sciobtha i gcoinne duine daonna ar an aip. Cén dochar?

A léitheoir, is deacair cur síos a dhéanamh ar an strus, an bhuairt agus an imní a tharraing mé orm féin an chéad rud ar maidin leis an gcinneadh sin, i mo luí ansin sa leaba fós, an guthán i mo lámh. Chaill mé an cluiche, ar ndóigh, agus is beag nár chaill mé smacht orm féin chomh maith. Bhí mo chroí ag preabadh agus an t-allas ag sileadh liom. Thosaigh mé ar chluiche eile, agus bhuaigh, ach ba bheag an faoiseamh agam é. Bhí mé trína chéile.

An lá ina dhiaidh sin, shu mé síos agus bhuaigh mé cúig chluiche i ndiaidh a chéile i gcoinne daoine éagsúla timpeall an domhain. Ansin, lean mé orm go dtí gur chaill mé seacht gcinn i ndiaidh a chéile. Bhí mé trína chéile arís. Bheartaigh mé mo chuntas a dhúnadh.

Rinne mé amhlaidh, a léitheoir, agus an bhfuil a fhios agat, ba é an cinneadh ceart é.

Agus an cuntas á dhúnadh agam, theastaigh aiseolas uathu: “Tell us why you’re leaving.”

Chess makes me stressed,” a scríobhas – ach cá bhfios nach mbeidh mé ar ais.

The post Bí ar d’fhaichill ar an bhficheall, a deirim appeared first on NÓS.

Níos mó