Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
biodh-na-cluichi-craoibhe-idirchontae-i-ngaeilge-ar-tg4-seachas-ar-gaago-–-iaruachtaran-clg

Bíodh na cluichí craoibhe idirchontae i nGaeilge ar TG4 seachas ar GAAGO – IarUachtarán CLG

Tá sé ráite ag iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael gur chóir go mbeadh cluichí craoibhe idirchontae á gcraoladh beo agus go heisiach i nGaeilge ar TG4.

Dúirt Seán Kelly, a bhí ina Uachtarán CLG idir 2003 agus 2006 agus atá anois ina Fheisire Eorpach, nach bhfuil sé féaráilte nach mbíonn na cluichí craoibhe is mó á gcraoladh ar an stáisiún lán-Ghaeilge in ainneoin an obair a dhéanann TG4 chun CLG a chur chun cinn.

Bhí Seán Kelly ag caint le Tuairisc faoin scéal go bhfuil TG4 chun cur isteach ar chearta chun cluichí i gcraobhacha sinsir peile agus iomána na hÉireann a thaispeáint ón mbliain seo chugainn ar aghaidh. Dá n-éireodh le hiarratas TG4, ba é an chéad uair go mbeadh cluichí móra sna craobhacha peile agus iomána á gcraoladh acu.

D’fhógair CLG an mhí seo caite go raibh léirithe spéise á lorg acu do chearta chuid de na cluichí a chraoltar go heisiach ar GAAGO, an t-ardán íoc-ar-amharc, a bhíonn á reáchtáil ag RTÉ i gcomhar le CLG.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt Kelly go mb’fhearr leis go mbeadh na cluichí le feiceáil ar TG4 seachas ar GAAGO.

“A lán de na cluichí a bhí ar GAAGO i mbliana, nach mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh siad siúd ar TG4?” a dúirt Kelly.

“Bhí an iomarca cluichí ar GAAGO i mbliana nach raibh ar fáil do dhaoine nach raibh na scileanna [teicneolaíochta] acu nó nach raibh an t-idirlíon sách maith acu,” a dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael.

“Dhéanfadh sé sin an-difríocht. Bheadh tú ag freastal ar dhaoine, bheadh tú in ann daoine óga a mhealladh go dtí ár gcluichí agus freisin bheadh siad ag foghlaim na Gaeilge agus ag úsáid na Gaeilge atá acu.

“Dá mbeadh an rogha acu idir GAAGO agus TG4, déarfainn go roghnódh tromlach na ndaoine TG4, fiú mura mbeadh an Ghaeilge acu. Bheadh siad ag piocadh suas téarmaí agus cuid den teanga ag an am céanna. Bheadh dhá bhuntáiste leis.”

Tuairiscítear go mbeidh GAAGO ag iarraidh na cearta a fháil arís, ach cuirfidh TG4 a dtairiscint faoi bhráid CLG níos déanaí an mhí seo. Dé Luain seo chugainn a bhí luaite mar spriocdháta chun tairiscintí a dhéanamh, ach tuigtear go bhfuil an sprioc curtha siar go dtí níos déanaí an mhí seo.

Dhá phacáiste atá á dtairiscint ag CLG. An chéad phacáiste ná na cearta d’ocht gcluiche craoibhe sa bpeil agus san iomáint, a bhformhór a bheidh ar siúl ar an Satharn.

Sé chluiche atá sa dara pacáiste, dhá cluiche i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann sa bpeil, cluiche amháin i gcraobh iomána na Mumhan agus trí chluiche craoibhe eile.

Meastar gur drochsheans go bhféadfadh TG4 na cearta a fháil ó GAAGO do na cluichí go léir, ach d’fhéadfadh go mbeadh seans níos fearr ag an stáisiún ar an bpacáiste sé chluiche.

Tuigtear nach bhfuil sé i gceist ag Sky Sports, Virgin Media nó Premier Sports cur isteach ar na cearta. D’fhéadfadh RTÉ cur isteach orthu iad féin nó d’fhéadfadh go mbeadh baint acu le craoladh na gcluichí arís trí GAAGO.

Tuairiscíodh gur léirigh TG4 suim sna cearta do chluichí craoibhe in 2022 ach mhaígh CLG gur thug an stáisiún le tuiscint dóibh nach raibh dóthain acmhainní acu le cur isteach ar na cearta áirithe sin.

Tá cluichí CLG á gcraoladh beo ar TG4 le beagnach 25 bliain anuas ach cluichí idirchontae sraithe, cluichí club, cluichí tríú leibhéal agus cluichí faoi aois amháin a bhí i gceist go dtí seo.

Anuraidh rinne TG4 craoladh ar os cionn 220 cluiche peile agus iomána agus tá an ceangal sin leis na cluichí Gaelacha, idir chluichí na mban agus chluichí na bhfear, ar cheann de na rudaí is mó a shamhlaítear leis an stáisiún.

Dúirt Kelly go raibh moladh mór tuillte ag TG4 as an obair atá déanta ag an stáisiún leis na cluichí Gaelacha agus an teanga a chur chun cinn.

“Tá an-bhá ag daoine [le TG4] agus b’fhéidir meas níos mó orthu i measc an phobail ná mar atá ar RTÉ,” ar sé.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte in aon chor go mbeadh TG4 ag déanamh an-jab ar chluichí sraithe, cluichí club, cluichí coláistí agus ansin nach bhfuil cead acu cluichí craoibhe a chraoladh. Níl sé sin féaráilte in aon chor agus ba chóir é sin a athrú.”

Deir Kelly chomh maith gur cheart cluichí ceannais na hÉireann a bheith aitheanta ag an Rialtas mar ócáidí ar gá iad a chraoladh saor in aisce i nGaeilge chomh maith le Béarla.

Tá cluichí ceannais sinsir na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh agus Corn Sacair an Domhain uile i measc na n-ócáidí atá ar liosta na n-imeachtaí ainmnithe i láthair na huaire ach níl aon dualgas ann go gcraolfaí i nGaeilge iad.

“Tá súil agam, ní amháin go mbeadh sé sin mar pholasaí ag an Rialtas, ach go mbeadh polasaí mar sin ag Cumann Lúthchleas Gael agus cumainn spóirt eile ag cur brú ar na meáin [cluichí a chraoladh i nGaeilge].”

Bíonn tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ó RTÉ ar chluichí ceannais na hÉireann ó 2015 agus an tseirbhís sin curtha ar fáil do níos mó cluichí ó shin.

Níos mó