Tá bua mór faighte ag an bpáirtí de chuid na heite fíordheise Alternative für Deutschland i dtoghchán in Thuringia in oirthear na Gearmáine.
Seo an chéad uair ón dara cogadh domhanda go mbeidh páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis i bparlaimint stáit sa Ghearmáin.
Dúirt ceannaire AfD i stát Thuringia, Björn Höcke, gur “bua stairiúil” a bhí ann.
32% den vóta a fuair an páirtí frith-inimirce, de réir na bpobalbhreitheanna díreach tar éis vótála.
Tháinig an páirtí coimeádach Críostaí, an CDU, sa dara háit agus 23% den vóta acu.
Bhí an AfD i bhfad chun cinn ar thrí pháirtí rialtais na Gearmáine ach is beag seans go n-éireoidh leis an bpáirtí de chuid na heite fíordheise rialtas a bhunú in Thuringia toisc gurbh ar éigean a bheadh páirtithe eile sásta oibriú leo.
Mar sin féin, féachfar ar thorthaí an toghcháin mar léiriú ar dhearcadh an phobail faoin rialtas roimh olltoghchán na bliana seo chugainn.
Dúirt Tino Chrupalla, ceannaire AfD i bParlaimint na Gearmáine, an Bundestag, go raibh sé soiléir go raibh “athrú” ag teastáil ó dhaoine ó thaobh na polaitíochta de.
Tháinig AfD an-ghar don bhua agus iad sa dara háit sa toghchán stáit mór eile a bhí ar siúl inné, sa tSacsain.
Tháinig CDU chun cinn ar éigean ar AfD ansin, 31.9% in aghaidh 30.6%.
Tá AfD sa dara háit sna pobalbhreitheanna náisiúnta faoi láthair chomh maith.
Tháinig an BSW, an páirtí nua de chuid na heite clé, sa tríú háit sa dá stát. Bhí drochlá ag na Glasaigh, atá sa chomhrialtas faoi láthair, agus gan acu ach 3.2% in Thuringia agus 5.2% sa tSacsain. Agus níos lú ná 5% den vóta acu in Thuringia, chaill na Glasaigh a n-áit sa pharlaimint ansin.
Dúirt méara Bheirlín, Kai Wegner ón CDU, páirtí atá sa lár ar dheis, gur “oscailt súl” a bhí sna torthaí sa dá stát.
Dúirt sé gur léiriú “uafásach” a bhí sna toghcháin stáit go bhfuil go leor daoine sa Ghearmáin a bhraitheann nach labhraíonn páirtithe daonlathacha an láir ar a son a thuilleadh.
Deir an AfD gur chóir do na páirtithe eile glacadh le toradh na vótála agus dul i mbun cainte leo faoi rialtas a bhunú in Thuringia agus sa tSacsain. Tá AfD áirithe mar pháirtí “antoisceach” go smior ag údaráis faisnéise na Gearmáine.