Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
deimhniu-ar-bith-on-aire-faoi-scrudu-nua-gaeilge-don-ardteist

Deimhniú ar bith ón Aire faoi scrúdú nua Gaeilge don Ardteist

| bill breathnach | ,

Níl an tAire Oideachais Norma Foley sásta dheimhniú an gcuirfear dhá shiollabas ar fáil do Ghaeilge na hArdteiste, mar a bhí beartaithe roimhe seo.

Sheol an tAire Foley le gairid dhá ábhar nua a bheidh ar fáil don Ardteist ón bhliain seo chugainn – Drámaíocht agus Scannánaíocht, agus Gníomhú ar son na hAeráide, ach beidh tamall eile ann sula mbeidh siollabas nua don Ghaeilge réidh le seoladh.

Bhí forbairt á déanamh ar dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist ach d’fhógair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) in earrach na bliana seo caite go raibh stop curtha leis an obair sin agus gur theastaigh uathu tuilleadh taighde a dhéanamh faoin bplean.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag CNCM tús a chur arís sna míonna romhainn leis an obair ar an bplean dhá chúrsa a thabhairt isteach don Ghaeilge, ceann a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus ceann a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

Agus í ag labhairt le déanaí faoin athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge don Ardteist, dúirt Norma Foley “go mbainfear úsáid as an deis le breathnú ar céard é an bealach is fearr ár ndaltaí a mhúineadh, chun dul i ngleic leo agus ligean dóibh a mbuanna a chur i láthair, i nGaeilge agus i dteangacha eile”.

Dúirt sí, áfach, nach féidir a dheimhniú go gcuirfear dhá shiollabas ar fáil don Ghaeilge de bharr go bhfuil “an obair seo ar siúl faoi láthair”.

Molann eagraíochtaí teanga amhail Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh dhá shiollabas don Ghaeilge ar fáil don Ardteist, ceann roghnach do litríocht na Gaeilge agus ceann éigeantach do Ghaeilge fheidhmiúil.

Deir an Conradh go mbeadh siad sásta freisin le scrúdú ‘sárleibhéil’ don Ghaeilge. Ciallaíonn sé go mbeadh mic léinn in ann scrúdú a dhéanamh a bheadh níos dúshlánaí ná an t-ardleibhéal agus go bhfaigheadh siad pointí níos airde do ghrád áirithe dá bharr.

Deir an Conradh go bhfuil gá le ceann de na polasaithe seo lena chinntiú go gcuirfear oideachas oiriúnach ar fáil do mhic léinn sa chóras oideachais lán-Ghaeilge.

Bhí sé i gceist ag CNCM curaclam nua don Ghaeilge a bheith réidh don scoilbhliain 2028/29 ach rinneadh cáineadh láidir ar na moltaí a d’eascair ón obair athbhreithnithe roimhe seo.

In 2021, d’fhoilsigh CNCM dréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteiste a mhol gur chóir siollabas amháin a chur ar fáil i scoileanna lán-Bhéarla agus siollabas níos deacra a chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge, múnla T1 agus T2 mar a tugadh air.

Tharraing na moltaí seo cáineadh ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile.

Maíodh go ngearrfadh na moltaí pionós ar scoláirí a bheadh ag fáil oideachas lán-Ghaeilge, mar go mbeadh orthu scrúdú níos deacra a dhéanamh gan aon chúiteamh breise a fháil, ar nós pointí bónais.

Dhiúltaigh an tAire Foley a rá an raibh sé ceart go mbeadh ar chainteoir dúchasach Gaeltachta an siollabas Gaeilge céanna a dhéanamh don Ardteist is a dhéanann Béarlóir sa Ghalltacht.

“Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na curaclaim ar fad le go mbeidh siad oiriúnach don 21ú haois, le cinntiú go léiríonn siad na scileanna atá ag na mic léinn agus na scileanna a bheidh uathu sa todhchaí,” a dúirt an tAire.

I bhforógra toghcháin Fhianna Fáil in 2016, gheall an páirtí go raibh siad ‘tiomanta scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht dhá rogha don Ghaeilge a chur i bhfeidhm le freastal ar riachtanais chainteoirí dúchasacha agus cainteoirí líofa eile’.

Gheall Fianna Fáil freisin go mbeadh “saoirse agus acmhainní ag scoileanna Gaeltachta le Gaeilge a mhúineadh don chainteoir dúchasach i gcaoi atá oiriúnach agus éifeachtach”.

Ní raibh na gealltanais seo luaite i bhforógra an pháirtí in 2020, áfach.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh siad “ag moladh le fada an lá go dtabharfaí isteach córas dhá shiollabas don Ghaeilge nó sárleibhéal ag leibhéal na hArdteistiméireachta”.

“Ach ba mhaith linn go dtarlódh sin mar chuid de pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal.

“Tá an cur chuige seo ríthábhachtach d’fhoghlaimeoirí le riachtanais bhreise litearthachta freisin mar go gceadaíonn sé dóibh díriú ar scileanna cumarsáide labhartha sa Ghaeilge agus aitheantas a fháil do na scileanna sin.

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais Norma Foley coiste saineolais a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí seo a fhorbairt agus leis an ngealltanas a rinne an Rialtas seo ina chlár Rialtais fhéin a chur i gcrích gan a thuilleadh moille.

Níos mó