Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
feile-na-bpuiteachai,-“an-fheile-bheag-is-blasta-in-eirinn”,-ag-filleadh-ar-inis-meain

Féile na bPuiteachaí, “an fhéile bheag is blasta in Éirinn”, ag filleadh ar Inis Meáin

| conor torboid | , ,

An Satharn beag seo beidh “an fhéile bheag is blasta in Éirinn” ag teacht ar ais go hInis Meáin agus is é “Puiteachaí agus Fataí” téama chomórtas filíochta na féile i mbliana. “Puiteachaí” a thugann muintir Inis Meáin ar sméara dubha. Déantar na torthaí seo a cheiliúradh gach bliain ó bhí 2021 ann le himeachtaí speisialta a thugann pobal na n-oileán le chéile agus a mheallann cuairteoirí go Féile na bPuiteachaí.

Ag féile na bliana seo, is féidir le daoine fásta agus páistí ar aon páirt a ghlacadh sa cheardlann ealaíne ina bpéinteáilfear le dúch puiteachaí nó sa cheardlann chócaireachta chun mionbhruar úll agus puiteachaí a dhéanamh. Beidh ceardlann chróiseála ar siúl ag Cumann Cniotála Inis Meáin inar féidir le rannpháirtithe a gcuid puiteachaí féin a chróiseáil ar fháinne eochrach, agus léireofar an dóigh a ndéantar manglaim bhlasta as puiteachaí Inis Meáin i gceardlann deochanna fosta.

Dúirt Aedín Ní Thiarnaigh, a bhunaigh an fhéile in 2021, “Is féile fíorspeisialta í Féile na bPuiteachaí sa chaoi is go ndéanann muid ceiliúradh ní hamháin ar na sméara dubha, ach ar oidhreacht agus ar shaibhreas Inis Meáin. Cuireann muid béim mhór ar chultúr agus ar scileanna an phobail ar bhealach ar féidir le cách taitneamh a bhaint astu.”

“Tá traidisiún mór filíochta ar Inis Meáin mar shampla, agus mar sin tá muid fíorbhródúil go mbíonn an comórtas filíochta lárnach san fhéile. Cuid mhór eile de chultúr Inis Meáin ná an chróiseáil, rud a shníomhann muid isteach sa sceideal chomh maith.”

Grianghraf: Ceann de na sméara dubha cróiseáilte. (Creidmheas: Aedín Ní Thiarnaigh)

Beidh Comórtas Filíochta Fhéile na bPuiteachaí ag titim amach i Halla Naomh Eoin Dé Sathairn, i measc roinnt comórtas eile fosta. Agus “Puiteachaí agus Fataí” mar théama na bliana, táthar ag súil go mbeidh baint ag dánta na rannpháirtithe leis an fhómhair agus leis na sméara dubha iad féin. Fógrófar na buaiteoirí ag oscailt oifigiúil na féile, agus beidh deis acu a gcuid dánta a rá os comhair an lucht féachána.

Anuas ar an chomórtas sin, eagrófar comórtas breá nua an bhliain seo — An Fata is Mó! Cuirfear fáilte roimh “lucht na bhfataí” an fata is mó atá acu a ghlacadh chuig an halla chun ciseán duaiseanna agus dearbhán a bhua.

Dá tharraingtí sin, is é Comórtas Bácála na féile a tharraingíonn sluaite chuig an oileán gach bliain le milseoga agus pióga blasta déanta as na puiteachaí féin. Tá dearbhán €100, €50, agus €30 le baint a bhuí le hurraíochta ó Chniotáil Inis Meáin.

“Tá rud éicint ann do chuile dhuine ag Féile na bPuiteachaí, dáiríre”, arsa Gráinne Ní Chonghaile, Comhstiúrthóir na Féile, “Is lá fíorspeisialta é. Tá ceardlann nó comórtas ann a fheileann do chuile dhuine agus chuile aoisghrúpa, agus bíonn fáilte roimh chách sa halla ar an lá chun teacht le chéile agus a bheith mar chuid den cheiliúradh.”

The post Féile na bPuiteachaí, “an fhéile bheag is blasta in Éirinn”, ag filleadh ar Inis Meáin appeared first on NÓS.

Níos mó