Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘naireach’-go-bhfuil-an-ghaeilge-fagtha-ar-lar-i-ndreachtchlar-rialtais

‘Náireach’ go bhfuil an Ghaeilge fágtha ar lár i ndréachtchlár Rialtais

| tuairisc | ,

Níl oiread is tagairt amháin don Ghaeilge i ndréachtchlár rialtais nua Fheidhmeannas Stormont

‘Náireach’ go bhfuil an Ghaeilge fágtha ar lár i ndréachtchlár Rialtais

Údar náire é nach bhfuil oiread is tagairt amháin don Ghaeilge i ndréachtchlár rialtais nua Fheidhmeannas Stormont.

Our Plan: Doing What Matters Most is teideal don dréachtchlár rialtais 88 leathanach agus deir Conradh na Gaeilge gur ríléir nach bhfuil an Ghaeilge ná cearta teanga i measc na nithe is tábhachtaí ag an bhFeidhmeannas.

Tá an eagraíocht teanga lena míshástacht a chur faoi bhráid Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire agus súil acu

go ndéanfar leasuithe “suntasacha” ar an dréachtchlár rialtais le linn an phróisis chomhairliúcháin ar cuireadh tús leis inné.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé “scannalach” nach luaitear in aon chor sa cháipéis cás na teanga, an reachtaíocht Ghaeilge, an oideachas Gaeilge, straitéis don Ghaeilge ná an gealltanas go gceapfar Coimisinéir Teanga.

“Tá sé náireach agus scannalach nach bhfuil tagairt ar bith don Ghaeilge sa dréachtchlár rialtais,” arsa Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

“Tugtar le fios i dteideal an dréachtchláir rialtais ‘Doing What Matters Most’, go bhfuil iarracht déanta ag an bhFeidhmeannas a gcuid prióireachtaí a chur i dtoll a chéile.

“Is údar mór díomá é nár tugadh áit ar a ngearrliosta 88 leathanach don Ghaeilge, don acht nua, don choimisinéir, don straitéis ná don Ghaeloideachas.

“Tá a fhios againn go mbeadh plé déanta ar na ceisteanna seo le linn an phróisis dréachtaithe agus is léir mar sin go raibh comhaontú ann go leanfaí ar aghaidh gan aon tagairt a dhéanamh don teanga.”

“Bhíomar sa chás seo cheana agus tuigimid mar phobal gur gá dúinn an fód a sheasamh.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh gur sochaí ina mbeadh cothrom na Féinne ar fáil do chách a theastaigh, sochaí ina léireofaí meas ar chearta teanga. Dúirt sé gur gealladh “arís agus arís eile” go dtacófaí le cearta teanga ach gur léir go gcaithfí an t-athrú sin a éileamh athuair.

Ar na gealltanais atá sa dréachtchlár rialtais deirtear go gcuirfear borradh faoin ngeilleagar ionas go mbeidh sé ina gheilleagar iomaíoch inbhuanaithe domhanda.

Gealltar seirbhís cúraim leanaí níos fearr ar chostas inacmhainne agus go laghdófar líon na ndaoine atá ar liostaí feithimh sa chóras sláinte.

Deirtear go gcuirfear deireadh leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní.

Deirtear go gcuirfear tacaíocht níos fearr ar fáil do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Maítear go gcuirfear níos mó tithe sóisialta agus inacmhainne ar fáil agus go gcuirfear feabhas mór ar an gcóras seirbhísí poiblí agus ar an gcóras iompair poiblí. Gealltar go ndéanfaí níos sábháilte pobal an Tuaiscirt agus go dtabharfaí cosaint don timpeallacht agus do Loch nEathach.

Níos mó