Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
rosc-catha-ar-son-an-neamhspleachais-eisithe-ag-griogair-agus-alan-cumming

Rosc catha ar son an neamhspleáchais eisithe ag Griogair agus Alan Cumming

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

10 mbliana ó reáchtáladh an reifreann cinniúnach ar neamhspleáchas na hAlban, tá amhrán úrnua seolta ag an cheoltóir aitheanta Gàidhlig Griogair Labhruidh, in éineacht leis an aisteoir cáiliúil Alan Cumming, ar mhaithe le spiorad na saoirse a lasadh sa tír athuair.

‘2014’ is teideal don traic ina bhfuil meascán bríomhar den phíobaireacht agus den hip-hop, mar aon le liricí géara faoin vóta mór, go háirithe faoi na bréaga a scaip rialtas Londan faoin neamhspleáchas ag an am agus ó shin.

“Bliadhna nam breug” a thugann Griogair ar 2014 sa chéad líne den amhrán agus leanann sé cinn de véarsaí i nGàidhlig bhinn bhiorach le cois blúirí de Bhéarla cliste ó Alan, a bhfuil clú bainte amach aige as a ról sa seó The Good Wife agus i gcláracha go leor.

Casadh an bheirt ar a chéile le linn na sraithe Miriam and Alan: Lost in Scotland and Beyond, a craoladh ar Channel 4, agus nuair a d’iarr Griogair ar Alan a bheith ag comhoibriú leis ar a shaothar nua, thapaigh an t-aisteoir an deis ar an toirt.

“Tá dúil mhór agam i gceol Ghriogair agus san obair a dhéanann sé leis an Ghàidhlig a choinneáil beoga agus i mbéal an phobail,” arsa Alan.

“Mar dhuine a thacaíonn le neamhspleáchas na hAlban, tá frustrachas mór orm, mar atá ar Ghriogair, maidir leis na gealltanais bhréagacha a tugadh dúinn díreach roimh an reifreann in 2014.”

Deir an bheirt gur rabhadh atá san amhrán faoin mhéid atá Westminster toilteanach a dhéanamh chun an dubh a chur ina gheal ar na hAlbanaigh i dtaca lena dtodhchaí féin agus, ag an am céanna, gur rosc catha é chun athbheochan a dhéanamh ar an phlé faoin neamhspleáchas.

Is amhránaí agus píobaire é Griogair a bhfuil an-aithne air ar an taobh seo de Shruth na Maoile agus is é ‘2014’ an chéad eisiúint óna albam aonair, SOLACE, a bheidh le cluinstin ina iomláine i mí Feabhra 2025.

Is féidir cuidiú le togra an albaim anseo.

Tá an comóradh ar an reifreann, a chaill lucht ‘Bu chòir’ 45% i gcoinne 55%, i ndiaidh suim as an úr a chothú i gceist an neamhspleáchais.

Dar le suirbhé a foilsíodh inné gur mhaith leis an chuid is mó de mhuintir na hAlban reifreann eile a bheith acu taobh istigh de 10 mbliana.

The post Rosc catha ar son an neamhspleáchais eisithe ag Griogair agus Alan Cumming appeared first on NÓS.

Níos mó