Maraíodh ar a laghad 558 duine ar a laghad agus goineadh os cionn 1,800 eile sna haerionsaithe atá á ndéanamh ag Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin ón lá inné, de réir ráiteas ó aireacht sláinte na Liobáine.
Maraíodh 50 páiste agus 94 bean sa sa bhombardú is measa atá déanta ag Iosrael ar an Liobáin le scór blianta.
Maraíodh i gcoimhlint an lae inné níos mó daoine sa Liobáin ná mar a maraíodh in aon lá amháin ó deireadh an chogaidh chathartha ansin i 1990.
Tá sé ina imní mhór go n-iompóidh sé ina chogadh amach is amach idir Iosrael agus Hezbollah, tráth nach bhfuil stad ná staonadh ar an gcoimhlint in Gaza.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le muintir na tíre gur complicated days” a bhí rompu.
Lean aerfhórsa Iosrael lena gcuid ionsaithe inniu, Dé Máirt, agus mhaígh an IDF (Fórsa Cosanta Iosrael) gur bhuail siad 1,600 targaid a raibh baint acu le sceimhlitheoireacht.
Dúirt lucht míleata go raibh ionsaí a raibh targaid ar leith leis déanta acu ar Beirut, príomhchathair na Liobáine.
Lean Hezbollah orthu ag scaoileadh roicéad le Tuaisceart Iosrael, áit a raibh roinnt tinte de thoradh na n-ionsaithe. Dúirt Hezbollah go raibh na hionsaithe dírithe ar bhunáiteanna míleata i dtuaisceart Iosrael agus gur mar fhreagra ar “ionsaithe naimhdeacha” a bhí siad.
I ndeisceart na Liobáine thug daoine aghaidh ó thuaidh agus iad ar a dteitheadh ón mbombardú.
Dúirt cuid acu go bhfuair siad teachtaireachtaí téacs ó údaráis mhíleata ag tabhairt rabhadh dóibh an baile a fhágáil.
Deir na húdaráis in Iosrael gurb í an aidhm atá acu leis an bhfeachtas buamála is déanaí seo na mílte lonnaitheoirí Iosraelacha a ruaigeadh as a gceantair sa tuaisceart a thabhairt ar ais ansin.
Tá sé ina imní nach bhfuil sna hionsaithe seo ach an chéad bhuille d’ionsaí i bhfad níos measa agus go bhféadfadh Iosrael ionsaí a dhéanamh ar an talamh i ndeisceart na Liobáine in iarracht na trodairí a ruaigeadh as ceantar na teorann idir an dá thír.