Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
stair-ghaelach-vestmannaeyjar,-baile-duchais-hallgrimsson

Stair Ghaelach Vestmannaeyjar, baile dúchais Hallgrímsson

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Rachaidh Éire agus Sasana chun páirce tráthnóna i Sraith UEFA na Náisiún ach is ar Íoslannach fir a bheidh cuid mhór den aird ag lucht tacaíochta na hÉireann.

Is é cluiche an lae inniu i Staid Aviva an chéad uair a bheidh Heimir Hallgrímsson i gceannas ar an fhoireann náisiúnta sacair ó tháinig sé i gcomharbacht ar John O’Shea le linn an tsamhraidh.

Ní beag an dúshlán atá roimh Hallgrímsson, a bhí ina bhainisteoir ar Iamáice agus ar an Íoslainn féin roimhe seo, ach i bhfianaise an mhéid a dúirt sé ag an phreasócáid réamhchluiche inné tá sé ag dúil go mór lena bhfuil i ndán dó.

Má tá sé anois i lár an aonaigh sa tír seo agus é i gceann de na poist is mó i saol spóirt na hÉireann, ní sin an t-aon nasc atá ag Hallgrímsson le hÉirinn.

‘Vestmannaeyjar’ an t-ainm atá ar an oileánra beag amach ó chósta theas na hÍoslainne ar rugadh agus ar tógadh ann é.

‘Oileáin Fhir an Iarthair’ is ciall don logainm agus is do Ghaeil na hÉireann agus na hAlban atá an mhír ‘Vestmann’ ag tagairt.

Is é sin an t-ainm a thug na Lochlannaigh ar na Gaeil ag an am mar gurbh as an Iarthar iad i gcomparáid le Críoch Lochlann féin.

Agus cén fáth ar baisteadh na hoileáin bheaga seo as na Gaeil?

Ar ndóigh, dar le lámhscríbhinní ársa na Lochlannach go raibh manaigh Éireannacha san Íoslainn sular bhain siad féin an t-oileán amach sa 9ú céad ach is cosúil gur le hÉireannaigh eile a bhaineann na Vestmannaeyjar, sclábhaithe Gaelacha le bheith beacht.

Ingólfur Arnarson ab ainm don chéad Lochlannach a lonnaigh san Íoslainn agus bhí bráthair gaoil aige darbh ainm Hjörleifur.

Mar ba dhual do na Lochlannaigh ag an am, bhí tráileanna, nó sclábhaithe, ag Hjörleifur – Gaeil a bhí iontu a fuadaíodh ar cheann de na ruathair a thug Hjörleifur ar Éirinn.

Tharla sé áfach gur mharaigh na sclábhaithe Gaelacha seo Hjörleifur i ndeisceart na hÍoslainne in 875 sular theith siad go dtí na hoileáin bheaga amach ón chósta, áit ar maraíodh a bhformhór tamall ina dhiaidh sin.

Scéal tragóideach gan aon agó ach léiríonn sé an dlúthnasc idir na Gaeil agus muintir na hÍoslainne, agus tá an tionchar sin go fóill le brath in ainm an oileanrá agus i stair an cheantair.

Ní fios cé acu an raibh nó nach raibh an seancheangal sin le hÉirinn i gcúl a chinn ag Hallgrímsson nuair a ghlac sé le post an bhainisteora ach beidh muid uilig ag súil gur comhoibriú fóinteach seachas slad fuilteach a bheidh roimhe féin agus a chuid imreoirí Éireannacha i mBaile Átha Cliath anocht.

Éire abú!

The post Stair Ghaelach Vestmannaeyjar, baile dúchais Hallgrímsson appeared first on NÓS.

Níos mó